Bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht oinigh ar an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill, fear léinn agus iar-eagarthóir An tUltach, ar na mallaibh.
Is é an Dr Malachy Ó Néill, iarscoláire de chuid an tsagairt léannta, a chuir chun tosaigh é ag searmanas bronnta i dTeach Altranais an Mhuine Mhóir ar an 30ú Bealtaine, áit a bhfuil an tAthair Harry ag teacht chuige féin i ndiaidh babhta tinnis. Go deimhin, is ar an óráid a thug Malachy ar an lá mhór atá an t-alt seo bunaithe.
“Is aitheantas é seo ar an obair iontach atá déanta ag Harry le linn a shaoil ar son na Gaeilge agus ar son lucht foghlama na teanga,” ar sé.

Ag an ócáid, moladh an tAthair Harry, a bhfuil breis agus 70 leabhar foilsithe aige, as an spreagadh a thug sé do na glúine d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá léitheoirí na linne seo in ann dul i ngleic le téacsanna ón mheánaois mar gheall ar a mhórshaothar, Díolaim Próis, 1450-1850 (1972), inar cuireadh Gaeilge an lae inniu ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.
Is seoid ar leith í Deismir: Cnuasach de Chora Cainte agus de Nathain i nGaeilge Uladh (2000) don té ar mian leis saibhreas na Gaeilge a thabhairt leis. Go deimhin, bíonn an leabhar Rogha agus Togha (1975) go fóill in úsáid i ranganna sa lá atá inniu ann.
Rugadh Harry i 1940 agus ba é an t-aon duine clainne é ag Henry agus Sarah Coyle, dugaire agus oibrí monarchan, as cathair Dhoire. Tógadh ar Thaobh an Uisce é agus ní raibh sé ach trí bliana déag d’aois nuair a d’éag a mháthair.
Ba ghnách leis an samhradh a chaitheamh i Rann na Feirste. Rinne sé staidéar ar an Fhraincis, ar an Laidin agus ar an Ghaeilge don Ardleibhéal agus bhain sé bunchéim agus céim mháistreachta amach in Ollscoil na Banríona, áit a ndearna sé staidéar ar theangacha Ceilteacha. Chuir sé seal isteach mar chúntóir taighde ag an Ollamh Heinrich Wagner agus suirbhéireacht teangeolaíochta chuimsitheach á déanamh aige ar chanúintí na hÉireann (Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects).
Shiúil Harry Éire ag dul don obair seo. Chaith sé fómhar 1962 i gCiarraí ag taifeadadh canúintí Dhún Chaoin agus na mBlascaod. An bhliain ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar Chonamara leis an chineál chéanna oibre a dhéanamh. Sa bhliain 1964, is i nGleann Cholm Cille a bhí sé. I rith an ama sin (1962-65), d’fhilleadh sé ar a chathair dhúchais le ranganna Gaeilge a mhúineadh i gColáiste Mhig Aoidh.

Ceapadh ina mhúinteoir Fraincise agus Gaeilge é in Acadamh na mBuachaillí i nDún Geanainn i 1965. Spreagadh é le háiseanna teagaisc a chur le chéile ar mhaithe lena dhaltaí féin, agus bhí, agus bíonn, na háiseanna céanna sin in úsáid ag múinteoirí Gaeilge ar fud na cruinne: Lúth na Teanga (1972), Taisteal agus Iompar in Éirinn (1974), Fíorscéal agus Finscéal (1976), Saol Ár Linne (1977), Éadáil (1979) agus an tsraith Fás (1976-79).
Chuaigh Harry leis an tsagartóireacht i 1977 agus rinneadh sagart de sa bhliain 1980. D’fhill sé ar a bheith ag múineadh i nDún Geanainn trí bliana ina dhiaidh sin. Ba mhúinteoir é ar chúrsaí samhraidh i Rann na Feirste, in Anagaire agus i nGleann Bhairr.
Chaith sé seal fada ina eagarthóir ar An tUltach, 1965 go 1977, agus is iomaí áis a chuir sé ar fáil do lucht na Gaeilge i rith an ama: téacsleabhar, ábhar léitheoireachta, filíocht, agus leabhair do pháistí. Fiú nuair a bualadh go trom le stróc é i 1992, lean Harry air ag dul don obair. D’fhoilsigh sé eagráin nua de mhórshaothar scríbhneoirí Conallacha: Fiach Fánach (1992), Cnuasach na Finne (1993), Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997), Na Rosa go Brách (1997), Eadarbhaile (1998) agus Scéalta Johnny Shéamaisín (2004). Tá roinnt leabhar aistrithe ón Fhraincis aige chomh maith – Les Oberlé (1996), Le Grand Meaulnes (2001) agus Thérèse Desqueyroux (2008). Tá go leor ábhair foilsithe aige ar chúrsaí eaglasta, Pápaí an Fichiú hAois (2002) san áireamh.
D’aistrigh Harry go dtí an Lúb i gContae Dhoire, an paróiste céanna ina raibh fathach eile i saol na Gaeilge lonnaithe, an Dr Diarmaid Ó Doibhlin a cailleadh ar na mallaibh. Ba é Diarmaid a sheol Féilscríbhinn Anraí Mhic Giolla Chomhaill in 2011. Cnuasach aistí le naonúr scoláire dhéag atá ann, arna chur in eagar ag an Mhoinsíneoir Réamonn Ó Muireadhaigh.
Tá airchív an Athar Harry, bailiúchán nach beag, tugtha aige do Leabharlann an Chairdinéil Thomáis Uí Fhiaich in Ard Mhacha. Tá ómós léirithe dó ag eagrais éagsúla ina chathair dhúchais: Éigse Cholm Cille, a bhronn Gradam na hÉigse air in 2009 as a obair léinn, Comhairle Cathrach Dhoire, agus anois Ollscoil Uladh.
Gnímid comhghairdeas agus buíochas ó chroí leis.
