Ceachtanna Cearta Teanga ó Cheanada

Mar chuid de scoláireacht Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada, chaith Colm Ó Duifinn naoi mí ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Toronto, gur shiúil roinnt den tír le linn an ama sin. Lá Cheanada atá ann ar an 1ú Iúil (ach ní dhéantar mórán de cheiliúradh air in Québec). Tá aird ar leith anseo ar an tír sin ó tharla an Príomhaire Justin Trudeau a bheith ag teacht ar cuairt go hÉirinn an tseachtain seo chugainn. I bhfianaise na gluaiseachta ar son acht Gaeilge, caitheann Colm súil ar chearta teanga i gCeanada go bhfiosraíonn na ceachtanna atá le foghlaim againne óna dturas i dtreo an chomhionannais.

Is mór iad na buanna beaga i dteannta a chéile

Bhí mo chéad seimeastar teagaisc i gCeanada curtha díom agus chinn mé ar thuras beag a thabhairt soir go cathair Québec sula bhfillfinn abhaile don Nollaig.

Siúd liom, mé féin, mo chóta mór trom, mo bhuataisí crua sneachta agus mo chrothán meirgeach Fraincise.

Dar liom gur dheas cúinne beag álainn den tír a fheiceáil agus mo chuid Fraincise a mhúscailt as a tromshuan.

Níor shíl mé áfach, go ndéanfadh an turas beag gearr sin mo shúile dom i dtaca leis na cosúlachtaí láidre atá ann idir Éire agus Ceanada de. Ach cluinfidh tú.

Agus mé ar mo sheachaint ó fhuacht brúidiúil neamhthrócaireach an gheimhridh, casadh orm seanfhear de mhuintir na háite i gcaifé beag cluthar.

Bhí an oiread Fraincise agamsa agus a bhí de Bhéarla aigesean ach streachail muid tríd an chomhrá chomh maith agus a tháinig linn – eisean ag tabhairt cluas fhoighneach éisteachta do mo chuid ‘Fraincise’.

D’éirigh linn bua a fháil ar an chiotaí chumarsáide dá mb’amscaí féin é. Eisean ag insint domsa faoi Grosse Île, an áit ar coinníodh muintir na hÉireann a bhí ag éalú ón Ghorta Mhór, arbh ionann é ag an am agus Oileán Ellis Mheiriceá. Mise ag insint dósan cad é mo ghnó i gCeanada, faoin Ghaeilge agus faoi chultúr ár dtíre.

Ansin leath a gháire air, gáire a chuir le roic a aghaidhe mar a dhéanfadh cloch cuilithíní beaga ar loch. “Rue McMahon! Rue McMahon!” ar seisean go hard. “Caithfidh tú dul ann! Caithfidh tú dul ann!” agus gach ‘au droit’ agus ‘à gauche’ aige.

Amach liom go ndearna caol díreach ar shráid McMahon.

Ach cad é a bheadh romham?

Cad chuige a raibh sé chomh tógtha sin faoi?

Tá, Cros Cheilteach a bhronn muintir na hÉireann ar mhuintir Québec ar scáth a ndearna siad ar son mhuintir na hÉireann am an Ghorta Mhóir.

Ach ba í an inscríbhinn ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm. Sna trí theanga a bhí sí. Gaeilge. Fraincis. Béarla. A cheart tugtha don triúr acu.
Collage

Sheas mé in áit na mbonn, nó chuir sé a smaoineamh mé faoin am a bhí caite agam i gCeanada go dtí sin. Smaoinigh mé ar na cultúir dhifriúla a bhí sa tír. Smaoinigh mé ar stádas na Fraincise sa tír. Agus smaoinigh mé chomh maith ar scéal na Gaeilge in Éirinn.

Cé go bhfuil stádas oifigiúil ag an Fhraincis in institiúidí Parlaiminte agus rialtais ar fud Cheanada, tá scéal an dátheangachais casta go maith nó tá na dlíthe éagsúil óna chéile i réigiúin dhifriúla na tíre.

Glacaimis New Brunswick mar shampla, áit a bhfuil an dá theanga ar comhchéim ar fad ar fad agus na cearta ceannann céanna dlite don dá theanga sa reachtaíocht agus i gcúrsaí riaracháin araon.

I gceantair dála Ontario, socraíodh go mbeadh paistí áirithe den réigiún ina mbeadh duine i dteideal seirbhís iomlán a fháil i bhFraincis nó i mBéarla.

Ach is in Québec is mó a chuir mé spéis nó is ann a sheas lucht labhartha na Fraincise an fód go diongbháilte ar son na teanga. Chonacthas dóibh gur fágadh ar leathchois ar fad iad le fada an lá i dtaca le cearta teanga agus cultúir de gur bhunaigh an ‘Réabhlóid Chiúin’ ag tús na seascaidí le dúshlán na n-údarás a thabhairt.

B’olc mar a baisteadh é, áfach, nó bhí sí chomh ciúin céanna leis an 12,000 a shiúil sráideanna Bhéal Feirste ar an Lá Dearg ar an 20 Bealtaine!

Québec agóid 2

Bhrúigh siad go dána neamhleithscéalach ar an doicheall. B’iomaí sin cur ó dhoras agus droim láimhe a tugadh dóibh. Ach níor chuir sin dá mbuille iad.

Bua beag ar bhua beag a thóg siad caisleán a gceart.

Agus d’éirigh leo. Sa deireadh.

1969: Bille 63. Bille a d’éiligh go mbeadh ar gach páiste in aois scoile buneolas a bheith acu ar an Fhraincis. Bua beag.

1974: Bille 22. Cinntíodh gurb í an Fhraincis teanga an riaracháin phoiblí in Québec. Bua níos mó.

1977: Bille 101. An bille is tábhachtaí maidir le cearta teanga na Fraincise in Québec, nó achtaíodh gurb í an Fhraincis teanga oifigiúil Québec, cuireadh bac ar chomharthaí Béarla agus tá go leor forálacha eile ann nach luaim.

Go deimhin thug mé féin faoi deara gur bheag Béarla a bhí i gcathair Québec agus ba lú arís an méid a chluinfeá nó a d’fheicfeá ag dul níos faide soir sa réigiún duit.

Ach níor thar oíche a bhain siad amach an stádas eisceachtúil sin a bhí uathu.

Agus glacfaidh sé am abhus anseo chomh maith.

Bua beag ar bhua beag go díreach.

Tá ag éirí leis na hagóidí, leis na mórshiúlta, leis na cásanna cúirte.

Mórshiúlta in Iúr Cinn Trá, Cnoc an Anfa, Doire. Buanna beaga. Buanna beaga tábhachtacha.

Tromlach an Tionóil i bhfabhar acht Gaeilge. Bua eile.

An Lá Dearg. Bua éachtach.

Anois tá cóir láidir ghaoithe i seolta gach Gaeilgeora ó thuaidh dá réir, nó is mór iad na buanna beaga sin i dteannta a chéile.

Agus mé ag caint le mo chara in Québec faoina dtroid siúd ar son a gceart agus é ag fás aníos, dúirt sé rud liom a bhain macalla as mo chluasa ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin agus d’fhéad muidne abhus anseo gan dearmad a dhéanamh ar a ghaois.

“Bhí eagla orthu (na daoine a bhí ag cur ina n-éadan) roimh an chomhionannas teanga toisc go díreach go raibh eagla ar a muintir a tháinig rompu. Ní raibh uainn riamh ach meas dár dteanga agus dár bpobal. Am agus foighne. Am agus foighne, a mhac. Sin a dteastaíonn. Agus bhí ár lá linn sa deireadh.”

Abair do sháith de sin!

Québec agóid

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s