FÍSEÁIN: Tuairisc Pobal ar riachtanais ghrúpaí Gaeilge

Sheol Pobal tuairisc inniu, a rinne siad ar son Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, faoi riachtanais na n-eagras Gaeilge i mBéal Feirste. ‘Iniúchadh agus Measúnú Riachtanas na nGrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste’ an teideal atá ar an tuairisc.

Janet Muller, Pobal

Mhínigh Janet Muller ó Pobal dúinn gurb é sprioc an taighde léargas níos cuimsithí a thabhairt do ranna stáit, do chomhlachtaí poiblí agus do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar earnáil na Gaeilge. Tá eolas ann faoi na heagrais féin, faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus faoi úsáideoirí na seirbhísí sin.

Pléitear fosta na deacrachtaí atá ag na heagrais agus na riachtanais traenála atá acu. Tugtar léargas ar an dearcadh atá acu ar chúrsaí maoinithe agus ar an bhealach chun tosaigh.

Dar le Janet, tá lucht na Gaeilge sa chathair cleachta faoin am seo le réimse leathan seiribhísí sa teanga, ach go bhfuil dearmad déanta acu nach é an stát a chuireann na seirbhísí sin ar fáil.

Chuirfeadh sé iontas ort, a dúirt sí, a leithne agus a éagsúla atá obair na ngrúpaí ar fad. Tá siad beo bríomhar agus cuireann siad go mór le saol na cathrach, a dúirt Janet.

Janei Muller, Pobal

 

Séamus Mac Seáin, gníomhaí teanga

Tá pobal na Gaeilge róbhog. Lig siad do na grúpaí polaitíochta seilbh a thógáil ar Fhoras na Gaeilge, rud nach raibh chun a leasa. Sin tuairim Shéamuis Mhic Sheáin, gníomhaí teanga i mBéal Feirste a sheol tuairisc Pobal inniu.

Dúirt sé nach raibh tionchar ag an ghluaiseacht neamhspleách ar obair ná ar chinntí an Fhorais. Ach ó tharla go bhfuil ré úr linn anois ó thaobh na polaitíochta agus na teanga de, tá sé in am ag an ghluaiseacht neamhspleách labhairt amach agus cur ar a son féin sa dóigh nach mbeidh cúrsaí chomh teoranta agus a bhí go dtí seo.

Séamus Mac Seáin, gníomhaí teanga

 

Jacaí de Brún, Comhairleoir Oideachais, An tÁisaonad

Labhair Jacaí de Brún, atá mar Chomhairleoir Oideachais san Áisaonad, faoi na háiseanna oideachais a chuireann an t-eagras sin ar fáil. Mhínigh sí nach scéal simplí é téacsleabhair agus leabhair léitheoireachta a chur ar fáil i nGaeilge. Ní leor iad a aistriú mar tá comhthéacs foghlama na teanga ag páistí i scoileanna lán-Ghaeilge difriúil ar fad leis an chomhthéacs ina sealbhaíonn siad an Béarla.

Liostaigh Jacaí na maoinitheoirí atá ag an Áisaonad. Níl an Roinn Oideachais ina measc, diomaite de £2,000 a fhaigheann siad ó C2K mar chuid de chonradh gearrthéarmach.

Faigheann an tÁisaonad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choláiste Naomh Muire. Tugann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tacaíocht dóibh fosta lena gcuid áiseanna a chur in oiriúint do scoileanna taobh amuigh de Chúige Uladh.

Léigh Jacaí leabhar le David Bellos, aistritheoir, ar na mallaibh ina bhfuil trácht déanta ar an infheistíocht a dhéanann rialtais i dteangacha. Tá meafar sa leabhar faoi na dóigheanna difriúla a gcaitear le teangacha: mar a bheadh uisce i dtanc ann, é srianta, nó mar uisce reatha in abhainn.

Mothaíonn Jacaí gur féidir an meafar sin a chur i bhfeidhm i gcás na Gaeilge in Éirinn: tá airgead mór infheistithe le tamall de bhlianta anuas i bhfoclóirí nua, gan go leor a bheith curtha ar fáil le háiseanna oideachais a fhorbairt.

Tuilleadh "FÍSEÁIN: Tuairisc Pobal ar riachtanais ghrúpaí Gaeilge"

Spúnóigín siúcra

Máire Zepf Ar dtús, tagann, “Glan do sheomra!” Ansin i nguth giota níos callánaí bíonn, “Níor ghlan tú go fóill é! – déan anois é!” In amanna, bíonn bagairt nó breabanna mar an chéad rud eile. Ach teipeann orthu fosta. Tuilleadh scairtí. Agus go fóill, tá an seomra ina chró muc. Tá bréagáin mar a bheadh confetti spréite ar an urlár […]

Tuilleadh "Spúnóigín siúcra"