Tá léirmheas déanta ag Alan Titley ar an leabhar Jimín Mháire Thaidhg leis An Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha, 1883-1964). Is féidir é a léamh ach cliceáil anseo. Tá an léirmheas le fáil fosta in eagrán an tSamhraidh, 2017 de An tUltach.
Toradh ar obair ag grúpa daoine ard-oilte é an leabhar Jimín Mháire Thaidhg a seoladh Dé Sathairn, an 30ú Meán Fómhair i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Tá dhá leagan curtha ag fáil ag an tSnáthaid Mhór, teach foilseacháin atá lonnaithe i mBéal Feirste ar le Caitríona Nic Sheáin as Bóthar Seoighe agus Andrew Whitson é. Tá leagan caighdeánach ann, mar aon le leagan i gcanúint Chiarraí.
Is é Andrew a rinne an maisiú agus is í Ríona Nic Congáil, léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a chuir an téacs in eagar.
An Dr Gabrielle Nig Uidhir, léachtóir sinsearach gaeloideachais i gColáiste Naomh Muire, a sheol an leabhar i mBéal Feirste.
Léigh léirmheas Alan Titley anseo.