Tá scéim úr ag Foras na Gaeilge le hairgead a chur ar fáil do ghrúpaí a eagraíonn cláir ghníomhaíochtaí do dhaoine fásta.
Is é is aidhm leis an scéim ‘Grúpaí le Gaeilge’ deiseanna a mhéadú don phobal úsáid a bhaint as an Ghaeilge mar theanga shóisialta agus phobail.
Ní thabharfar maoiniú faoi choinne ranganna Gaeilge ach measfar iarratais ó choistí pobail le gníomhaíochtaí éagsúla sainspéise a reáchtáil, bíodh spórt, na healaíona nó eile i gceist.
“Tá sé mar aidhm againn tacú le grúpaí a théann i mbun gníomhaíochtaí éagsúla, bíodh sin trí ióga, gníomhaíochtaí spóirt nó club leabhar,” arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais.
Tá an scéim oscailte do ghrúpaí ar fud na hÉireann, cinn nuabhunaithe agus iad siúd atá ar an fhód le tamall araon.
Den chéad uair riamh beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ón phobal trína shuíomh gréasáin, rud a éascóidh an phróiseas iarratais go mór.
Tá ról comhairliúcháin ag An tOireachtas i reáchtáil na scéime. Tabharfaidh siad tacaíocht, comhairle agus cúnamh do choistí pobail ar suim leo iarratas a dhéanamh.
“Tá tábhacht agus fiúntas ar leith le forbairt na gclubanna siúlóide, reatha, cócaireachta agus go leor sainspéiseanna eile timpeall na tíre,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.
Glacfar le hiarratais suas go dtí meán lae ar an 1 Nollaig 2017 agus is féidir suas le £650/€800 a fháil le gníomhaíochtaí sainspéise a reáchtáil.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin scéim Grúpaí le Gaeilge anseo.
Hello guys, my name is Adna!
I`m a professional writer and I`m going to change your lifes onсe and for all
Writing has been my passion since early childhood and now I can`t imagine my life without it.
Most of my poems were sold throughout Canada, USA, Old England and even Australia. Also I`m working with services that help people to save their time.
People ask me “Sir, Adna, I need your professional help” and I always accept the request, `cause I know, that only I can save their time!
Academic Writer – Adna – http://www.sciencesforensiques.comCorps