Dúirt an t-eagras abhcóideachta Pobal inniu go mbeidh ar na páirtithe atá ar son acht Gaeilge “brú ollmhór” a chur le “difear a dhéanamh” maidir ceist an achta i bhfianaise an chomhaontaithe atá déanta ag an Pháirtí Choimeádach leis an DUP.
Dar le Pobal, beidh ar Chomhaltaí Tofa Tionóil atá báúil don Ghaeilge tionchar thar a bheith “cumhachtach” a imirt ar Rialtas na Breataine i dtaca leis an acht.
Tháinig ionadaithe ó chúig pháirtí polaitíochta – Páirtí na Comhghuillíochta, an Páirtí Glas, Sinn Féin, SDLP agus an Pobal Seachas Brabús – le chéile inniu in ionad ealaíon an MAC i mBéal Feirste lena dtacaíocht d’acht don Ghaeilge amháin a léiriú ag ócáid a d’eagraigh Conradh na Gaeilge.
Chuir Janet Muller, Stiúrthóir Pobal, fáilte roimh thacaíocht na bpáirtithe.
“Is maith go bhfuil cúig pháirtí ag rá go dtacaíonn siad linn,” ar sí, “ach mar is eol do chách, b’iad i gcónaí an dá pháirtí eile, na páirtithe aontachtacha, a chuir in éadan Acht na Gaeilge ag leibhéal an Tionóil.
“Faraor, tá an DUP agus an UUP go fóill i gcoinne na reachtaíochta teanga. Agus beart déanta idir na Coimeádaigh agus an DUP roinnt seachtainí ó shin, is léir go nglacfaidh sé brú ollmhór ó na páirtithe atá báúil don teanga le difear a dhéanamh.”
Ghabh Janet Muller buíochas leis na cúig pháirtí atá ag tacú le hacht Gaeilge. D’iarr sí orthu fosta “a chur in iúl nach bpillfidh siad ar Stormont gan acht Gaeilge bunaithe ar mholtaí saineolacha Pobal a aontú roimh ré.”