Murdair Mhám Trasna: léiriú ar éagóir

“Feicfear na daoine ar fad mar ‘dhaoine daonna’ agus tuigfear scála an iomrall ceartais a bhí i gceist.”

Sin an tionchar a bheidh ag an fhadscannán úr, ‘Murdair Mhám Trasna’, a sheolfar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo, dar le Seán Ó Cuirreáin. Tá an scannán bunaithe ar leabhar leis an iar-Choimisinéir Teanga, Éagóir, atá ar ghearrliosta an mhórghradam liteartha ag an Oireachtas fosta i mbliana.

Ríomhann an leabhar agus an scannán faisnéise/drámaíochta, atá léirithe ag Rosg, imeachtaí i gceann de na cásanna ba éagóraí ar fad i stair dhlí na Breataine, mar a thug an staraí Robert Kee air. Dúnmharaíodh cúigear den teaghlach céanna i Mám Trasna in 1882, ar an teorainn idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Mar gheall ar chásanna cúirte ina dhiaidh sin, crochadh triúr agus gearradh téarma príosúnachta ar chúigear eile as coireanna tromchúiseacha nach raibh siad ciontach iontu.

Bhí na cásanna bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Rinneadh feall ar na cainteoirí aonteangacha Gaeilge a bhí á dtriail nuair a éisteadh an cás i mBéarla gan aistriúchán ná ateangaireacht mar is ceart a bheith curtha ar fáil dóibh.

Maolra Seoighe
An t-aisteoir Dara Devaney sa pháirt mar Mhaolra Seoighe, fear a crochadh san éagóir.

Mhínigh Seán Ó Cuirreáin an fáth ar thug sé faoi Éagóir a scríobh sa chéad dul síos. “Ar chuireadh ó Chois Life a scríobh mé an leabhar. Bhí cúpla leabhar scríofa roimhe seo i mBéarla faoin eachtra ach iad as cló le fada; níor scríobhadh aon leabhar i nGaeilge faoi na dúnmharuithe roimhe seo. Mheas mé go raibh scéal suntasach ann arbh fhiú é a insint agus chuir mé romham féin dul siar chuig na bunfhoinsí sna cartlanna agus sna leabharlanna le heolas a fháil.  Bhí nuachtáin an ama ina chuidiú mór agam chomh maith le taifid na gcúirteanna agus na díospóireachtaí parlaiminte.”

Maidir leis an scannán, d’eascair sé sin as comhrá le Ciarán Ó Cofaigh ó Rosg, comhlacht teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal. Dúirt Ciarán go raibh suim aige sa scéal “i gcónaí” ach is é an t-ardmheas atá aige ar obair Sheáin Uí Chuirreáin “an chúis is mó” a bhí aige le tabhairt faoin scéal a insint trí léiriú scannánaíochta. Dar leis, tá trí scéal fite ina chéile in ‘Murdair Mhám Trasna’: “dúrún dúnmharaithe, dráma cúirte agus caimiléireacht pholaitíochta”.

Is ról comhairleoireachta a bhí ag Seán agus an scannán á dhéanamh, ach bhí baint mhór aige leis an ghné fhaisnéiseach de. “Is mé a rinne na hagallaimh ar fad leis na haíonna éagsúla,” ar sé. Tá an tUachtarán Michael D. Ó Uiginn orthu siúd a bhí faoi agallamh aige.

Tharla eachtraí uafásacha Mhám Trasna breis agus 135 bliain ó shin, ach measann Seán agus Ciarán araon go bhfuil ceachtanna ann don lucht féachana sa lá atá inniu ann.

“Tá ceachtanna ann ó thaobh cearta teanga, ní hamháin anseo ach i dtíortha eile chomh maith,” dar le Seán, a bhí ina bhall de chumann idirnáisiúnta de choimisinéirí teanga le linn dó féin a bheith sa ról sin sa tír seo.

“Ní féidir go mbeadh cothrom na Féinne ann nuair a chuirtear daoine ar a dtriail i dteanga nach bhfuil aon tuiscint acu uirthi agus gan aon chóras ateangaireachta ceart i gceist.

“Agus tá ceachtanna faoi chearta an duine anseo fosta,” ar sé, “sa mhéid is go bhfeictear ról na mbrathadóirí agus na fianaise bréige.”

An cheist is mó atá ag Ciarán Ó Cofaigh, i ndiaidh dó a bheith ag plé leis an scéal seo ná, “An bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin?”

Beidh première ‘Murdair Mhám Trasna’ ar siúl Dé hAoine, 3ú Samhain, ar 9.30pm in Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon. Tá líon na dticéad teoranta. Cuirtear ríomhphost chuig eolas@rosg.ie le ceann a fháil.

Freagra