Lig do liú! Clár Liú Lúnasa seolta

Nuair a bhí tuairimí á lorg ag Naoise Ó Cairealláin ar an ainm ab fhearr don fhéile nua Ghaelach a bhí bunaithe aige féin agus a chairde, sheol sé cúpla ríomhphost amach chun smaointe a gcomrádaithe a phóirseáil. Mhúscail ceann amháin a shuim: Liú Lúnasa.

Tiocfaimid ar ais chuige sin níos faide anonn, ach cén fáth go bhfuil sé fógartha mar Fhéile Imeall-Chultúir Bhéal Feirste i mbliana?

DSC_0092.JPG
Naoise Ó Cairealláin, Stiúrthóir deonach Liú Lúnasa

“Cosúil le féilte eile, bhí ár niche féin de dhíth orainn i mbliana a thabharfadh aitheantas inteacht don fhéile,” arsa Naoise.

“Tuigimid go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha na féile, ach tá sé tábhachtach dúinn go seasfaidh éagsúlacht agus buanna na féile mar atá siad, agus chan amháin mar fhéile thraidisiúnta Ghaelach eile.”

Agus í sa tríú bliain ar an fhód, tá Féile Liú Lúnasa ag teacht ar ais chugainn níos leithne, níos éagsúla agus níos mó ná ariamh. Idir 21-27 Lúnasa i mbliana, beidh seachtain iomlán de cheardlanna, chainteanna, cheolchoirmeacha agus chomórtais a thabharfaidh seans do chách blaiseadh a fháil den chóisir uirbeach seo.

Clár 2017

Bheadh sé doiligh cur le hiontas agus le héagsúlacht clár na bliana seo caite. Nó sin a shíl mé féin i ndiaidh dom a bheith mar thacadóir agus mar mhúinteoir ann anuraidh. Théinn ag teagasc ar maidin, bhínn ag éisteacht le díospóireacht san iarnóin, agus bhíodh fiatacht na hoíche á sú agam, idir choirm agus shuiteoireacht (áit a raibh seilbh glactha againn air mar ionad cruinnithe agus cóisireála i ndiaidh do na tithe tábhairne druidim). Ba chumachtach an manglam é.

Gan ach spléachadh beag féin a bheith tugtha agam ar chlár na bliana seo, chonacthas dom go bhfuil an coiste díograiseach ag tógáil de réir a chéile.

Ba mhairg é cailleadh amach ar chuid de na cainteanna a bheidh ann i mbliana. Tá réimse leathan, éagsúil acu ann, mar shampla ‘Gaelphobail Úra a Thógáil’ agus ‘An Gá le Feimineachas in Éirinn’. B’fhéidir gurb í an chaint is suimiúla a bheidh ag titim amach ná caint na féile, ‘Tionchar an Choilíneachais Inniu’, atá á heagrú ag an Dream Dearg. Tá painéal de shaineolaithe curtha le chéile ag an choiste chun an ábhar seo a ghrinniú: Bríd Ní Chualáin, Íte Ní Chionnaith agus Fionnghuala Nic Roibeaird, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ón Dream Dearg mar fhear an tí. Ná bí thíos agus an díospóireacht bhríomhar seo ar siúl Dé Sathairn, 26ú Lúnasa ag 2:30in.

Is léir go bhfuil iarracht mhór curtha isteach ag an choiste cur le ceardlanna, le hócáidí bia agus le himeachtaí teaghlaigh na féile i mbliana. Den chéad uair riamh, beidh ócáid in ionad Skainos in oirthear Bhéal Feirste ar a mbeidh beirt cheoltóirí ag seinm ceoil agus ag ríomh scéalta as a dtíortha dúchais: Rona Wilkin as Albain agus Marit Fält as an Iorua. Chomh maith leis sin, beidh oíche airneáil i dTigh Mhadáin, léargas ar chosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Gàidhlig, agus seisiún ar chultúr bia na mBascach.

Beidh páirt lárnach á glacadh  ag An tUltach, i gceann de na seoda nua a bheidh á reáchtáil i mbliana fosta, is é sin an Slam Filíochta, comórtas reic dánta. Tá urraíocht á déanamh againn ar an dara duais, mar atá £100 agus síntiús bliana don iris.

Beidh 3 bhomaite ag achan duine rann nó dán a rá i lár an aonaigh os comhair triúr moltóirí agus lucht éisteachta. Mhínigh duine de na moltóirí sin, an file iomráiteach Séamus Barra Ó Suilleabháin, cad é atá i gceist leis an oíche.

Séamus Barra
Séamus Barra Ó Súilleabháin, file agus moltóir ag an Slam Filíochta

“An rud faoi slam filíochta, tá sé ana-oscailte. Is baolach go bhfuil meon an ‘X-Factor’ le braistint nuair a fheiceann daoine comórtas á eagrú. Teacht le chéile is ea seo: slam Gaelach ina mbeidh ardán íseal ar fáil chun éinne ar mhaith leo dán, véarsa nó rann a rá.”

Dúirt Ó Súilleabháin gur tábhachtaí an cur i láthair agus an caidreamh idir lucht féachana agus an duine, ach oiread.

“Níl aon teorainn leis. Tá fáilte roimh theanga ar bith, roimh dhuine ar bith. An rud is tábhachtaí, is dócha, ná go mbeidh nasc le feiscint idir an lucht féachana agus an t-iarrthóir, go bhfaighimid tuiscint phearsanta ar a bhfuil á reic acu. Is tábhachtach gur féidir leis na moltóirí an iarracht is giorra do liú na féile a bhraistint.”

Is é an Súilleabhánach a cheap ainm na féile. “Bhraith mé féin gurb é Liú Lúnasa an t-ainm ab oiriúnaí don fhéile – liú comhchoiteann a ligeann a thugann gach éinne le chéile. Táimid ag dul i bhfeidhm an mheoin sin i mbliana leis an slam seo; ba mhaith linn dul i dtreo liú na féile a scaoileadh amach.”

Is deas rudaí nua mar seo a fheiceáil, agus tógadh mo shúile leis an bhéim a cuireadh ar an drámaíocht agus na hamharcealaíona fosta. Ó thaobh drámaíochta de, beidh ‘Cara sa Chúirt’ á léiriú ag an chomhlacht Mumbro Top Déardaoin, 24ú Lúnasa, agus tabharfaidh Gearóid Ó Cairealláin spléachadh eile ar a shaol dúinn in ‘Wheelchair Monologues’ an lá dár gcionn.

Tá orm a admháil gurb é an scannán ‘Banríon na bhFál’ a chothaigh mo spéis féin, áfach. Bunaithe ar shaol fear óg aerach atá ag streachailt lena thimpeallacht in iarthar Bhéal Feirste agus lena chaidreamh lena athair, tugann sé seans dúinn léaró eile a fháil ar ghlúin na ndaoine óga agus ar a ndeacrachtaí sa lá atá inniu ann. Beidh Pól Ó Donnchú féin agus Cormac Ó Cuinn ó fhoireann léiriúcháin an scannáin i láthair ag an ócáid seo.

Banríon na bhFál

Anuraidh, thaitin na seisiúin neamhfhoirmeálta go mór liom agus is deas a chloisteáil go mbeidh a leithéid ar fáil dúinn san iarnóin arís. Beidh Edel Ní Churraoin agus Diane Cannon, lena mbuanna ceoil, mar bhuaicphointe.

Mar is maith is eol dúinn, áfach, ní féile go coirm agus tá rogha na gceoltóirí i ndán dúinn arís i mbliana. Dé hAoine, 25ú Lúnasa, tugaigí libh bhur n-éadaí samhraidh óir beidh cóisir thrá sa Chultúrlann le Daithí, Lauren Ní Chasaide agus Pádraig Jack. Is ar an tSatharn, áfach go mbeidh an fhéile a lasadh mar is ceart. Tabharfar na sluaite chuig Cearnóg an Bhruaich i lár na cathrach do ‘Ceol sa Chearnóg’. Ceolchoirm saor in aisce atá ann a thabharfaidh seans don phobal buanna Dysania, J.J. Uí Dhochartaigh, Emma Ní Fhíoruisce, Griogair agus Boss Sound Manifesto a fheiceáil.

Emma Ní Fhíoruisce
Emma Ní Fhíoruisce, amhránaí as Gaoth Dobhair

Dar le Naoise Ó Cairealláin, bhí sé tábhachtach an taispeántas a leathnú. “Shíl muid go mbeadh sé iontach an ceol a chur ar fáil don phobal i mbliana sa dóigh go bhfeicfidís buanna na gceoltóirí atá ann agus go spreagfadh sé iad le teacht chuig féile mar seo sa todhchaí. Táimid ag súil go mbeidh cúpla céad duine ann cibé!”

Le linn an ruaille buaille uilig, reáchtálfar an Dianchúrsa Gaeilge arís, le ranganna do dhaoine d’achan cumas agus leibhéal, ó ghlanfhoghlaimeoirí go daoine atá ag iarraidh saibhreas na teanga a fhoghlaim.

Seal faoin aer le neart a chur ar ais sna géaga i ndiaidh imeachtaí eile na seachtaine atá beartaithe don Domhnach, tráth a bheidh Cormac Ó hAdhmaill i mbun siúlóid threoraithe suas go Beann Mhadagáin.

An éireoidh le lucht a heagraithe iontas na féile seo a chraobhscaoileadh chuig an ghnáthphobal? Cá bhfios? Níl aon dabht ann ach go bhfuil gach gné den chultúr clúdaithe ag an choiste seo, agus ba chóir go mbeimis buíoch as iarrachtaí na nGael óg iontach seo.

Is féidir clárú don Dianchúrsa anseo agus seo an nasc chuig clár Liú Lúnasa 2017.

Fearghal Ó Raifeartaigh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s