Páirtithe ag seasamh le chéile ar son acht Gaeilge neamhspleách

Tháinig feisirí Tionóil agus Dála as na cúig pháirtí atá ag tacú le hacht Gaeilge le chéile inniu i mBéal Feirste le “seasamh taobh le taobh chun tacú le héileamh an phobail d’acht Gaeilge neamhspleách”.

I láthair ag an ócáid a d’eagraigh Conradh na Gaeilge in ionad ealaíon an MAC bhí Paula Bradshaw (Páirtí na Comhghuaillíochta), Steven Agnew (an Páirtí Glas), Gerry Carroll (an Pobal Seachas Brabús), Nichola Mallon (SDLP) agus Gerry Adams (Sinn Féin), mar aon le hUachtarán an Chonartha, an Dr Niall Comer.

5 pháirtí
Clé go deas: Nichola Mallon (SDLP), Steven Agnew (an Páirtí Glas), Gerry Carroll (an Pobal Seachas Brabús), Paula Bradshaw (Páirtí na Comhghuaillíochta), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Conradh na Gaeilge), Gerry Adams (Sinn Féin) agus an Dr Niall Comer (Conradh na Gaeilge)

“Den chéad uair tá ionadaithe tofa ó chúig pháirtí ag teacht le chéile le Conradh na Gaeilge chun a dtacaíocht ar son acht Gaeilge neamhspleách a léiriú,” arsa urlabhraí an Chonartha.

Dúirt an Dr Niall Comer go bhfuil teachtaireacht shoiléir ag baint leis an ócáid, is é sin go bhfuil “tacaíocht leathan traspháirtí, tromlaigh ann d’acht Gaeilge neamhspleách.”

Bhí cruinnithe leanúnacha ag Conradh na Gaeilge leis na cúig pháirtí go dtí seo agus tá tromlach de na páirtithe agus de Chomhaltaí Tofa den Tionól i bhfabhar acht Gaeilge neamhspleách.

Arsa an Dr Niall Comer, “Is ionann an tacaíocht sin agus 50/90 CTR sa Tionól, tromlach stairiúil den chéad uair riamh.

“Chuige sin, éilíonn Conradh na Gaeilge ar na páirtithe siúd atá go fóill ag cur in éadan acht Gaeilge neamhspleách machnamh a dhéanamh athuair ar an seasamh atá acu ar an cheist agus an deis seo chun athruithe a bhaint amach a aithint.”

Chuir Uachtarán an Chonartha in iúl do na páirtithe go bhfuil an t-eagras Gaeilge buíoch díobh as a gcuid tacaíochta.

“Ba mhian le Conradh na Gaeilge buíochas a ghabháil le gach páirtí atá ag seasamh le chéile agus linne inniu as a dtacaíocht go dtí seo,” ar sé.

D’iarr sé orthu gan géilleadh ar cheist an achta Ghaeilge agus tús á chur gan mhoill leis na cainteanna idir na páirtithe polaitíochta chun an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.

“Éilímíd orthu an fód a sheasamh le chéile amach anseo, leis an phobal agus ar son an phobail, agus na cainteanna réidh le toiseacht go luath.”

Rinne Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, tagairt do na mílte duine a tháinig amach ar na sráideanna i mBéal Feirste, i nDoire agus in Iúr Cinn Trá lena n-éileamh ar acht Gaeilge a chur in iúl.

“Is í tacaíocht na bpáirtithe seo inniu toradh an fheachtais seo: feachtas iontach, pobalbhunaithe atá ag teacht díreach ó na sráideanna agus ón phobal féin,” ar sé.

In 2015, d’eagraigh an tAire Cultúir ag an am, Carál Ní Chuilín, próiseas comhairliúcháin faoi bhille Gaeilge. Bhí breis agus 94.7% de na freagraí ag tacú le hacht Gaeilge, figiúr arb ionann é agus 13,000 freagróir.

Luaigh Ciarán Mac Giolla Bhéin na grúpaí agus na heagrais ar fad atá ag tacú le hacht Gaeilge neamhspleách: an pobal agus na páirtithe áitiúla, Rialtas na hÉireann, Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine.

“Léiríonn an tacaíocht sin ar fad an t-éileamh leathan domhanda ar reachtaíocht cosanta don Ghaeilge,” ar sé.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht rófhada le comhlíonadh an ghealltanais a tugadh dúinn i gCill Rìmhinn. Inniu, seasaimid le chéile ar son ár gceart. Acht anois!”

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s