Comóradh ar eachtra an chéad bhriathair. Filleadh ar ghlór an phobail. Scaoileadh saor an tochta i sceolbhach na nGael. Cuireann Séamus Barra Ó Súilleabháin síos ar Shlam Filíochta Liú Lúnasa a bheas ar siúl an tseachtain seo.
An Slam
Is preabchúirt í an Slam. Snagstáitse. Fás-aon-oireachtais. Aonach ársa úr-éigse.
Ócáid go dtagann gramaisc le chéile d’fhonn duine den slua a ghríosadh chun filíochta, agus tathant ar an té sin a gcéadfaithe a dhúiseacht agus a mbrionglóidí a bhriathrú.
Searmanas seanda é a eascraíonn as eachtra an-chinniúnach i stair an chine dhaonna.
Is é sin, an uair go dtugamar faoi ndeara den chéad uair go raibh soilse beaga an duibheagáin ag snaidhmeadh le chéile ina réaltbhuíonta gur ligeamar cnead iontais asainn agus gur iompaigh an fothram ina fhocal.
Eachtra an chéad bhriathair.
Is comóradh é an slam ar an eachtra san.
Comór(adh)tas ná fuil de bhuaiteoir ann ach an fhilíocht, cé gur minic a thugtar aitheantas dos na deisceabail is mó a thugann adhradh agus altú tráthúil di ag altóir na nduanta.
Tá stair níos déanaí ag baint leis an slam, leis.
Is i dtigh tábhairne tréigthe Éireannach a bunaíodh ceann des na hionaid is tábhachtaí in éabhlóid chomhaimseartha na slamanna: an Nuyorican Poets Café. Bhíodh imeachtaí á n-eagrú ag filí ann (cuid mhaith de bhunadh Mheiriceá Theas). Is minic a bhí filíocht bhríomhar fhiáin acu a thug léargas ar shaol na sráideanna.
Ba rud é a bhain leis an bpobal tímpeall an choirnéil agus éinne a rángódh thar dhoras isteach.
Tá na slamanna go mór sa bhfaisean anois i Meiriceá. Ach chun an fhírinne a insint is dóigh liom go bhfuil an-mheath ag teacht ar an bhfilíocht athá le clos iontu. An iomad aithrise ar siúl ar fhíseáin YouTube. An iomad cur i gcéill agus sotail.
Filleadh ar Ghlór an Phobail
Táimidne ag leanúint ár lorg féin agus an slam féin á Ghaelú ar fad.
Ní haon X-Factor athá uainne.
Ach a mhalairt glan.
Filleadh ar phréamhacha na filíochta agus ar ghlór an phobail agus ar éigse na gcairde.
Beidh ardán íseal ar fáil d’éinne, mar a bheadh oíche airneáin ann, fiú strainséir fánach ag gabháil thar bráid. Ní bheidh sé foirmeálta ach ina shearmanas oscailte beo agus fáilte roimh theanga ar bith agus cead ag daoine a bhfuil acu le reic a léamh ón bpár nó ó scáileán. Ach is iad na daoine a bhfuil dánta úrchumtha Gaeilge de ghlanmheabhair acu a bheidh i dteideal ceann des na duaiseanna.
Beidh Seán Ó Muireagáin agus Réaltán Ní Leannáin mar mholtóirí im theannta. Scríbhneoirí is ea iad a bhfuilimse, agus go leor eile, faoi chomaoin acu. Bhuas comórtas Uile-Éireann in 2011 i mbeár Sandino i nDoire Cholm Chille, agus bhí an t-ábhar a dheineas ag an lá mór sloigthe, scagtha agus measaithe ag an mbeirt acu i gceardlann a reáchtáil Mícheál Ó Conghaile i mBéal Feirste. Ana-sheans ná beadh sé buaite in aon chor agam murach an cheardlann san.
Ag slam an Liú, ní mór gach dán bheith úrchumtha gan tionlacan.
Níl teorainn ar bith ó thaobh ábhair ná stíle. Is cuma iad ciúin glórach, geal riabhach, éagsúil nó ait.
An t-aon ní athá uainn ná glórtha Gaelacha a chlos ag aithris dánta ceolmhara úra.
Ní bheidh sa slam seo ‘gainne ach cuireadh léimt ar an ardán agus dán a rá díreach mar a dhein a lán go suaithinseach ag Féile na Gealaí i mbliana.
Tar chughainn ó thuaidh nó go gcluin sinn ann Liú na nGael!
Crioslach na Cruinne
Is sa Ghaillimh a fuaireas taithí air ó thosach. Bhíos in aontíos le daoine nótálta idir ealaíontóirí, cheoltóirí agus fhánaithe. Is mó saghas duine eile a d’fhanadh sa tigh. Cheapamar go rabhamar i gcrioslach na cruinne agus ná raibh teorainn le háilleacht na beatha agus sinn éirithe go maidin gach oíche ag cur an tsaoil trí chéile agus ag briseadh amach as na cleachtais leadránacha a bhí múinte dúinn. Bhí dánta á gcumadh is á reic ages na héinne agus fiú á scríobadh ar fhallaí an tseomra.
Is é mo chol seisear ó Mhaigh Cuilinn a d’inis dom faoi oícheanta slam a bhí ar siúl thíos fén gcathair. Bhíos ag féachaint ar Saul Williams agus a scannán Slam agus ar chláracha faisnéise fés na Beats, agus ag léamh go héaganta faoi na léamhanna móra filíochta a bhíodh ar siúl ag ócáidí foilsithe Innti, agus fonn is scóip orm mo ghuth féin a thabhairt amach ó pholl an iarta go dtí an saol mór.
Bhíos riamh ag iarraidh faobhar a chur ar fhocail agus ba dhiail an buzz seasamh os comhair scata strainséirí agus dánta a rá ann. Bhíodh daoine ana-shuimiúla i láthair, i gcónaí.
Ba é seo ré réamh-Reice, bíodh a fhios agat. Ní raibh d’áitreabh againn ach mar a bhfaighimíst bheith istigh. Cúinní múchta os cionn pubanna nó bailithe ag cúl smúiteach ionad ealaíon. Cheapas gur ag forghabháil spásanna gallda a bhíos ar son na nGael!
Ach is cathair ana-Ghaelach í an Ghaillimh agus ní minic geaing bodhar bheith romhat nó thagadh caonaí éigin ó Chonamara chughat nó Gael fánach ó chontae eile le linn na hoíche. Fuaireas bheith istigh sa Crane Bar sa deireadh ag North Beach Poetry Nights, eagraithe ag John Walsh Doire Press. Níor cuireadh éinne riamh ó dhoras a raibh ábhar Gaelainne nó teanga ar bith eile aige ag na slamanna beaga so, agus nach oiriúnach gurb é an dálta céanna ag Reic anois é.
Ní raibh sa taobh comórtasach des na hoícheanta féin ach sprioc domsa agus do mo chairde dán nua a chumadh go rialta… agus buideál saor fíona a thabhairt abhaile dá mbeadh an t-ádh leat!
Is é an pobal a chothaítear i ndiaidh an ruda is tábhachtaí agus deiseanna a thabhairt do ghuthanna úra teacht amach.

An tocht sa sceolbhach a scaoileadh
Is é an chúis ar tosaíodh Liú Lúnasa an chéad lá ná an tocht úd athá sáite siar i sceolbhach an Ghaeil le fada a scaoileadh. Ní féidir an Liú a scarúint ós na cúinsí sóisialta agus polaitíochta athá ag dó na geirbe dúinn ar fad le leathscór bliain anuas ná ón neamhaird a dheintear orainn mar phobal agus mar ghlúin.
Tá dóchas speisialta ag baint leis an nglúin seo agus féidearachtaí móra againn athshaol a dhéanamh dúinn féin, dá bharra. Ach is mó glúin eile a tháinig romhainn ar chuaigh a ndóchas i ndísc go truamhéileach. Buail isteach i dtithe tábhairne ar fud na tíre seo go bhfeicfir na hanamacha céasta cromtha taobh na cuntúrtach nó b’fhéidir ag siúl go haonarach sráideanna tréigthe na sráidbhailte a bhí lán de shaoráid agus de shlí bheatha tráth. Is forleathan an t-éadóchas, ainfhios, duairceas, feall agus géilleadh – an tuairim ná beidh in Éirinn feasta ach fearann turasóireachta, reigiún riaracháin, aonad airgeadais in anaiste.
Ach ní mar sin dúinne.
Is mithid dúinne, ná géilleann don meon cloíteach, leathadh a bhaint as súile an domhain aríst agus a fhógairt nach aon pholl dearóil í Éire ach tír tairngre inarbh acmhainn dúinn na spriocanna is airde agus is áille a bhaint amach le bua na haigne, an anama agus an tsuilt.
Is dóigh liom go bhfuil an fhilíocht riachtanach chun an aisling sin a léiriú.
Beidh Slam Filíochta Liú Lúnasa ar siúl Déardaoin, an 24ú Lúnasa, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar 8.30in. Is féidir le haon duine páirt a ghlacadh ann, ach le bheith sa reicneáil do na duaiseanna, caithfear dán a aithris – ceann ceolmhar, úr, Gaelach – agus gan a bheith ag dul i muinín an pháipéir ná na scáileáin.
I measc na nduaiseanna iontacha tá ticéad don Phicnic Leictreach agus £150 don bhuaiteoir, agus £100 agus síntiús bliana do An tUltach don té a thiocfas sa dara háit. Déan teagmháil le Liú Lúnasa ar Facebook nó ar Twitter le tuilleadh eolais a fháil, nó cuir ríomhphost chucu anseo.