Cosaintí de dhíth, ach ní acht Gaeilge – UUP

Tá “meas” ag Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) ar an Ghaeilge agus ar lucht a labhartha, ach níl siad ag tacú le héileamh an phobail ar acht Gaeilge.

Sin léamh Chonradh na Gaeilge ar sheasamh an pháirtí i ndiaidh dóibh bualadh leis an UUP in Stormont inniu, an 10ú Lúnasa.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, go n-aithníonn an UUP “gur dlúthchuid dár bhféiniúlacht anseo í” an Ghaeilge agus “go bhfuil cosaintí de dhíth”.

In ainneoin an dearcadh sin i leith na teanga a bheith ag an UUP áfach, “níl siad ag tacú leis an éileamh ar son acht Gaeilge,” ar Mac Giolla Bhéin.

Bhí Robin Swann, ceannaire an UUP, Doug Beattie, CTR, agus Stephen Barr, an tOifigeach Polasaithe, i láthair thar cheann an UUP ag an chruinniú le Conradh na Gaeilge inniu.

Is í seo an chéad uair a ghlac an UUP le cuireadh Chonradh na Gaeilge chun cruinnithe leo le hacht Gaeilge a phlé.

CnaG agus UUP
Clé go deas: Ciarán Mac Giolla Bhéin (Conradh na Gaeilge), Doug Beattie, CTR (UUP), Robin Swann, CTR (ceannaire an UUP) agus Padaí Ó Tiarnaigh (Conradh na Gaeilge)

D’fhreastail Philip Smyth, iar-leas-cheannaire an pháirtí, ar lá stocaireachta SEAS ’16 le Conradh na Gaeilge in Óstán Stormont i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

Bhí cruinnithe ag Conradh na Gaeilge cheana féin le formhór na bpáirtithe a bhfuil comhaltaí tofa acu chun an Fheidhmeannais le ceist an achta a phlé: DUP, Sinn Féin, SDLP, Alliance, PBP agus an Comhaontas Glas.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh Conradh na Gaeilge “sásta gur ghlac an UUP leis an chuireadh seo chun suí síos linn le cúrsaí reachtaíochta don Ghaeilge a phlé den chéad uair”.

Ar sé, “Tá cúig pháirtí ag tacú le héileamh an phobail ar acht Gaeilge cearta-bhunaithe neamhspleách.”

De réir shuirbhé a rinne Conradh na Gaeilge i mí Feabhra i mbliana, tá tromlach na bpáirtithe in Stormont ar son acht Gaeilge. Baineann móramh na gComhaltaí Tionóil, 50 as 90, leis na páirtithe sin.

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar an UUP agus ar na páirtithe eile reachtaíocht leis an Ghaeilge a chosaint agus a fhorbairt a thabhairt isteach, díreach mar atá molta ag Comhairle na hEorpa, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Coimisiún TÉ um Chearta an Duine, agus mar a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn breis agus deich mbliana ó shin.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada ar an stát le reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cosaint ar na cearta daonna seo i leith na teanga; anois am don ghníomh,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s