Acht Gaeilge Go Fóill Uainn

Agus acht Gaeilge ar an cheist mhór atá go fóill gan réiteach idir na páirtithe polaitíochta ar Chnoc an Anfa, labhair muid le cúigear Gael faoina thábhachtaí atá acht Gaeilge agus aitheantas dá gcearta teanga dóibh.

Fionnghuala Nic Roibeaird
Iníon léinn

Fionnghuala Nic Roibeaird agus deatachNíl in acht Gaeilge ach píosa beag den chíste. De réir roinnt daoine, níl ann ach na grabhróga ar an tábla. Caithfimid amharc air, áfach, mar cheacht traenála leis an chíste iomlán a fháil.

Is siombail é acht Gaeilge den rud a tharlaíonn nuair a thagann muid le chéile, eagraithe agus réidh le troid. Táimid chomh cóngarach sin d’acht a bhaint amach mar gheall ar an obair chrua s’againn agus ar an bhrú a chuir muid ar an aos polaitíochta – caithfimid a bheith iontach soiléir fá seo. Níor thug duine ná páirtí ar bith seo dúinn; muidinne a chur an t-acht chuig barr an chláir.

Bhí an pobal s’againne ábalta an fhearg uilig atá ann in éadan Stormont a ghlacadh agus a dhíriú sa sluán “Cearta, Cothromas agus Cóir”. Sluán é a luíonn le híospartaigh eile an rialtais seo: na mná, an pobal LADT+, agus iad siúd nach bhfuil ábalta a gcuid tithe a choinneáil te agus seideanna athraithe ina bhfoirnéisí i bhFear Manach agus in áiteanna eile.

Caithfimid leanstan ar aghaidh leis an troid agus sult a bhaint as an bhua atá ar an bhealach. Mar sin féin, caithfimid cuimhne a choinneáil nach bhfuil muid ar lorg na ngrabhróg ón tábla agus caithfimid a léiriú nach bhfuil suim fiú againn i dtábla s’acu. Níl uainn ach an Domhan!

Máirtín Mac Gabhann
Glór na Móna

Is cinnte go bhfuil tábhacht nach beag le hacht Gaeilge domsa go pearsanta. Is é saol trí Ghaeilge atá uaim agus ó mo chlann agus caitheann muid tromlach ár saol i nGaeilge. Ba chóir go mbronnfadh acht Gaeilge bunchearta ar lucht a labhartha ionas go dtig leis an teanga forbairt agus fás agus go mbeidh cosaint dhleathach againn.

Níl i gceist Máirtín agus Daithí Mac Gabhannagainn ach cearta, cothromas agus cóir dár dteanga álainn. Bhí breis agus 12,000 duine ar shráideanna Bhéal Feirste ag éileamh an achta, agus ní bheidh deireadh le héileamh na ndaoine sin. Ní hionann acht agus deireadh an scéil, áfach. Is mar chuid d’aistear phobal na Gaeilge é acht Gaeilge, agus is é an t-aistear an toradh! Leanaimis ar aghaidh ar son na Gaeilge!

Aoife Nic Con Midhe
Iníon léinn

Aoife Nic Con MidheTá a fhios agaibh féin an comhrá a bhíonn againn ar fad leis na fir tacsaí. “Tá tú gnóthach inniu!” Nó, “Tá an aimsir go holc.” Nó, “Cad é a dhéanann tú leat féin?”

 

Le cúpla mí anuas, nuair a fhreagraím gur chaith mé naoi mí ag obair mar Oifigeach Forbartha, tosaíonn siad ar fad ag labhairt ar acht Gaeilge. Ní labhraíonn formhór díobh Gaeilge, ach tuigeann siad nach ionann sin is a rá nár chóir cosaint a thabhairt do lucht a labhartha. Den chéad uair riamh, tá aird an phobail mhóir orainn. Ní hamháin go bhfuil aird orainn, tá meas ag an phobal mhór orainn chomh maith.

 

Tuigeann siad go mbíonn lucht na Gaeilge ag obair go dian dícheallach achan lá le rudaí a athrú dúinn féin. Níl muid ach ag iarraidh cothromas, cearta agus cóir. Cé nach bhfuil na polaiteoirí ar fad (an DUP go háirithe) ag tacú linn, is amhlaidh go bhfuil an gnáthdhuine linn. Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht. Mar sin de, coinnígí linn ag scairteadh faoinár sreachailtí agus faoi na dúshláin atá romhainn. Tá an pobal ag éisteacht. Acht Gaeilge – tá sé ag teacht!

 

Oisin Mór
Athair agus oideachasóir

Oisín agus SeosamhFad is nach bhfuil reachtaíocht chuimsitheach, láidir againn, tá dul chun cinn na gaelscolaíochta agus cothrom na Féinne do lucht labhartha na Gaeilge ag brath a bharraíocht ar chlár polaitíochta agus ar thoil an Aire ag an am. Dá mba rud é go raibh acht Gaeilge ann, b’fhéidir go mbeadh uaireanta naíscolaíochta lánaimseartha, béiltí saora agus an soláthar sainriachtanas céanna ag ár bpáistí gaelacha is atá ag páistí sa scoil Bhéarla i mBaile Mhig Rabhartaigh, Doire. Tá an Ghaeilge i mbéal an phobail anois ar dhóigh nach raibh riamh mar gheall ar fheachtas An Dream Dearg, agus tá sin ar fheabhas. Mar sin féin, ba mhaith liom a rá nach é acht Gaeilge, ná aon reachtaíocht, a thabharfaidh an Ghaeilge slán – is iad na feachtasóirí, go háirithe na daoine óga a tháinig chun tosaigh ar na mallaibh, a thabharfaidh slán í go cinnte.

Caoimhe Ní Chathail
Iriseoir

Caoimhe Ní ChathailSheas mise ar ardán An Dream Dearg taobh amuigh de Halla na Cathrach ar an Lá Dearg agus 12,000 duine ag teacht i mo threo. Macalla a gcuid amhrán agus scairteadh spleodrach le cloisteáil ar fud na cathrach. Sin 12,000 duine aontaithe ar an cheart bunúsach atá tuillte ag pobal na Gaeilge go mbeidh reachtaíocht chosanta ann dár dteanga.

Is duine mé a chaitheann mo shaol trí mheán na Gaeilge: i mo chuid oibre, le mo chairde agus le mo theaghlach. Is cinnte go bhfuil Béarla líofa agam fosta, ach ba cheart go mbeadh sé de cheart agam mairstint i mo theanga féin agus go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ar fáil domsa agus do na mílte eile anseo ó thuaidh.

Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh dícheallach, misniúil, tiomanta agus, thar a dhath eile, domsa, atá indiaidh bogadh anseo ó Dhún na nGall, spreagúil. Tá sé thar am go mbeadh meas léirithe orainne, ar ár gcultúr agus ar an Ghaeilge atá á labhairt ar an oileán seo le breis agus 2000 bliain. #AchtAnois

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s