Dúchas Doibhlineach: Diarmaid Ó Doibhlin

D’iarr An tUltach ar an Ollamh Séamus Mac Mathúna a chuimhní cinn ar Dhiarmaid Ó Doibhlin, comhghleacaí agus dlúthchara leis, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí na Bealtaine 2017, a bhreacadh síos dár léitheoirí. Tá aithne mhaith ag an Ollamh Mac Mathúna ar Dhiarmaid le breis agus leathchéad bliain. Tá coigeartú déanta anseo ar alt a scríobhadh le haghaidh leabhair atá le teacht, Scoláirí Chúige Uladh (Eag. N. Mac Cathmhaoil agus É. Ó Ciardha). Beidh an saothar seo tiomnaithe do Dhiarmaid dil. Ar mbuíochas, mar sin, don Ollamh Mac Mathúna as an chloch seo ar charn a charad.

Diarmaid Ó Doibhlin
Diarmaid Ó Doibhlin

 

Rugadh agus tógadh Diarmaid Ó Doibhlin ar an Lúb i mbarúntacht Loch Inse Uí Fhloinn i ndeisceart Chontae Dhoire. Is i mionríocht Uí Thuirtre sa tsean-Oirialla a tháinig muintir Uí Fhloinn chun cinn agus bhí an t-am ann roimh bhriseadh an chórais Ghaelaigh sa 17ú haois a raibh tailte acu idir an Abhainn Mhór (Blackwater) i gContae Thír Eoghain agus an Bior (Moyola) in aice leis an Tobar Mór i gContae Dhoire. De réir a chéile tháinig siad faoi smacht Uí Néill an Tuaiscirt agus baineann Diarmaid le clann Uí Dhoibhlin a bhí mar chrann taca ag Uí Néill Thír Eoghain. Tá limistéar eile a bhí taobh le Loch Inse Uí Fhloinn ainmnithe as clann seo Uí Dhoibhlin. Shín sé tráth den saol ó bhruacha iarthar Loch nEachach in aice le hArd Bó i gContae Thír Eoghain a fhad leis an Chuach (Coagh) cúpla míle taobh ó dheas den Lúb mar ar tógadh Diarmaid. Muintir Dhoibhlin (Munterevlin) a tugadh ar an dúiche seo, ainm a thugtar fós ar chuid den cheantar. Ar thaobh a mháthara de, ba de mhuintir Uí Ágáin é, clann an-chumhachtach i gCúige Uladh, príomhbhreithimh Cinél Eoghain a bhí lonnaithe ag Tulach Óg i gContae Thír Eoghain agus a rinne taoisigh Uí Néill a insealbhú ansin.

Is iad na dúichí seo a mhúnlaigh aigne Dhiarmada agus a chothaigh an luí agus an grá paiteanta a bhí aige don stair áitiúil agus do léann agus do shaíocht dhúchasach Chúige Uladh: thar aon ní eile, léirigh Diarmaid dílseacht i rith a shaoil don talamh sinsearach seo agus dá phobal stairiúil.

Nuair a d’fhág sé an scoil náisiúnta, chuaigh sé go Coláiste Phádraig Ard Mhacha agus tháinig faoi thionchar leithéidí Sheáin Uí Bhaoill agus Jerry Hicks, beirt a chothaigh ann tuilleadh cíocrais don Ghaeilge agus don léann dúchasach. Bhí dúil mhór aige sa pheil Ghaelach agus ba pheileadóir den scoth é: bhí sé ina chaiftín ar fhoireann pheile na scoile agus ina dhiaidh sin ar Mhionúir Chontae Dhoire. D’imir sé dá pharóiste féin chomh maith agus níos moille anonn d’oibir sé go dícheallach leis an pheil a chur chun cinn mar Chathaoirleach Chumann Lúthchleas Naomh Pádraig, an Lúb, agus mar Chathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Chontae Dhoire.

Faoin am a raibh sé réidh leis an mheánscoil, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige sa tslí gur ghnóthaigh sé ceann de scoláireachtaí gradamúla Ghael Linn chun dhá mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht. Bhí tréimhsí gairide caite cheana féin aige i nGaeltacht Thír Chonaill i gcaogaidí an chéid seo caite, agus an iarraidh seo, bheartaigh sé an scoláireacht dhá mhí a chaitheamh i Rann na Feirste sna Rosa, ceantar mór scríbhneoireachta, scéalaíochta, ceoil agus seanchais. D’fhág an tréimhse seo rian láidir ar a aigne agus fuair sé eolas níos doimhne agus níos beaichte ar mhuintir agus ar thraidisiún na háite, rud a léirítear san aiste bhreá a d’fhoilsigh sé in Irisleabhar Muighe Nuadhat i 1966 – ‘Séamas Mac Grianna: Aigne na Gaeltachta’. Léirigh sé san aiste seo an meas a bhí ag bunadh na Gaeltachta ar an ghaisciúlacht agus ar an treise choirp, dhá thréith a bhain go dlúth leis an domhan laochúil a chuirtear i láthair i scéalta na Rúraíochta agus na Fiannaíochta agus a mhair go láidir i mbéal na ndaoine i Rann na Feirste: bhí fearúlacht agus eipiciúlacht ag baint leis na laochra seo agus is as an dearcadh sin saoil a fuineadh cuid mhór de scéalta cruthaitheacha Shéamais Mhic Ghrianna.

Bhí gairm na sagartóireachta ag glaoch ar Dhiarmaid agus nuair a d’fhág sé Ard Mhacha chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar ar roghnaigh sé an Cheiltis mar phríomhábhar. Bhí traidisiún saibhir i Maigh Nuad i Léann na Gaeilge agus na Ceiltise agus ba bhreá amach go deo cuid de na múinteoirí agus de na comhscoláirí a bhí thart timpeall air ag an am sin, ina measc, an tAthair Donnchadh Ó Floinn, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta, an tOllamh Cathal Ó Háinle, an Dr. Pádraig Ó Héalaí agus an tOllamh Donnchadh Ó Corráin. Bhí beirt eile fós ann, Ultaigh, a d’fhág anáil an-láidir ar fad air: an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich agus an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin. Chuaigh an cur chuige nua critice a raibh an tOllamh Breandán ina cheannródaí air i Maigh Nuad i seascaidí an chéid seo caite i bhfeidhm go mór air agus thug Diarmaid an cur chuige seo leis ina chuid léachtóireachta agus ina chuid aistí critice féin sna blianta ina dhiaidh sin. Staraí ab ea an Cairdinéal Ó Fiaich a raibh domhainstaidéar tábhachtach déanta aige ar luathstair Chúige Uladh agus a raibh spéis faoi leith aige i gcultúr agus i litríocht Oirialla san 18ú céad. Bhailigh Diarmaid le chéile aistí leis an Chairdinéal ar na hábhair seo agus ar nualitríocht Ghaeltacht Dhún na nGall sa leabhar Ón Chreagán go Ceann Dubhrann (1992). D’fhoilsigh sé saothair éagsúla ar shaíocht liteartha Oirialla, agus ar litríocht agus ar stair Chúige Uladh, ina measc, Nioclás Ó Cearnaigh: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1989), in éineacht le Seán Duffy; ‘Tyrone’s Gaelic Literary Heritage’ (Tyrone History and Society); ‘Na Lámhscríbhinní Caillte – Don. 7 agus Don. 8’ (Seanchas Ard Mhacha, 1999-2000); ‘Eachtra Bhoc Bhaile Bionabaí’ (Seanchas Ard Mhacha, 2006); ‘Gan tuisle gan teibheadh: gnéithe de litríocht na Gaeilge sa seachtú haois déag’ (The Flight of the Earls. Imeacht na nIarlaí, in eagar ag Éamonn Ó Ciardha et al, 2010); ‘Gan tuisle, gan teip’: gnéithe de shaothrú na litríochta sa naoú haois déag’ (Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa Naoú hAois Déag, Éigse Loch Lao I, in eagar ag Fionntán de Brún agus Séamus Mac Mathúna, 2012).

Bheartaigh sé gan leanstan ar aghaidh le gairm na sagartóireachta i ndiaidh dó an bhunchéim a bhaint amach. Is é rud gur ghnóthaigh sé scoláireacht agus chuaigh go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le Máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge. Is ag an am seo a casadh orm féin den chéad uair é: bhí muid beirt ar cuairt ar an Chruach Gorm i 1966 ag sú isteach an saibhreas neamhghnách seanchais agus cultúir a bhain leis an dúiche fiáin álainn seo agus ag iarraidh faobhar a chur ar ár gcuid Gaeilge. Bhí Diarmaid i ndiaidh triail ar an áit fosta mar go raibh sé scoite amach ó shiúl daoine agus tranglam an tsaoil mhóir, ciúnas iontach ann a chothaigh cothromaíocht spioraid agus soiléireacht aigne sa duine: seo áit a chuideodh leis déanamh réidh do na scrúduithe.

Ba léir dom go raibh eolas an-sofaisticiúil agus an-íogair aige cheana féin ar litríocht na Gaeilge agus go raibh ar a chumas an litríocht sin a mhíniú agus a chur i láthair ar dhóigh chomh hoilte agus chomh héifeachtach agus a bhfaca mé ariamh: bhí tionchar an Ollaimh Breandán le brath go soiléir ar an dóigh a ndeachaigh sé i mbun léirmhíniú agus mionléamh a dhéanamh ar dhán nó ar dhréacht próis: in áit a bheith ar imeall na hanailíse agus na ceardúlachta, bhí ar a chumas a dhul isteach go domhain i gcroí na healaíne. Ní raibh iontas ar bith orm gur bhain sé Céad Onóracha amach sa chéim MA agus gur cheap an tAthair Shaw mar Chúntóir i Roinn na Sean-Ghaeilge é. Thaitin an tréimhse a chaith sé i mBaile Átha Cliath go mór leis agus d’fhan an gean a bhí aige don luathlitríocht leis i rith na mblianta ina dhiaidh sin.

Faoin am seo, bhí sé i ndiaidh titim i ngrá lena bhean chaoin Theresa agus ní hiontas ar bith é gur thug sé a aghaidh ar thuaisceart na tíre arís, mar mhúinteoir scoile ar dtús ar feadh tamaill bhig, agus ina dhiaidh sin mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Naomh Muire i mBéal Feirste. Faoin am seo, bhí sé ina chónaí i Machaire Fíolta i ndeisceart Chontae Dhoire, é pósta ar Theresa agus iad ag toiseacht ar chlann óg a thógáil. Tháinig post léachtóireachta chun cinn in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Raithin cúpla bliain ina dhiaidh sin agus bheartaigh sé cur isteach air sin le go mbeadh sé níos gaire don bhaile. Dúshlán dó ab ea an chéim nua idirdhisciplíneach sa Léann Éireannach i gCúil Raithin, í dírithe i dtaca leis an Ghaeilge de (croílár na céime) ar theanga agus ar litríocht na teanga ó ré na Normannach ar aghaidh le béim faoi leith ar an nualitríocht, ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus ar dhianchúrsaí i múineadh na teanga bunaithe ar an taighde is fearr agus is déanaí ar an ábhar. Ar an drochuair, fuair an tAthair Colmán Ó Huallacháin, Ceann na Roinne, bás tobann i 1979, go ndéana Dia a mhaith air, agus ceapadh mé féin mar Ollamh le Gaeilge agus Ceann Roinne go gairid ina dhiaidh sin. Chaith Diarmaid an chuid eile dá shaol acadúil i gCúil Raithin, níos mó ná tríocha bliain ar fad, gur éirigh sé as a phost i 2006 nuair a ceapadh mar Ollamh Cuarta é in Ollscoil Notre Dame i Meiriceá. An tOllamh Breandán Ó Buachalla, beannacht Dé lena anam, scoláire eile ar tháinig Diarmaid faoina anáil agus a raibh meas mór aige air, a thug an cuireadh dó agus a cheap sa phost sin é.

Ceapachán den scoth ab ea ceapachán Dhiarmada in Ollscoil Nua Uladh (Ollscoil Uladh ó 1984 amach). Theagasc sé an nualitríocht sa chéim agus bhí sé i mbun na gcúrsaí ar litríocht an 18ú agus an 19ú céad chomh maith. Bhí buanna cumarsáide as an choitiantacht aige. Léachtóir den scoth ab ea é agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar na mic léinn: bhí sé spreagúil agus íorónach araon, féith an ghrinn go láidir ann agus é in innimh domhan litríocht na Gaeilge a mhúscailt ina steille bheatha os comhair a gcuid súl amach do na scoláirí óga. Thuig siad gur bhain litríocht na Gaeilge ní hamháin lena gcúlra agus lena gcultúr féin ach go raibh deismireachtaí cumadóireachta d’ardchaighdeán inti agus baint aici go minic lena saol féin agus leis an saol comhaimseartha chomh maith. Ní hiontas é mar sin go raibh an-ráchairt ar Dhiarmaid mar léachtóir ag cumainn scolártha, ag dreamanna pobail éagsúla, agus mar chraoltóir raidió agus teilifíse.

Bhí bua eile fós ag Diarmaid: léirigh sé daonnacht, tuigbheáil agus gaois agus é ag plé le daoine óga. Bhí gaol gairid aige leis na mic léinn a tháinig faoina chúram, é mar a bheadh anamchara acu, ag cur comhairle orthu agus ag tabhairt aire mhaith dóibh. Thugadh sé ar thurais iad fosta go minic chuig leabharlanna a dh’amharc ar lámhscríbhinní agus chuig ionaid eile cultúir, leithéidí Tulach Óg, a raibh baint acu leis an litríocht agus leis an tsaíocht dhúchasach. Spreag sé cuid mhór mac léinn le taighde a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de litríocht Chúige Uladh, litríocht a raibh sé ina shaineolaí uirthi agus a bhí faoi cheilt cuid mhór go ndeachaigh sé féin a phlé léi. Is iomaí sin tráchtas dochtúireachta a stiúraigh sé, nó a raibh sé ina chomhstiúrthóir air, thar na blianta; rinne sé cion fir fosta ag leibhéal na Máistreachta agus chothaigh sé an taighde ag leibhéal na bunchéime chomh maith trí stiúrthóireacht a dhéanamh ar an iliomad miontráchtas. Bhain mic léinn dá chuid léachtóireachtaí ollscoile agus poist eile san earnáil oideachais agus chumarsáide amach níos moille anonn.

De thairbhe a chuid spéise i stair Chúige Uladh agus i stair áitiúil a cheantair féin, bhí baint dhlúth aige le Cumann Seanchais Ard Mhacha ar feadh na mblianta agus bhunaigh sé The South Derry Historical Association agus chaith blianta fada mar eagarthóir ar thréimhseachán an Chumainn. I measc na n-ábhar a d’fhoilsigh sé ar chúrsaí staire tá Ordnance Survey Memoirs of the Parish of Ardtrea 1833-36 (1983). Chuir sé eagar fosta ar O’Neill’s ‘Own Country’ and its Families (1998) leis an Athair Éamonn Ó Doibhlin.

Chuir Diarmaid roimhe féin chomh maith saol agus saothar litríochta bhan Protastúnacha Ghlinnte Aontroma a phoibliú agus a scaipeadh i measc phobal na Gaeilge. Chuige sin, mar shampla, d’fhoilsigh sé ‘Womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish Language’ (Seanchas Ard Mhacha 1994) agus Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin (1995). Thug sé cuid mhór léachtaí poiblí ar an ábhar seo fosta.

File an-bhreá ab ea Diarmaid freisin agus ghnóthaigh sé duaiseanna Oireachtais ar a chuid cumadóireachta, ina measc Briseadh na Cora (1981) agus Drumaí Móra (1997). Téann sé i ngleic go híogair i bhfriotal dúchasach traidisiúnta leis na trioblóidí agus le téamaí eile sna saothair seo:

I gcoilíneacht chúng dheiridh seo na nGall
Anois agus riamh
Le breis agus trí chéad bliain
Sceitheann an chaint orainn i gcónaí

Comhartha measa eile ar a shaothar cruthaitheach gur roghnaíodh dán álainn leis, Loch na Craoibhe (Crew Lough), don Leabhar Mór/The Great Book of Gaelic (2005). Is é féith seo na cruthaitheachta, maraon lena ghrá agus a phaisean don stair áitiúil agus do chultúr agus traidisiún Chúige Uladh, a chuir ar chumas Dhiarmada litríocht na Gaeilge a mhíniú chomh héifeachtach sin ina chuid léachtaí agus scríbhneoireachta.

Bhí aithne agam ar Dhiarmaid corradh le caoga bliain agus ní raibh focal crosta eadrainn ariamh. Is tubaisteach an chaill é do léann na Gaeilge, i gCúige Uladh go háirithe, ach tá uacht agus solas fágtha aige nach dtig a chealú ná a mhúchadh agus a mhairfidh ar feadh na nglúnta i ndiaidh a bháis.

Is uafásach ar fad an chaill é, ar ndóigh, dá theaghlach, ancaire a bheatha agus a spioraid, agus grá mór a chroí – a bhean shéimh Theresa, na páistí Crónán, Medb, Sinéad, Éamonn, Cáitlín agus Donncha, an ghar-chlann, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, agus a mhuintir uile go léir.

Go dté tú slán, a Dhiarmaid na Páirte, agus go raibh áit onórach ghealgháireach agat i measc shaoithe na nGael sa saol eile!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s