Aisling Ghéar: fás agus lomadh le 20 bliain

Tá Aisling Ghéar, compántas proifisiúnta drámaíochta Gaeilge, 20 bliain ar an fhód i mbliana. Tá lomadh déanta ar a gcraobhacha, áfach, mar gheall ar chiorruithe ar a mbuiséad. Labhair stiúrthóir an eagrais, Bríd Ó Gallchóir, le Gráinne Ní Ghilín.

Bríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir Aisling Ghéar, agus Gearóid Ó Cairealláin
Bríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir Aisling Ghéar, agus Gearóid Ó Cairealláin

Cúis cheiliúrtha a bhíonn ann de ghnáth nuair a bhíonn 20 bliain i mbun fáis curtha díot. Ach imní an rud is mó a bhí ar Bhríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir Aisling Ghéar, nuair a labhair An tUltach léi sa seomra feistis i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh. Is sa seomra céanna a bhíonn aisteoirí ag ullmhú le dul ar an stáitse, ach tá Bríd buartha nach i bhfad eile a bheas an compántas amharclannaíochta ar an fhód ar chor ar bith.

Fuair Aisling Ghéar litir cúpla seachtain ó shin ó cheann dá maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, a chuir iontas agus díomá mhór orthu. Gearradh, seachas ardú, ar a gcuid maoinithe atá i ndán dóibh.

Dúirt Bríd go bhfuil gearradh 70% déanta ag Foras na Gaeilge ar mhaoiniú Aisling Ghéar le hocht mbliana anuas, agus cé go bhfuil an compántas ag plé “go straitéiseach” leis an phota laghdaitheach airgid atá á chur ar fáil dóibh thar na blianta, tá an baol ann anois nach mbeidh siad in ann maireachtáil i ndiaidh mhí Feabhra 2018.

Tá laghdú mór tagtha ar bhuiséad an Fhorais féin san achar chéanna, ó £21m go £14m. Tá sé ráite ag Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur laghdú 40% é sin i ndáiríre nuair a ghlactar san áireamh costais a bheith ag ardú agus rátaí malartaithe neamhfhabhracha airgeadra.

Dúirt sé ar an chlár Blas ar BBC Raidió Uladh an tseachtain seo caite nár fhulaing aon eagras ar an oileán mar a d’fhulaing Foras na Gaeilge de dheasca na déine san earnáil phoiblí. Mhínigh sé go bhfuil buiséad 2017 an Fhorais mar an gcéanna le buiséad na bliana roimhe, ach gur “ciorrú de facto” é sin.

“Tá costais ag dul in airde agus táimid ag fuilstean leis an ráta malartaithe idir steirling agus euro,” ar sé ar an chlár. Luaigh sé fosta go bhfuil níos mó eagras ag cur isteach ar Scéim na gComplachtaí Drámaíochta atá ag an Fhoras agus go bhfuil Aisling Ghéar ag fáil níos mó ná aon dream eile.

Mar sin féin, mothaíonn Stiúrthóir Aisling Ghéar go láidir nach bhfuil sé cothrom go bhfuil i bhfad níos mó de laghdú, i dtéarmaí céatadáin, gearrtha ar a heagraíocht féin (70%) ná mar atá gearrtha ar an Fhoras (40%).

An cáineadh is mó atá aici nach bhfuil an Foras ag plé leis na ciorruithe ar dhóigh straitéiseach. Glacann sí leis go bhfuil a ndeacrachtaí féin ag an Fhoras mar gheall ar na ciorruithe móra ar a mbuiséad thar na blianta. Ach ní dóigh léi gur fadhb é a bhaineann leis an mhéid airgid amháin. Easpa físe i dtaca leis na healaíona Gaeilge, dar léi, an rud is mó atá ag cur frustrachais uirthi. “Gan fhís, gan straitéis – agus níos tábhachtaí fós – gan phaisean, ní bhfaighidh siad aon airgead breise ón rialtas.”

Tá an pointe déanta ag Stiúrthóir Aisling Ghéar go bhfuil an infheistíocht atá déanta ag Foras na Gaeilge sa chompántas thar na blianta i ndiaidh bláthú, go háirithe anois agus iad fiche bliain i mbun fáis. “Nach fiú faic é go bhfuil muidne anseo ag obair go crua le scór bliain anuas, ag déanamh obair nuálach agus ag cur léirithe den scoth ar an ardán?”

Ní hí Ó Gallchóir amháin atá ag maíomh as an mhéid atá bainte amach ag Aisling Ghéar. Dúirt Brian Ó Conchubhair in Oxford Handbook of Modern Irish Theatre go bhfuil an compántas ar an togra is marthanaí agus is nuálaí in amharclannaíocht na Gaeilge leis na scórtha bliain anuas.

Leis an chaint seo uilig ag Stiúrthóir Aisling Ghéar ar an tábhacht a bhaineann le straitéis agus le fís, cad é atá déanta ag a heagras féin chun dul i ngleic le lomadh a gcraobhacha?

Deir Bríd gurb í an fhís atá acu ná go mbeidh drámaíocht ar an stáitse i mBéal Feirste do phobal na Gaeilge. Chuige sin, an rud a rinne siad nuair a gearradh n maoiniú an chéad uair ná comhpháirtíochtaí a bhunú. “Rinne muid tionscadal le daltaí i gColáiste Feirste chun dráma raidió a scríobh. Bhí muid ag comhoibriú le Raidió Fáilte agus chuaigh sé amach [ar an aer].

“Bímid ag comhoibriú le féilte, mar ansin cuireann an fhéile airgead isteach. Tá súil againn go mbeimid mar chuid d‘Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste i mbliana.”

Seift eile a bhí acu ná teacht i dtír ar ildánacht fhoireann an eagrais níos mó. “Thosaigh mise ag déanamh a lán rudaí mé féin: ag aisteoireacht níos mó agus ag scríobh níos mó,” ar Bríd.

An fhadhb atá leis sin ar ndóigh go bhfuil airgead á choinneáil ó ealaíontóirí eile, agus is gné den scéal é a aithníonn Bríd féin go maith.

Ar na bearta eile atá curtha i bhfeidhm ag Aisling Ghéar tá laghdú ar líon na bpáirteanna ina gcuid léirithe. “Scríobh muid seó sceitseanna. Bhí ceathrar againn ag obair le chéile ag scríobh na sceitseanna – mise, Gearóid Ó Cairealláin, Nuala Ní Néill agus Tony Devlin – agus ní raibh ach beirt sa seó féin. Thosaigh muid ag déanamh seónna aonair: Alice Milligan, Seo Robert, Wheelchair Monologues.”

Tony Devlin agus Nuala Ní Néill i seó sceitseanna Aisling Ghéar

Seancheist a thagann chun cinn aimsir na déine agus na gciorruithe ná cén mhaith atá leis na healaíona ar chor ar bith? Smaoiníonn Bríd siar ar eispéireas a bhí aici in amharclann an Lyric lena hargóint a chur i láthair.

“Muna bhfeiceann daoine iad féin, a sochaí féin, ar an ardán, cad é is fiú sinn? Is cuimhin liom dul chuig dráma a scríobh Gary Mitchell faoi phobal dílseach, aontachtach Ráth Cúile sa Lyric. Ní théann na daoine a raibh an dráma fúthu chuig an Lyric riamh. Ach an oíche a raibh mise ann, bhí siad tar éis bus lán daoine a thabhairt isteach ó Ráth Cúile. Ní cuimhin liom mórán faoin dráma, mar bhí an rud a bhí ag tarlú sa lucht féachana chomh suimiúil sin.

“Seo daoine nach bhfeiceann iad féin á léiriú go poiblí ach amháin nuair atá siad á gcáineadh. An oíche seo, bhí atmaisféar speisialta ann. Bhí siad ag scairteadh amach. Bhí siad ar bís ar fad mar nach bhfeiceann siad iad féin riamh ar an ardán. Tá an amharclann ann chun ár scéalta féin a insint, a chomóradh agus a cheistiú.”

Beidh scéalta phobal na Gaeilge á n-insint amach sa bhliain nuair a bheidh Na Fadgies le feiceáil ag Féile an Phobail i mí Lúnasa. Agus déanfar cíoradh ar an déine in Ní Dhíolfaimid!, léiriú logánta de dhráma Dario Fo Non Si Paga! Non Si Paga! Tá na pleananna le dráma Fo a thabhairt ar camchuairt ar fud na tíre curtha ar ceal anois mar gheall ar easpa maoinithe, ach tá iarratais curtha isteach chuig maoinitheoirí eile ag Aisling Ghéar lena chinntiú gur féidir é a chur ar an stáitse ar a laghad i mBéal Feirste san fhómhar.

In ainneoin an scéil faoin laghdú ar a maoiniú, tá paisean agus fonn troda go fóill ar lucht Aisling Ghéar. Tá Bríd spreagtha go bhfuil Aisteoirí Aon Dráma, grúpa amaitéarach, ar ais ar an ardán. Bhí siad páirteach i bhFéile Drámaíochta Aisling Ghéar an deireadh seachtaine seo caite le léiriú ar An Giall le Brendan Behan. Is í Bríd a bhí mar stiúrthóir acu, ar bhonn deonach.

Deir sí go bhfuil brú á chur ag Aisling Ghéar ar pholaiteoirí, SDLP agus Sinn Féin go mór mhór. “Táimid ag fáil cluas éisteachta agus tá súil againn go dtig linn foinse eile maoinithe a aimsiú.”

Aisteoirí Aon Dráma ag dul do An Giall le Brendan Behan ag Féile Drámaíochta Aisling Ghéar, 11ú Meitheamh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich
Aisteoirí Aon Dráma ag dul do An Giall le Brendan Behan ag Féile Drámaíochta Aisling Ghéar, 11ú Meitheamh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s