Ulaid: Cuisle an cheoil ag preabadh cois Loch Lao

Le Feargal Ó Raifeartaigh

Má mheallann rithim an phoirt do mhian, is iomaí áit in Éirinn a dtabharfadh do chosa thú. Bheadh Sráid na Cathrach, Droim Seanbhó, Inis an Chláir chun tosaigh i d’aigne, b’fhéidir. Is deacair smaointiú, áfach, ar áit chomh dlúth agus chomh beo beathach is atá an chathair cois cuain in oirthuaisceart na tíre faoi láthair. Idir sheisiúin agus cheolchoirmeacha beirt, beidh plúr na gceoltóirí le cluinstin sna míonna atá amach romhainn i mBéal Feirste.

Seolfar Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste go hoifigiúil an Aoine bheag seo i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is idir an 31ú Iúil agus an 6ú Lúnasa a thitfidh an Scoil Samhraidh amach i mbliana, an chéad uair riamh a bheidh sí ar siúl sa chathair. Beidh ranganna agus ceardlanna á stiúradh ag scoth na gceoltóirí (Brian McGrath, Ed Boyd agus Laoise Kelly ina measc) agus beidh a dtallann á léiriú acu don chéad ghlúin eile.

Bíonn Tigh Mhadáin, Tigh Cheallaigh agus an Sunflower lán fidléirí lena slatanna draíochta agus píobairí ag folmhú a gcuid bolg achan oíche na seachtaine. Cúpla bliain ó shin, tháinig triúr den tsaol sin le chéile agus bhunaigh siad an grúpa Ulaid. Is iad John McSherry, Seán Óg Graham agus Dónal Ó Connor na máistrí atá ag cur a mbuanna os comhair an phobail.

Duke Special agus Ulaid Sráid

Nuair a labhair mé le Dónal ar na mallaibh faoina bhfuil i ndán don ghrúpa, agus faoin albam nua ‘A Note Let Go’ atá á sheoladh acu, ba dheacair dó na sceitimíní a bhí air faoi thodhchaí an cheoil sa chathair a cheilt. Tá an saothar uilig san albam bunaithe ar ábhar ó bhailiúchán an staraí Francis J. Bigger. Rinne Dónal póirseáil i Leabharlann na Cathrach chun an tseoid seo a aimsiú, agus spreagadh chun gnímh é.

Ba ón dán ‘An Lon Dubh’, a scríobhadh sa naoú haois, a fuair Ulaid an t-ainm don albam nua (“int én bec / ro léic feit / do rinn guip / glanbuidi”). Shíl Dónal go mbeadh sé go deas dá bhféadfaidís leagan dátheangach a dhéanamh. Is léir ar na físeáin atá curtha amach ag an ghrúpa gur éirigh go geal leo, i gcuideachta a n-aoi speisialta, Duke Special, anam na filíochta a cheapadh sa cheol.

Tá baint mhór ag Béal Feirste leis an cheol thraidisiúnta a chothú agus a spreagadh leis na cianta. Nuair a thras-scríobh Edward Bunting an ceol a chuala sé ag Féile na gCláirseach in 1792 (agus é ag fanacht ag muintir Henry Joy McCracken, dála an scéil), d’fhág sé rian dochloíte ar fhéiniúlacht an chúige agus na cathrach araon. Tá an rian sin le mothú go láidir sa lá atá inniu ann, a chuisle ag preabadh go fóill sa cheol cois Loch Lao.

Beidh Ulaid agus Duke Special ag tiomsú airgid don Scoil Samhraidh ag ceolchoirm dá gcuid ar an 19ú Bealtaine i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag a 8in. Tá ticéid fós ar fáil ar £10 anseo. Beidh siad níos daoire ar an doras!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s