Amhrán mór Muimhneach ag bean Chloich Cheannfhaola

Beidh Diane Cannon, amhránaí as paróiste Chloich Cheannfhaola, ar an ardán i mBéal Feirste agus ag Féile na Mí i Ráth Chairn sna seachtainí beaga atá amach romhainn. D’eisigh an Conallach amhrán mór Muimhneach, ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’, an mhí seo caite. Labhair sí leis An tUltach faoi sin, faoin albam atá beartaithe aici, agus faoina cur chuige i leith amhráin a theagasc do pháistí ar scoil.

Inis dúinn faoin amhrán ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ atá eisithe mar shingil agat.
Amhrán cáiliúil é ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ a bhaineann le tréimhse Chromail in Éirinn i lár na seachtú haoise déag. Is é Gleann Eatharlaí, i gContae Thiobraid Árann, an gleann atá i gceist. Is ann a bhí Seán ina chónaí agus cuireadh amach as a chuid talaimh é as siocair a pháirte sa troid. B’éigean dó aghaidh a thabhairt ar an Eoraip, cosúil leis an chuid eile de na Géanna Fiáine. Cé gur le Cúige Mumhan is mó a luaitear an t-amhrán seo, agus gur leagan Muimhneach den amhrán atá agam anseo, tá cosúlacht láidir idir é agus an fonn a chuir Nellie McConnell as Doire Leac Conaill leis an amhrán.

Bhí dúshlán mór agam leis an amhrán seo, ag iarraidh é a fháil i gceart. Tá aoibhneas agus cumha ann. Tchíonn Seán an dúlra agus an nádúr ag ceiliúradh maidin dheas shamhraidh, ach tá a chroí féin trom dá ainneoin sin. Tuigeann sé go gcaithfidh sé an t-aoibhneas agus an pléisiúr a fhágáil ina dhiaidh agus aghaidh a thabhairt thar farraige. Oibríonn an t-amhrán seo ar chúpla leibhéal. Tá an stair i gceist agus tá an chumha ann fosta. Tá an imirce i gceist, rud a bhfuil cleachtadh maith ag muintir na hÉireann uirthi. Agus tá an ceol álainn sin atá leis an amhrán mar bharr ar an iomlán. Rinne mé iarracht a cheart féin a thabhairt dó. Chuala mé an leagan seo den amhrán ag Doimnic Mac Giolla Bhríde.

An bhfuil tuilleadh amhrán taifeadta agat agus an bhfuil sé de rún agat albam a dhéanamh?
‘Seán Ó Duibhir’ an singil a thaifead mé agus a rinne mé a sheoladh go haonarach. Tá mé ag obair ar albam úr faoi lathair de mheascán d’amhráin ó mo cheantar féin, agus cúpla féirín eile ina measc. Beidh sin á sheoladh níos moille sa bhliain.

Cé hiad na hamhránaithe is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
Caithfidh mé a rá, athraíonn mó playlist go minic. Braitheann sé cad é atá ar siúl sa tsaol agam. Thiocfadh liom liosta amhránaithe a chuaigh i bhfeidhm ormsa a thabhairt duit, ach bheadh sé chomh fada le seachtain! Grá, paisean, misneach agus deimhneacht – má tá sin ag an cheoltóir, níl bualadh air.

Go cinnte sa cheol thraidisiúnta, d’fhás mé aníos le saibhreas na gceoltóirí a bhí i gcónaí iontach maith dom, rud a d’fhág lorg ar stíl mo chuid ceoil féin – macasamhail Mhairéad Ní Mhaonaigh, Lillis Uí Laoire agus mó dhá athair mhóra féin, Maighnigh (Manus) Cannon agus Neidí Beag Ó Gallachóir. Bhí mo mháthair agus m’athair i gcónaí – agus bíonn go dtí an lá atá inniu ann – mar inspioráid agus cuidiú agamsa. Tá a dtuairim i gcónaí mar an focal deireanach agam.

Cad iad na hamhráin is fearr leat a bheith ag ceol?
Nuair a chluineann tú an t-amhrán ceart, bíonn a fhios agat!

Cá háit a bhfuil tú lonnaithe anois agus cad é an cineál oibre a bhíonn ar siúl agat?
Tá saol an mhadaidh bháin agamsa anois. Bím i mBéal Feirste cúpla lá agus cúpla lá sa bhaile, i dTír Chonaill. Le traidhfil blianta anuas, tá cuid mhór ama caite agam i mBéal Feirste. Bhí mé ag teagasc amhránaíochta i gcuid mhór scoileanna ar feadh seala agus ag obair go lánaimseartha. Ach an rud is mó a thug go Béal Feirste mé ná an ceol. Tá rud millteanach ama caite agam le cúpla bliain ag obair ar chur ceoil le chéile fá choinne albam úr a thaifeadadh. Tá cuid mhór aithne curtha agam ar scoth na gceoltóirí a mbím ag obair leo. Rinne mé cairde iontach dílis a chuidigh liom go mór agus atá iontach flaithiúil lena gcuid ama agus lena dtallann as cuimse.

Cad iad na hamhráin a bhíonn tú ag teagasc do na páistí sna scoileanna agus cad é an rud is mó a thaitníonn leo faoi na ranganna?
Bíonn sé deas an seans a fháil go fóill rang amhránaíochta a dhéanamh leis na páistí. Ní chreidim gur chóir barraíocht béime a chur ar amhráin faoi leith a theagasc; tarlaíonn sé go nádúrtha – aithne bheag a fháil orthu ar tús agus b’fhéidir amhrán beag simplí, agus go mion minic, nuair a ligeann tú dóibh a mbealach féin a dhéanamh, cuirfidh siad féin na ceisteanna agus déanfaidh siad féin fiosrú faoi na hamhráin mhóra. Bhí mé féin agus m’iníon páirteach sa leabhar agus sa taifead Ící Pící a chuir teaghlach Mhic Giolla Bhríde le chéile cúpla bliain ó shin, agus bainim úsáid as na hamhráin sin go minic. Go díreach, sult a bhaint as – sin an méid!

Beidh Diane Cannon i mbun ceolchoirme le ceoltóirí eile sa Duncairn i mBéal Feirste Dé hAoine, 26ú Bealtaine, ar 8in. Tá airgead á thiomsú do Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste. Beidh sí le cluinstin ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn, Contae na Mí, 16-18ú Meitheamh.

Lean Diane Cannon ar Facebook nó ar a shuíomh, dianecannonmusic.com
Tá an singil ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ le fáil ó iTunes.

Diane Cannon
Grianghraf le Liam Scott
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s