Turas Bóthair ar TG4: seoid do na teangeolaithe

Seoid do lucht na teangeolaíochta a bheas sa tsraith úr Turas Bóthair, a bheas ag tosú ar TG4 anocht. Agus rud eile a mheallfaidh an lucht féachana ná gur féidir cúléisteacht le comhráite cainteoirí Gaeilge as fud fad na tíre.

Milene Ní Fhaogáin
Milène Ní Fhaogáin

Dúirt Milène Ní Fhaogáin, léiritheoir an chláir, an méid sin leis An tUltach.

Oibríonn Milène le Waddell Media in Ard Mhic Nasca, Contae an Dúin. Tá cláir déanta aici do BBC agus RTÉ, ina measc The Mercy Ship agus Francis Brennan’s Grand Indian Tour. Níl sí i bhfad tagtha ar ais ó sheal i Vítneam, áit a raibh sí ag scannánaíocht faoi choinne clár eile leis an óstánaí aitheanta.

Ar ais in Éirinn, don chlár Turas Bóthair chuir Milène ceamaraí beaga i gcarranna ar fud na tíre agus thaifead sí na comhráite a bhí ag na tiománaithe agus paisinéirí lena chéile.

As siocair nach raibh ann ach na cainteoirí féin, gan aon duine leo ag taifeadadh a gcomhrá, dar le Milène, tugann an clár léargas maith ar an Ghaeilge labhartha sa lá atá inniu ann.

Tugann sí le fios go labhraíonn cainteoirí dúchais i bhfad níos gaiste lena chéile ná mar a labharfadh siad le duine nach cainteoir dúchais í nó é. Tá cuid mhór Béarla le fáil i gcaint na ndaoine fosta, fiú nuair atá Gaeilge líofa acu. Tá focail mar “upset-áilte” agus “close-áilte” le cluinstin agus tá lorg an Bhéarla ar na struchtúir teanga fosta, a deir Milène.

Tá daoine as gach cearn den tír sa chlár: Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, Dún Pádraig, Doire, Conamara agus Tír Chonaill. Tá siad le cluinstin ag labhairt ar réimse ábhar, an bás, an saol eile, grá agus gnéas ina measc.

Cuireadh ceamara i mbus a thugann aosaigh thart i gCeantar na nOileán i gConamara, agus i dtacsaí i nGaoth Dobhair. Tá daoine d’aoiseanna éagsúla ann agus taithí éagsúil ar an saol ag gach duine acu.

Ta fear as Ciarraí ann nach raibh i mBaile Átha Cliath riamh; go deimhin, níor fhág sé Cúige Mumhan fós.  Ansin tá beirt bhan óg as Baile Átha Cliath ann a bhfuil a gcuid suimeanna ag teacht leis an chineál saoil a shamhlófá le Los Angeles, a deir Milène. Tá bean eile ann atá ag fáil cóir leighis faoi choinne ailse.

Tugann Milène focal rabhaidh, don té atá goilliúnach faoi na cúrsaí seo, faoi cheist eile teanga a thagann chun cinn sa chlár. An fáth a dtosaíonn sé chomh mall sin ar TG4, ar 9.30in, ná go bhfuil drochfhocail le cluinstin go mion agus go minic.

Bhí mórán rudaí ann a chuir iontas ar Milène agus í i mbun léirithe. Tá an clár i bhfad níos doimhne ná mar a shíl sí a bheadh sé. “Is maith linn a bheith ag caint faoin bhás,” ar sí, “agus tá comhráite galánta ann faoin ghrá. Áit iontach nádúrtha é an carr le comhrá doimhin a dhéanamh.”

Beidh Turas Bóthair ar TG4 ar an Déardaoin ar 9.30in. Tosóidh sé anocht, an 4ú Bealtaine, agus tá 6 eagrán sa tsraith.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Turas Bóthair ar TG4: seoid do na teangeolaithe

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s