Rachfar i gcomhairle le muintir Bhéal Feirste faoi pholasaí teangacha

Cuirfear dréachtpholasaí teangacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar aghaidh chuig an chéad céim eile, comhairliúchán poiblí, mar gheall ar vótaí a chaith na comhairleoirí aréir.

Clúdaíonn an dréachtpholasaí an Ghaeilge, an Ultais agus teangacha na mionlach sa chathair, Polainnis, Rómáinis agus Liotuáinis ina measc. Moladh suntasach amháin atá ann ná Oifigeach Gaeilge a cheapadh.

Beidh deis ag pobal na cathrach a dtuairimí a chur in iúl i bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a mhairfidh 8 seachtaine. Níl tús curtha leis go fóill.

Chuir páirtithe aontachtacha in aghaidh Oifigeach Gaeilge a bheith ann ag cruinniú den Chomhairle aréir. B’fhearr leo Oifigeach Teangacha, a bheadh ag plé leis an Ultais agus teangacha na mionlach chomh maith.

Chuir Lee Reynolds, comhairleoir de chuid an DUP, rún chun cinn an dréachtpholasaí a thabhairt siar céim go dtí an Coiste um Beartas Straitéiseach agus Acmhainní. Dá nglacfaí an rún úd, bheadh bac agus moill curtha ar an phróiseas le polasaí éagsúlacht teangacha a chur i bhfeidhm, agus ní bheadh béim chomh mór sin ar an Ghaeilge.

Thit an rún áfach nuair a vótáil 31 comhairleoir ina éadan agus 22 ar a shon, rud a fhágann gur céim chun cinn seachas ar gcúl a bheas á thabhairt sa phróiseas le polasaí éagsúlacht teangacha a chur i bhfeidhm i mBéal Feirste.

Dúirt an Comhairleoir Michael Long (Alliance) leis An tUltach go bhfuil a pháirtí “iontach sásta ar fad go mbeidh comhairliúchán poiblí ann faoin pholasaí nua seo.

“Mothaímid go mbeidh an Chomhairle Cathrach ag aithint, faoi dheireadh, an tábhacht a bhaineann le pobal na Gaeilge, pobal ina bhfuil daoine de chreidimh éagsúla, as ceantair éagsúla, sa chathair.”

Tá oifigigh i gcomhairlí eile sna sé chontae a bhfuil an Ghaeilge mar shainchúram orthu.

Tá duine amháin i gComhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. ‘Oifigeach Beartas (Gaeilge)’ an teideal atá ar an phost sin. Athraíodh an teideal ó ‘Oifigeach Gaeilge’ i Meán Fómhair 2016 nuair a tháinig athrú ar chúrsaí maoinithe don phost, ach níor athraíodh sonraíochtaí an phoist. Bhí maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge don phost ar feadh ocht mbliana agus is iad lucht íoctha rátaí a chlúdaíonn costas iomlán an phoist anois.

Tá beirt oifigeach ag plé leis an Ghaeilge i gComhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin: Oifigeach Forbartha Pobail agus Oifigeach Seirbhísí Gaeilge.

Beirt Oifigeach Forbartha Gaeilge atá i gComhairle Ceantair Lár-Uladh, agus tá Oifigeach Gaeilge páirtaimseartha i gComhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí.

Is féidir dréachtpholasaí éagsúlacht teangacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a léamh anseo.

(Pictiúr: http://www.visitbelfast.com)

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s