Vótáil do Chairde Teo

Tá Cairde Teo, eagras Gaeilge in Ard Mhacha, ar ghearrliosta le deontas a fháil ó Bhanc Uladh agus tá siad ag iarraidh ar an phobal vótáil dóibh roimh an Aoine bheag seo, an 5ú Bealtaine.

Tá £70,000 i gCiste Scileanna agus Deiseanna Bhanc Uladh i mbliana. Tá deontais ar fiú suas le £35,000 iad ar fáil d’eagrais neamhbhrabúis atá ag cuidiú le daoine a n-inniúlacht airgeadais a threisiú nó fiontar a chur chun cinn. Tá an scéim dírithe ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste. Féachtar le cuidiú leo scileanna agus deiseanna a fhorbairt i réimse an ghnó.

Dúirt Seán Ó Maoilsté ó Chairde Teo, “Má éiríonn linn, táimid ag díriú ar thraenáil agus scileanna nua a thabhairt do phobal na Gaeilge, go háirithe iad sin atá ag teacht amach ón mheánscoil, le go mbeidh roghanna fostaíochta Gaeilge acu sa chultúrlann úr.” Táthar ag súil go mbeidh an chultúrlann in Ard Mhacha réidh i samhradh 2018.

Ar na buaiteoirí a fuair deontas ó chiste Bhanc Uladh san am a chuaigh thart tá Walk Peer, tionscadal a chuidigh le 53 duine óg atá ag freastal ar scoileanna speisialta i nDroichead Átha scileanna fiontraíochta agus fostaíochta a fhorbairt. Eagraíodh tobshiopa Nollag, áit a bhfuair na hógánaigh deis a scileanna a chur i bhfeidhm.

Socróidh painéal moltóirí cé a gheobhaidh deontas i mbliana agus cá mhéad a gheobhaidh siad (suas le £35,000), ach glacfar vótaí an phobail san áireamh fosta.

Is fiú a mheabhrú go bhfuil eagrais Ghaeilge faoi bhagairt, go háirithe le tamall de mhíonna anuas, ag ciorruithe ar a maoiniú poiblí, agus nach bhfuil an dara rogha ag go leor acu ach maoiniú a lorg ó fhoinsí eile.

Is féidir vótáil do Chairde Teo ach cliceáil anseo. An Aoine, an 5ú Bealtaine lá deiridh na vótála.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s