FÍSEÁN: an DUP ag amharc ar reachtaíocht don Ghaeilge

Dhearbhaigh an DUP go bhfuil siad ag amharc ar ábhar a bhaineann le reachtaíocht don Ghaeilge. Thug siad an méid sin le fios ag cruinniú a bhí acu le Conradh na Gaeilge in Stormont inniu.

Bhí cruinniú ag an DUP fosta inniu le Pobal, eagras neamhspleách abhcóideachta. Bhí ionadaithe ó roinnt grúpaí Gaeilge i dtoscaireacht Pobal.

Conradh na Gaeilge

Bhuail cúigear ó Chonradh na Gaeilge le ceannaire an DUP, Arlene Foster, agus le baill eile an pháirtí.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, chuir an DUP in iúl go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge ann ach go raibh “díospóireacht thréan ann faoin chuma a bheas ar an reachtaíocht sin”.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “cruinniú úsáideach” a bhí ann inar cuireadh moltaí an eagrais maidir le hacht Gaeilge os comhair an DUP. Labhair sé leis An tUltach i ndiaidh an chruinnithe.

Labhraíodh ag an chruinniú faoi na costais a bhaineann le moltaí Chonradh na Gaeilge, atá leagtha amach i bplécháipéis a d’eisigh an t-eagras an mhí seo caite.

“Creidim go bhfuair muid éisteacht mhaith,” ar Niall Comer, “agus tá muid ag súil go dtacóidh an DUP leis an Acht Gaeilge i ndiaidh dóibh machnamh a dhéanamh ar an mhéid a phléigh muid leo inniu.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht rófhada leis an stát reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cosaint ar na cearta daonna seo i leith na teanga; tá aimsir na gcruinnithe beagnach thart agus anois am don ghníomh.”

Tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíochta don Ghaeilge: Sinn Fein, SDLP, Alliance, an Páirtí Glas agus an Pobal Thar Bhrabús.

Tá cuireadh curtha ag Conradh na Gaeilge chuig ceannaire nua an UUP, Robin Swann, bualadh le Conradh na Gaeilge leis an scéal a phlé.

I dtoscaireacht Chonradh na Gaeilge inniu bhí: an Dr Niall Comer (an tUachtarán), Julian de Spáinn (an tArd-Rúnaí), Ciarán Mac Giolla Bhéin (an Bainisteoir Abhcóideachta), Michaeline Donnelly (Craobh Phobal ar a’n Iúl) agus an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Feidhmeannach Cumarsáide).

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots, David Graham and Chris Stalford i láthair thar cheann an DUP.

CnaG Arlene 170427

Toscaireacht Pobal

Bhí cruinniú ag Pobal leis an DUP ar maidin in Stormont.

Dúirt Janet Muller ó Pobal go raibh “atmaisféar oscailte” ann agus go raibh deis acu “labhairt faoin mhóréagsúlacht oibre atá ar siúl ag grúpaí Gaeilge agus ar an dóigh a dtagann ráchairt ar acht Gaeilge cuimsitheach, cearta-bhunuithe as ár gcuid dtaithí féin.”

Chuir stiúrthóir Pobal béim ar “dípholaitiú” cúrsaí teanga agus ar na moltaí atá déanta ag an eagras d’acht Gaeilge, moltaí atá bunaithe ar roinnt comhairliúchán leis an phobal.

“Dar linn gur cruinniú úsáideach a bhí ann,” ar Janet Muller, “ach is é tástáil na putóige a hithe.”

Dúirt Pobal go mbeadh siad sásta leanstan leis an teagmháil idir iad féin agus an DUP, agus le dreamanna eile nach iad.

“Molann muid do ghrúpaí Gaeilge scríobh chuig Arlene Foster agus cuireadh a thabhairt di bualadh leo,” arsa stiúrthóir an eagrais.

Bhí iondaithe ó roinnt grúpaí Gaeilge ag an chruinniú le Pobal: Ciarán Ó Pronntaigh, Stiúrthóir An tÁisaonad, a chuireann áiseanna ar fáil do ghaelscoileanna, agus eagarthóir An tUltach; Pól Deeds, príomhfheidhmeannach An Droichead, an príomhghrúpa Gaeilge in oirthear agus i ndeisceart Bhéal Feirste, agus Seán Ó Maoilsté, Stiúrthóir Cairde Teo, a chuireann seirbhísí agus tograí Gaeilge ar fáil in Ard Mhacha.

Scoil na Maighdine Muire, an tIúr
Inné, an Chéadaoin, thug Arlene Foster cuairt ar Scoil na Maighdine Muire ar an Iúr. Chaith sí dhá uair a’ chloig ann agus bhuail sí le múinteoirí agus le daltaí. Rinne na daltaí léiriú drámaíochta agus amhránaíochta di agus bronnadh pictiúr uirthi.

Ag imeacht di ón scoil, ghabh Arlene Foster buíochas lucht na scoile i nGaeilge agus dúirt sí le tuairisceoirí gur “ardú meanman” a bhí sa chuairt di.

Ní neart go

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s