FÍSEÁN: An Lá Dearg cothrom an lae seo in 2014

Cothrom an lae inniu, trí bliana ó shin, tháinig na mílte daoine as fud fad na tíre don Lá Dearg i mBéal Feirste.

Rinne An tUltach físeán den tslua ag déanamh a bhealaigh síos Bóthar na bhFál. Tá gach duine a shiúil an bealach ón Chultúrlann le feiceáil ann. Amharc go bhfeicfidh tú tú féin! [Ar lean thíos…]

Cearta, cothromas agus cóir a bhí á éileamh ag an phobal an lá sin, an 12ú Aibreán 2014. Bhí acht Gaeilge ceartbhunaithe á iarraidh – agus tá go fóill.

Cuimhneoidh sibh go raibh gearradh agus lomadh á dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge in achan earnáil in 2014. Bhí cuid mhaith eagras Gaeilge lena mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge a chailliúint. Ina measc bhí Iontaobhas Ultach, Altram, Pobal agus an tÁisaonad.

Tháinig an Lá Dearg i mBéal Feirste sna sála ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (15ú Feabhra). Ní raibh an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirithe as a phost ach le 6 seachtaine (24ú Feabhra), beart a rinne sé le teann frustrachais mar gheall ar theip an rialtais ó dheas a dhualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Bhí pobal na Gaeilge cíocrach i ndiaidh a gcuid cearta teanga. Bhí mionfheachtais go leor mar chuid den mhorfheachtas. D’éirigh le cuid acu.

Bhí meánscoil Ghaeilge á héileamh i gContae Dhoire. Osclaíodh Gaelcholáiste Dhoire bliain go leith i ndiaidh na hagóide, i mí Mheán Fómhair 2015.

Bhí irisí fadbhunaithe na Gaeilge, An tUltach agus Feasta, go mór i mbaol ag an am. Tá siad ann ar fad sa lá atá inniu ann, agus iad ag dul ó neart go neart.

Ach tá pobal na Gaeilge cíocrach crogallach go fóill as siocair go bhfuil ár gcearta teanga fós á séanadh orainn.

Rachaidh cúpla rud i bhfeidhm ort agus tú ag amharc ar an fhíseán: ilchineálachas an tslua agus go bhfuil rothaí móra an tsaoil ag casadh.

Bhí scaifte ollmhór ann. Bhí daoine ann ar mhaidí croise agus i gcathaoireacha rothaí. Ghlac daoine d’achan aois páirt sa mhórshiúl, iad siúd a bhfuil na ceithre scór slánaithe acu agus babaithe beaga ina measc.

Tháinig daoine as achan chearn den tír le seasamh ar son a gcearta teanga: muintir Thír Chonaill, Chiarraí, Chonamara, Shord Cholm Cille, agus daoine as fud fad Chúige Uladh.

Tá daltaí a bhí ar scoil an t-am sin ar an ollscoil anois nó amuigh ag obair ag saothrú a gcoda. Tá tachráin a bhí á n-iompar i mbaclainn a dtuismitheoirí an lá sin ar an scoil anois – agus mura raibh caint acu trí bliana ó shin, tá siad ag spalpadh na Gaeilge go binn inniu.

Tá lánúineacha le feiceáil ann nach raibh acu ach an t-aon duine amháin clainne thiar in 2014 ach a bhfuil beirt nó triúr anois acu. Agus tiocfaidh cumha ort nuair a fheicfeas tú cairde a bhí ag siúl lenár dtaobh an lá sin ach atá imithe uainn, ar shlí na fírinne, faoi seo.

Lá Dearg 2014
An Lá Dearg i mBéal Feirste cothrom an lae inniu 3 bliana ó shin, an 12ú Aibreán, 2014.

Ní liosta cuimsitheach é seo, ach seo roinnt de na heagrais, grúpaí agus daoine aitheanta a bhí Dearg le Fearg cothrom an lae inniu trí bliana ó shin.

An mbeidh tú ann arís don Lá Dearg ar 20ú Bealtaine 2017? #BeidhMéAnn

– Pobal Éanna, Gleann Ghormlaithe, Contae Aontroma
– Bunscoil Bheann Mhadagáin, Béal Feirste
– T-Rex Ó Saurus
– Misneach
– Naíscoil Chill Locha, Dún Phádraig
– Gaelscoil Neachtain, Dún Geimhin, Contae Dhoire
– Glór Dhún Geimhin
– Muintir Charn Tóchair
– Pobal
– Altram
– Muintir Dhearg le Fearg Thír Chonaill
– Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta
– Tura Artura, damhsóir
– An tUltach
– Doimnic Mac Giolla Bhríde, amhránaí sean-nóis
– Muintir Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí
– Naíscoil Dhún Pádraig, Contae an Dúin
– Clára Ní Ghiolla, Marcas Ó Cinnéide agus Máirín Hurndall, láithreoirí ar Raidió Fáilte
– Fingallians CLG, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath
– Tony Devlin, aisteoir (amharc an stíl ghruaige Mohican dearg air a bhí air!)
– An Dr Art Hughes, Ollscoil Uladh
– Ard-Mhéara Bhéal Feirste ag an am, Máirtín Ó Muilleoir
– Scoil an Droichid, Béal Feirste
– Gaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn
– Gaelscoil na mBeann, Cill Chaoil, Contae an Dúin
– Coláiste Feirste, Béal Feirste
– Gaeil an tSratha Báin
– Bunscoil Mhic Reachtain
– Craobh Ard Eoin de Chonradh na Gaeilge, Béal Feirste
– Gaeil na hÓmaí
– Glór na Tuaithe
– Muintir Ghaeltacht Chonamara
– Club Árus na nGael, Gaillimh
– Conradh na Gaeilge
– Gaeil Dhoire
– Gael-Choláiste Chill Dara
– Gaeil Oirialla
– Cairde Uí Néill, Dún Geanainn
– Cumann Chluain Ard
– Glór na Móna
– Sinn Féin

Advertisements

2 thuairim ar “FÍSEÁN: An Lá Dearg cothrom an lae seo in 2014

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s