Athoscailt: Maoiniú ar ais ag Cumainn Óige  

 

Tá Glór na Móna agus cumainn óige Ghaeilge eile i mBéal Feirste a bhíonn ag comhoibriú leo ag ceiliúradh i ndiaidh dóibh an scéala a fháil i scríbhinn go bhfuil an tÚdarás Oideachais le maoiniú a thabhairt ar ais dóibh. Beidh na cumainn in ann athoscailt láithreach, dar le Glór na Móna.

Ní hamháin go bhfuil an maoiniú ar ais acu, ach dúirt Glór na Móna fosta go bhfuil “geallúint” tugtha ag Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais, go rachfar i mbun oibre le soláthar óige Gaeilge a phríomhshruthú. An toradh a bheidh leis sin go mbeadh na cumainn in ann i bhfad níos mó uaireanta de sholáthar óige a chur ar fáil ná mar a bhí go dtí seo.

Bhí cruinniú ag toscaireacht ó Ghlór na Móna, eagras pobail agus óige, le Gavin Boyd agus le hoifigigh eile ón Údarás Oideachais ar maidin (11ú Aibreán).

Chuaigh Glór na Móna i mbun feachtasaíocht láidir nuair a fuair siad an scéala ón Údarás Oideachais ag deireadh an lae oibre ar 31ú Márta nár éirigh lena n-iarratas ar mhaoiniú tríd an Scéim um Sholáthar Sínithe Óige. B’éigean dóibh deireadh a chur lena gcuid imeachtaí agus ceathrar oibrithe óige a scor as a bpost.

Glór Gaelach Gníomhach

Bhí daoine óga agus ionadaithe ó Ghlór na Móna ag an chruinniú leis an Údarás Oideachais ar maidin. Bhí Katy-Rose Miach (17 mbliana d’aois) ina measc.

Ar sí, “Tá muid thar a bheith sásta gur éist an tÚdarás Oideachais lenár mbuairimh agus le buairimh na gcéadta daoine a tháinig amach le tacaíocht a léiriú dár seirbhísí óige i rith na seachtaine. Thosaigh muid an cruinniú agus chuir mé féin agus Drithle, mo chara, ár míshástacht in iúl faoin aistarraingt maoinithe thar oíche agus mhínigh muid an tábhacht atá lenár gcumann chomh maith dóibh.

“D’aontaigh Gavin Boyd bualadh linn amach anseo agus dul i mbun plé mar is ceart linn faoi thodhchaí na gcumann óige Gaeilge.”

Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, go bhfuil fáilte roimh chinneadh an Údaráis Oideachais maoiniú don obair óige Ghaeilge a thabhairt ar ais.

Ciallaíonn sé, ar seisean, “go dtig linn pilleadh ar sheirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.”

Tá sé dóchasach chomh maith go rachaidh an tÚdarás Oideachais i ngleic le seirbhísí óige Gaeilge a chur ar fáil do chách.

Thug Feargal Mac Ionnrachtaigh le fios gur chuir Glór na Móna i gcuimhne don Údarás Oideachais go bhfuil dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais an Gaeloideachas a éascú agus a chur chun cinn.

Dúirt sé gur aontaigh an Príomhfheidhmeannach “go smior” leis an toscaireacht nár chóir go mbeadh duine óg ar bith faoi mhíbhuntáiste mar go roghnaíonn siad seirbhísí óige Gaeilge.

“Tá muid ag dúil go mór le bheith ag obair go dian leis an Údarás Oideachais sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, le cur chuige fadtéarmach níos straitéisí agus níos acmhainní do sholáthar óige Gaeilge.”

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s