Soláthar óige fadtéarmach le plé leis an Údarás

Dhearbhaigh Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais, go bhfuil sé toilteanach “oibriú go dearfach agus go tairbheach” le Glór na Móna le theacht ar réiteach “láithreach” chun an soláthar óige Gaeilge a bhí i bhfeidhm go dtí le fíordhéanaí a athbhunú.

Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, go bhfuil an tUasal Boyd sásta bualadh leo agus gur aithin sé “an gá don Údarás Oideachais a bheith ag dul i dtreo seirbhísí óige Gaeilge a phríomhshruthú agus cur chuige fadtéarmach, straitéiseach, acmhainneach a thabhairt isteach.”

Tá bunmhaoiniú don tsoláthar óige Gaeilge á éileamh ag lucht na hearnála. Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, “Leanfaidh muid ar aghaidh go dtí go gcomhlíonann Roinn an Oideachais a dualgas reachtúil an Gaeloideachas a éascú agus a chur chun cinn.”

Dualgas é atá ar an Roinn Oideachais le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Tugann ráiteas Fheargail Mhic Ionnrachtaigh le fios go bhfuil feachtas Ghlór na Móna, ar cuireadh tús leis seachtain ó shin, ag dul i bhfeidhm ar cheannaire an Údaráis Oideachais.

Bhailigh slua mór taobh amuigh – agus taobh istigh – d’oifig an Údaráis Oideachais i mBéal Feirste inniu le maoiniú a éileamh do sheirbhísí óige i nGaeilge. De réir Ghlór na Móna, a d’eagraigh an léirsiú, bhí breis agus 700 duine i láthair. Daoine óga formhór mór acu.

Bhí an slua amuigh ar Shráid an Acadaimh gealgháireach, glórach – ach millteanach míshásta san am céanna faoi chiorruithe a rinneadh an tseachtain seo caite.

Rinne sciar mór díobh a mbealach isteach i bhfoirgneamh an Údaráis Oideachais, áit ar shuigh siad síos ar an urlár ar feadh seala. Bhí siad ag scairteadh agus ag ceol “Óró, ‘s é do bheatha abhaile” in ard a gcinn.

Ina measc bhí daltaí ó Choláiste Feirste, Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge) agus Gerry Carroll, CTR (An Pobal Seachas Brabús). Bhí oibrithe óige ón earnáil Ghaeilge agus ón earnáil Bhéarla araon ann fosta.

Dúirt Glór na Móna gur tugadh “níos mó ná míle litir” isteach ag an fháiltiú faoi choinne Derek Baker, Rúnaí Buan na Roinne Oideachais, agus Gavin Boyd. Éilíodh sna litreacha go ndéanfar athbhreithniú ar an chinneadh airgead na gcumann a tharraingt siar. Éileamh eile a bhí sna litreacha go mbeidh cruinniú ag an Roinn Oideachais agus ag an Údarás Oideachais le Glór na Móna “láithreach”.

Dhiúltaigh an tÚdarás Oideachais d’iarratas Ghlór na Móna ar mhaoiniú an tseachtain seo caite, rud a fhágann nach bhfuil tuarastal ar fáil do na hoifigigh cháilithe óige a bhíodh ag eagrú imeachtaí don aos óg i gcúig chumann óige i mBéal Feirste. Gan oifigigh oilte, ní féidir seirbhísí a chur ar fáil. Bhíodh 450 duine óg ag freastal ar na cumainn.

Bhí Erin McKinley (16 bliana d’aois) ag an agóid inniu. Tá sí ina ball de Chumann Óige Uachtar Chluanaí. Dúirt sí, “Tá mé go hiomlán croíbhriste gur dhruid an tÚdarás Oideachais mo chumann óige, ach thug sé spreagadh dom theacht amach anseo ar son an fheachtais seo lenár seirbhísí óige a shábháilt chomh maith leis an tacaíocht maoinithe cheart a fháil.”

Is oibrí óige é Conchúr Ó Muadaigh. Chaill sé a phost mar gheall ar aistarraingt an mhaoinithe. Ar seisean inniu, “Bíonn iarmhairtí ann le cinntí náireacha agus tá sé de rún againn inniu fearg an phobail s’againne a ghlacadh chuig doirse na mboc freagrach. Ní ghlacfaidh muid leis na cinntí seo a chiallaíonn go bpléifí linn go neamhfhabhrach, mar a bheadh saoránaigh den dara grád ionainn. Leis an aistarraingt maoinithe, pléadh linn go leatromach – gan chomhbhá gan mheas.’

Dé Máirt, d’fhreastail thart ar 400 duine ar chruinniú poiblí i gColáiste Feirste le gníomhartha a phleanáil san fheachtas le maoiniú a fháil le soláthar ceart óige i nGaeilge a chur ar fáil.

Tá feachtas sluamhaoinithe bunaithe ag Glór na Móna. Tá na sonraí le fáil anseo.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s