Cumainn óige: £3,000 bailithe, agóid amárach

Tá breis agus £3,000 bailithe cheana féin, thar oíche, do na cumainn óige Ghaeilge ar diúltaíodh maoiniú dóibh an tseachtain seo caite. £15,000 an mhórsprioc.

Níl lá iomlán féin imithe tharainn ó fógraíodh an feachtas slua-mhaoinithe ar son na gcumann óige Gaeilge ar ghearr an tÚdarás Oideachais a maoiniú le déanaí.

Cuireadh tús leis an fheachtas ar 8in aréir ag cruinniú poiblí i gColáiste Feirste ar fhreastail breis agus 350 duine air. Faoin mheán oíche, bhí níos mó ná £1,200 deonaithe ag an phobal.

Rachaidh an t-airgead chun sochair do na cumainn óige Ghaeilge le go dtig leo oibrithe cáilithe óige a fhostú le himeachtaí a reáchtáil don aos óg trí Ghaeilge in Uachtar Chluanaí, i mBaile Andarsain, in Íochtar na bhFál agus sa tSeanpháirc.

Labhair Conchúr Ó Muadaigh, a bhí ag obair mar iar-oibrí óige i nGlór na Móna go dtí deireadh na seachtaine seo caite, leis an An tUltach inniu.

Dúirt sé go léiríonn rath an fheachtas sluamhaoinithe go dtí seo “go bhfuil daoine ag tacú leis an fheachtas seo … Tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhísí óige ar fáil do dhaoine óga.”

Beidh agóid amárach ag lucht tacaíochta na gcumann óige taobh amuigh d’oifigí an Údaráis Oideachais, 40 Sráid an Acadaimh, Béal Feirste ar 3.30in.

Is féidir airgead a dheonú don fheachtas sluamhaoinithe ar son na gcumann óige Gaeilge anseo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s