Seal comhrá i nDún Geanainn

Beidh deis ag pobal Dhún Geanainn seal comhrá a dhéanamh le hUachtarán Chonradh na Gaeilge tráthnóna Dé Céadaoin i nGaelscoil Aodha Rua. Beidh Niall Comer mar aoi speisialta ag an Chraobh Rua agus ag an Ghasra Léitheoireachta, grúpa atá ar an fhód le cúpla bliain anuas agus a eagraíonn imeachtaí le seans a thabhairt do Ghaeilgeoirí an cheantair teacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile.

I measc na gceisteanna a phléifear ar an oíche tá acht Gaeilge, ábhar atá go mór chun tosaigh i gcúrsaí polaitíochta i láthair na huaire. Beidh caint ann fosta ar an chás Ard-Chúirte a ghlac Conradh na Gaeilge ar na mallaibh in aghaidh Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann as a neamart straitéis i leith na Gaeilge a ghlacadh. D’éirigh an cás leis an Chonradh nuair a rialaigh an breitheamh ag tús mhí an Mhárta i mbliana go gcaithfidh an Feidhmeannas straitéis a ghlacadh.

Ar na hábhair eile a bheas idir chamáin tá ról Chonradh na Gaeilge agus Chomhaltas Uladh agus athghaelú na tíre, ceist a bhfuil Niall Comer ag cur béim mhór air le linn dó a bheith in oifig.

Tá imeachtaí den chineál seo eagraithe cheana féin ag an Ghasra Léitheoireachta agus Fionntán De Brún, Máire Zepf, Elaine Devenney agus Patsy McGlone mar aíonna acu.

Is é Pádraig Mac Ardail atá ag eagrú imeacht na Céadaoine. “Tá an cur chuige iontach neamhfhoirmeálta,” ar sé.

“Is é Niall a dhéanfaidh an chuid is mó den chaint ach cuirfidh mise agus Ursula Uí Dhonnaile, Oifigeach Gaeilge, ceisteanna air mar threoir. Beidh fáilte roimh cheisteanna agus ionchur ón urlár.”

Mhínigh Pádraig gurb é an sprioc atá leis na himeachtaí seo “deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí an cheantair teacht le chéile chun aithne a chur ar a chéile agus chun deis a thabhairt go háirithe dúinne nach mbíonn ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil ár gcuid Gaeilge a chleachtadh.”

Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid le Niall Comer oíche Dé Céadaoin, an 5ú Aibreán, ar 7in i nGaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn. Tá an t-imeacht á eagrú le tacaíocht ó Chomhairle Lár Uladh agus tá tuilleadh eolais le fáil ach ríomhphost a chur chuig: p.mcardle123@btinternet.com

 

Niall Comer i nDún Geanainn

 

 

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s