Cumainn óige: athbhreithniú ar chiorruithe

Déanfaidh an tÚdarás Oideachais athbhreithniú an tseachtain seo ar iarratas na gcumann óige Gaeilge i mBéal Feirste ar diúltaíodh maoiniú dóibh ar na mallaibh.

Thug Pat Sheehan, CTR, an méid sin le fios ag cruinniú poiblí faoin ábhar i gColáiste Feirste anocht. Bhí cruinniú ag toscaireacht ó Shinn Féin le Gavin Boyd, príomhfheidhmeannach an Bhord Oideachais inniu. Dúirt Gavin Boyd go gcuirfidh sé toradh an athbhreithnithe in iúl Dé hAoine.

Idir an dá linn, tá feachtas tiomsú airgid seolta ar mhaithe leis na cumainn óige Ghaeilge a raibh orthu a ndoirse a dhruidim nuair a dhiúltaigh an tÚdarás Oideachais dá n-iarratas ar mhaoiniú.

Tá sé mar sprioc acu £15,000 a bhailiú sna seachtainí beaga atá romhainn le hoibrithe oilte óige a fhostú le seirbhísí a chur ar fáil don aos óg.

Chaill ceathrar oibrithe óige a bpost i ndiaidh do Ghlór na Móna ríomhphost a fháil ar 4.35in Dé hAoine an 31ú Márta ón Údarás Oideachais ag dearbhú nár éirigh leis an iarratas a chuir siad isteach ar mhaoiniú tríd an Scéim um Sholáthar Sínte Óige.

Mar gheall ar dhlíthe cosaint páistí agus sláinte agus sábháilteachta, ní féidir na seirbhísí óige a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí óga gan an líon cuí oibrithe oilte a bheith ina bhfeighil. Caithfear bunús an airgid a bhaileoidh Glór na Móna ón phobal ar phá oibrithe cáilithe.

Is iad na cumainn óige a bhfuil cinneadh an Údarás Oideachais i ndiaidh dul i bhfeidhm orthu:

  • Cumann Óige Ghlór na Móna
  • Cumann Óige Uachtar Chluanaí
  • Cumann Óige na bhFál
  • Cumann Óige Ghlór an Ghleanna, Baile Andarsain
  • Club Óige Mhachaire Botháin, an tSeanpháirc

Is féidir airgead a dheonú do fheachtas slua-mhaoinithe Ghlór na Móna anseo.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Cumainn óige: athbhreithniú ar chiorruithe

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s