Léirsiú ag Cnoc an Anfa

Chuaigh pobal na Gaeilge i mbun léirsithe inniu, Dé Luain, ag Cnoc an Anfa lena éileamh ar na páirtithe polaitíochta acht Gaeilge a chur i bhfeidhm. Bhí thart ar 150 duine de An Dream Dearg páirteach san agóid a thosaigh ar 4.15in agus deireadh ag teacht leis an tréimhse idirbheartaíochta idir na páirtithe polaitíochta chun Feidhmeannas úr a bhunú.

Chruinnigh grúpaí Gaeilge, teaghlaigh agus daltaí ó scoileanna Gaeilge le chéile faoi ghrian an earraigh ag bun chéimeanna Áras na Parlaiminte. Bhí CTRanna nuathofa ann fosta, baill de Shinn Féin, SDLP, An Pobal Seachas Brabús agus Páirtí na Comhghuaillíochta ina measc.

An tUltach Dream Dearg
Ciarán Mac Giolla Bhéin agus An Dream Dearg, ag éileamh acht Gaeilge. Cnoc an Anfa Dé Luain, an 27ú Márta, 2017.

Is é An Dream Dearg a d’eagraigh an léirsiú. Bhí sé le bheith ar siúl Dé Céadaoin seo caite, ach cuireadh ar athló é mar gheall ar bhás Martin McGuinness.

Roghnaíodh lá deiridh na gcomhchainteanna ansin leis an fheachtas ar son acht Gaeilge a chur chun tosaigh. Bhí agóidí le míonna beaga anuas cheana féin ag an ghrúpa i mBéal Feirste, i nDoire agus ar an Iúr.

Theip ar na páirtithe teacht ar réiteach maidir le Feidhmeannas úr a bhunú roimh an spriocdháta a bhí leagtha síos ag an Rúnaí Stáit, James Brokenshire, 4in Dé Luain. Bhí acht Gaeilge ar na mórcheisteanna a bhí á bplé ach níor thángthas ar chomhréiteach ar bith maidir leis sin ná ceisteanna eile.

Dar le Conradh na Gaeilge, tá 50 as an 90 CTR nuathofa i bhfabhar reachtaíocht cheartbhunaithe Ghaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí do An Dream Dearg, “Iarrann muid ar na hionadaithe nuathofa sin ar fad, mar aon le Rialtas na hÉireann – a bhfuil dualgas lárnach orthu mar chomhshínitheoirí na gcomhaontuithe inar gealladh acht Gaeilge – beart de réir briathair a dhéanamh agus a chinntiú nach ndéanfar aon socrú nach gcinntíonn cearta Gaeilge trí acht Gaeilge.”

Níor cheart, arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, go mbeadh cearta lucht labhartha na Gaeilge “faoi chúram comhréiteach polaitiúil”. Rinne sé tagairt do chur i gcoinne acht Gaeilge ag na páirtithe aontachtacha agus “éirí as a ndualgais ag Rialtas na Breataine” mar chonstaic ar bhaint amach cearta teanga.

Dúirt Katie McGreal, urlabhraí eile do An Dream Dearg go raibh “pobal na Gaeilge, tríd An Dream Dearg, ar na sráideanna arís chun ár gcearta á éileamh. Leanann léirsiú an lae inniu sraith d’agóidí poiblí ó thuaidh, ó Iúr Cinn Trá go Doire, ach an uair seo níor mhór dúinn an troid a thabhairt go Cnoc an Anfa.

“Agus deireadh tagtha le comhchainteanna leis an Fheidhmeannas a chur ar obair arís, éilímid orthu siúd atá ag tacú lenár bhfeachtas gan dul isteach in aon chomhrialtas nua gan cearta Gaeilge a bheith réitithe faoi dheireadh thiar thall.”

FÍSEÁN: Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s