Moltaí úra faoin Ghaeilge i mBéal Feirste

Rannóg nua a bhunú i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste ina mbeidh an Ghaeilge, forbairt phobail, an turasóireacht agus na healaíona fite fuaite ina chéile. Sin moladh atá déanta ag an eagras Pobal i dtuairisc dá chuid a seoladh inniu.

Moltar fosta post nó poist lánaimseartha d’oifigeach nó oifigigh Ghaeilge a bhunu i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Rinne Pobal an taighde ar son na Comhairle Cathrach agus tá fianaise ann go dtéann seirbhísí na n-eagras Gaeilge i mBéal Feirste i bhfeidhm ar shaol mhuintir na cathrach uilig, ní hamháin ar phobal na Gaeilge.

Luaitear fosta sa tuairisc ardchaighdeán na seirbhísí Gaeilge agus an réimse an-leathan acu atá ar fáil. Deirtear chomh maith go bhfuil tuilleadh maoinithe agus oiliúna de dhíth leis na seirbhísí a fhorbairt mar is ceart.

Cé nach raibh ach ochtar le bheith páirteach sa taighde sa chéad dul síos, is amhlaidh a ghlac 17 n-eagras páirt ann, ina measc grúpaí oideachais, grúpaí ealaíon, grúpaí pobail agus comhlachtaí a bhíonn ag obair in earnáil na meán cumarsáide.

Rud suntasach a luaigh Janet Muller ó Pobal ina cur i láthair ar maidin sa Chultúrlann i mBéal Feirste nach bhfuil na seirbhísí atá á soláthar ag na grúpaí á gcur ar fáil ag an stát ar chor ar bith. Is ar bhonn deonach a cuireadh tús le mórán de na heagrais, iad mar fhreagairt ar riachtanais agus éilimh an phobail.

‘Iniúchadh agus Measúnú Riachtanas na nGrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste’ teideal na tuairisce a sheol Séamus Mac Seáin, gníomhaí teanga a bhí ar bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

Is féidir an tuairisc a léamh anseo.

Seo a leanas na heagrais a ndearna Pobal iniúchadh ar a gcuid riachtanas:

Macha Media
Northern Visions
Raidió Fáilte
Rua Media
Below the Radar
Aisling Ghéar
Ababú
An tÁisaonad
Altram
Cumann Chluain Ard
Gaelchúrsaí
Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich
An Droichead
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Ionad Uíbh Eachach
Turas
Pobal
 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s