AGALLAMH: Niall Comer, Uachtarán úr Chonradh na Gaeilge

Is é Niall Comer Uachtarán úr Chonradh na Gaeilge. Labhair fear an Iúir leis An tUltach faoina chúlra agus faoin bhéim a bheidh á cur aige ar an mheon dheonach.

Cad é mar a chuir tú spéis sa Ghaeilge den chéad uair?

Scéal measartha saoithiúil atá ann óir nuair a thosaigh Niall Comermé ar Scoil na Mainistreach, d’amharc mé ar an Ghaeilge mar ghnáthábhar scoile, agus bhí mé i bhfad níos láidre san Fhraincis agus sa Bhéarla, leis an fhírinne a dhéanamh. Tharla, fiú amháin, nár roghnaigh mé Gaeilge don GCSE, ach cuireadh isteach i rang na dteangacha mé, agus bhí orm leanstan ar aghaidh leis an Ghaeilge. Ag deireadh na bliana sin, bhuail fonn orm dul chun na Gaeltachta, óir bhí mo dheartháireacha uile i Mín an Chladaigh agus i nDún Lúiche romham, agus chuala mé na scéalta uile agus an tsiamsaíocht a bhí ar bun acu.

Cad é mar a chuaigh na coláistí samhraidh i bhfeidhm ort?

Bhí barúil measartha maith agam ar bhunrialacha na Gaeilge, na haimsirí, srl, óir bhí múinteoir den scoth agam, Muiris Mac Dháibhéid, sna blianta tosaigh ar scoil. Nuair a bhí mé i nDún Lúiche den chéad uair, casadh orm Daithí Mac Róibeáird agus Aodán Mac Ruairí, beirt a bhí ag obair mar mhúinteoirí óga díograiseacha ar an chúrsa ag an am, agus ba mhór an spreagadh a thug siad féin dom. I ndiaidh trí seachtaine i nDún Lúiche, bhí mé gafa leis an teanga ar fad, agus nuair a tháinig mé ar ais ar scoil, bhí a fhios agam go soiléir cár luigh mo bhealach. Bhí tionchar an-mhór ag Dún Lúiche agus ag Rann na Feirste ar mo shaol, go háirithe ag Anna Mhadge agus a muintir, ag Gráinne Mhic Géidigh agus ag muintir Mhic Eachmharcaigh – agus is dlúthchairde liom iad go fóill.

An raibh mórán Gaeilge thart ort ar an Iúr ag an am?

Rud nár thuig mé ag an am go raibh tionchar eile i bhfad níos cóngaraí dom sa bhaile.  Tógadh ar an Iúr mé, cé go bhfuil cónaí orm i nGleann an Iolair i gCo. Dhoire anois, an áit arb as do mo bhean chéile, Michelle. Bhí siopa ag mo sheanmháthair, Molly Mhic an tSaoir, ar Shráid an tSeipéil, in aice leis an áit a bhfuil Gaeláras Mhic Ardghail ann anois. San am sin, bhí Tomás Mac Ardghail ina chónaí sa teach a bhíodh ann, agus is minic é istigh sa tsiopa againn. Nuair a fuair sé amach go raibh mé ag dul don Ghaeilge ar scoil, thosaigh sé do mo ghríosú le freastal ar na ranganna a bhíodh ag an Chraobh de Chomhaltas Uladh sa Gateway, agus is dóigh liom gur sin an chéad uair a thosaigh mé ag glacadh páirte go gníomhach i saol an Chonartha. Bhí traidisiún an-láidir chomh maith san Fhéile Scoildrámaíochta ar an Iúr, a bhuí sin de leithéidí  Brenda agus Dhiarmaid Rankin agus de Uaiteár agus Dhoiminic Ó Brolcháin, agus is bealach iontach a bhí ann le do chuid Gaeilge a chleachtadh taobh amuigh den seomra ranga agus le haithne a chur ar Ghaeil óga eile ón cheantar.

Cén cineál tionchair a bhí ag do mhuintir féin ort?

Bhí spéis mo thuismitheoirí sa Ghaeilge ag fás arís, go háirithe ag mo mháthair, Mairéad, nuair a thosaigh mé féin ag cur spéise sa teanga. Cé go raibh a fhios agam go raibh ‘Gaeilge na scoile’ acu beirt, níor thuig mé gur cainteoir dúchais a bhí i mo sheanathair, Joe, fear as Gleann na Madadh i nGaillimh agus a raibh cónaí air i bhFoirceal, an áit ar tógadh m’athair. Mar ba dhual do go leor, is dóigh liom, chaill sé cuid mhór den teanga an tráth a raibh sé thall ag obair mar thógálaí in Birmingham, agus nuair a d’fhill sé ar Éirinn sa deireadh sna seascaidí, ní raibh mórán cainte ar an teanga sa tír. Seanfhear a bhí ann nuair a bhí mise ag teacht i méadaíocht, ach de réir a chéile, agus mé ar cuairt aige go minic, thosaigh sé a labhairt Gaeilge arís, agus is iomaí sin ‘ceacht’ a thug sé dom ar an ‘dea-Ghaeilge’ mar ba ghnáth leis a rá.

Is léir, mar sin, go raibh dúshraith mhaith ann nuair a shocraigh tú ar dhul ar aghaidh leis an Ghaeilge.

Luaigh mé go raibh ‘Gaeilge na scoile’ ag mo mháthair. Thart fán am céanna, thosaigh sise a chur spéise sna ranganna oíche a bhí ag an Chraobh gur thosaigh sí ag freastal ar na ranganna arís. Níorbh fhada go raibh sí féin ag teagasc rang oíche agus go raibh an Ghaeilge arís á labhairt tigh s’againne. Is dóigh liom, na blianta sin idir 14 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois, go raibh an t-ádh orm gur chuala agus gur labhair mé an teanga gach lá.  Bhí Gaeilge réasúnta ag m’athair fosta, agus rinne sé a sheacht ndícheall liom i gcónaí, agus beidh mé buíoch as sin go deo.

Chuaigh tú ar aghaidh le céim a dhéanamh sa Ghaeilge ina dhiaidh sin. Cén tionchar a bhí ag na laethanta ollscoile ar do shaol?

Chuaigh. Tharla dom in Ollscoil na Banríona ar dtús, agus mé ag dul don Dlí, ach d’éirigh mé as sin i ndiaidh seachtaine agus d’aistrigh mé go cúrsa Gaeilge. Níor chaith mé ach bliain i mBéal Feirste, agus ina dhiaidh sin d’aistrigh mé arís go Cúil Raithin le staidéar a dhéanamh ar an Nua-Ghaeilge. Saol eile ar fad a bhí ann i bPort na Binne Uaine. Casadh orm dlúthchairde: chuir mé aithne ar dhaoine a raibh Gaeilge den scoth agus dearcadh iontach i leith an tsaoil acu. Is iomaí sin samhradh a chaith mé mar cheannaire agus mar mhúinteoir i nDún Lúiche agus i Machaire Rabhartaigh agus mo chomhghleacaithe ón ollscoil mar chomhluadar iontach agam. I ndiaidh dom an chéim a bhaint amach, bhain mé PGCE amach agus fuair mé post mar mhúinteoir bunscoile ar dtús i mBunscoil Cholmcille i nDoire, agus i ndiaidh bliana d’éirigh liom post a fháil san Acadamh i nDún Geanainn, áit ar casadh orm daoine mar an tAthair Anraí Mac Giolla Chomhaill, an Moinsíneoir Liam Mac an tSagairt, Cathal Mór Ó Diolúin, Malachaí Ó Néill, Séamus Mac Dhaibhéid agus Pádraig Ó Baoighill, agus is doigh liom ag an am sin gur thosaigh mé ag glacadh páirte níos gníomhaí in obair Chomhaltas Uladh agus Chonradh na Gaeilge. Chaith mé seal mar eagarthóir ar An tUltach agus ina dhiaidh sin ceapadh mar Uachtarán ar Chomhaltas Uladh mé. Sin deich mbliana ó shin.

Níor fhan tú leis an teagasc. Cad é a spreag thú le bogadh ar aghaidh go dtí an áit ina bhfuil tú anois?

D’fhág mé an tAcadamh nuair a fuair mé post mar mhúinteoir Gaeilge i Machaire Rátha, a bhí níos cóngaraí don teach. Bhí beirt pháistí óga, Mairéad agus Rhiannon, sa teach ag an am. Chaith mé trí bliana ansin, ach riamh anall, bhí spéis san acadúlacht agam, agus bhí PhD idir lámha agam ar chúrsaí logainmneacha. Tháinig post aníos in Ollscoil Uladh, agus d’éirigh liom sin a fháil, agus tá mé ann ó shin. Ar ndóigh, tá dlúthbhaint ag an obair ollscoile le hobair ghinearálta an Chonartha, agus seachas mé féin, tá Caoimhín Ó Dónaill ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus bíonn cuid mhór den obair fite fuaite fríd a chéile.

Anois go bhfuil tú ag glacadh le ról úr (deonach) mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, cad é atá i ndán duit?

Sin ceist an-mhaith. Tuigeann muid uile gur bóthar fada achrannach é bóthar na Gaeilge, agus is iomaí sin casadh a bhíonn air. Sílim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an obair dheonach, agus sin an fáth a gcoinním léi. Glacaim rang oíche cúpla oíche sa tseachtain, agus bím ag teagasc ranganna ceoil trí mheán na Gaeilge chomh maith ag Ceoltóirí Luraigh i Machaire Rátha agus i gCarn Tóchair. Tá mé ag iarraidh, is dóigh liom, a chinntiú go mbíonn fócas na gcraobhacha go soiléir ar an mheon deonach óir is é an meon sin a thug chomh fada sin muid. Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn daoine fostaithe againn, mar Chonradh, le ceist na Gaeilge a choinneáil i lár an aonaigh, ach tá sé chomh tábhachtach leis nach gcailleann muid an fhís ná an radharc a bhí ag Dubhghlas De hÍde agus na daoine cróga sin a bhí toilteanach dul amach sa bhearna bhaoil ar son na teanga.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “AGALLAMH: Niall Comer, Uachtarán úr Chonradh na Gaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s