Spúnóigín siúcra

Myra Zepf An tUltachMáire Zepf

Ar dtús, tagann, “Glan do sheomra!” Ansin i nguth giota níos callánaí bíonn, “Níor ghlan tú go fóill é! – déan anois é!”

In amanna, bíonn bagairt nó breabanna mar an chéad rud eile. Ach teipeann orthu fosta. Tuilleadh scairtí. Agus go fóill, tá an seomra ina chró muc. Tá bréagáin mar a bheadh confetti spréite ar an urlár agus mollta beaga éadaí ar fud na háite. Corruair bíonn craiceann banana nó croí úll leathlofa ann, fiú.

Go bunúsach, ní réitíonn páistí agus glantóireacht le chéile. Ní bhaineann sé le cumas. Is féidir leo uaireanta foighdeacha a chaitheamh ag cur mionord agus eagar ar fhir bheaga Lego, ar chártaí Pokemon nó ar bhuidéil snas ingne. Ach tá éadaí agus gnáthphraiseach difriúil. Tá sórt eile dúshláin i gceist. Baineann siad le píosaí éagsúla den inchinn, b’fhéidir.

Nó an é go bhfuil siad falsa? Mothaím cosúil le seanduine nuair a deirim seo, ach tá mé cinnte go raibh sé difriúil i m’óige féin. Tá mé cinnte gur chuidigh muid níos mó le hobair an tí. Go raibh an t-ionchas sin ann go mbeimis cuidiúil agus úsáideach.

Bím ag magadh le mo pháistí féin go bhfuil sclábhaí acu – iad ina suí ag léamh agus ag rá, “a Mhamaí, an bhfaighfeá deoch dom?” Ach bhí an choimhlint cheannann chéanna ann faoi mo sheomra leapa féin agus mise i mo pháiste. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar an am nach raibh tuáillí ar bith fágtha don teaghlach mar go raibh siad uilig ina gcnapanna taise ar urlár mo sheomra-sa.

Agus is cuimhin liom a rá le mo Mhamaí, mar a deir m’iníon liomsa anois, “is liomsa an seomra agus is liomsa an rogha é a bheith ina phrácás.” Míním di, mar a mhínigh mo Mhamaí domsa faoi dheannach agus an tsláinte, faoin ord agus mar a chuidíonn sé linn sa saol bheith slachtmhar.

Insím di gur féidir smaoineamh níos fearr, bheith eagraithe, rudaí a aimsiú agus smacht a bheith agat ar do shaol i seomra glan. “Glan do sheomra,” a deirim, “tá sé maith duit.”

Ach an bhfuil dul amú orm? Ar chuir Mary Poppins ar strae mé agus í ag canadh agus na páistí ag glanadh agus ag gáire. An bhfuil seomra leapa glan tábhachtach ar chor ar bith?

Caithfidh sé go bhfuil spás mór liath idir anord ar an taobh amháin agus OCD ar an taobh eile. Agus gan amhras, bíonn daoine iontach difriúil faoina leithéid. Cá bhfios go bhfuil ceart agus mícheart ann? Chonaic mé grianghraif ar na mallaibh de na deasca a bhí ag Albert Einstein, Mark Twain agus Steve Jobs. Iad uilig ina bpraiseach. Ansin léigh mé go bhfuil taighde nua ar an ábhar seo déanta ag Ollscoil Minnesota a thaispeánann go ndéanann timpeallacht lán tranglaim níos cruthaithí muid.

Sa staidéar, chuir siad daoine i seomra néata agus daoine eile i seomra nach raibh.  Thug siad fadhbanna dóibh. Rudaí cosúil le ‘faigh úsáid nua do liathróid leadóg thábla’.

Fuair na daoine sa tseomra míshlachtmhar i bhfad níos mó freagraí cruthaitheacha. Síleann siad go ndéanann timpeallacht néata níos coimeádaí muid inár gcuid smaointe agus go mbíonn sé níos deacra dúinn smaoineamh ‘taobh amuigh den bhosca’.

Tá mé cinnte faoi rud amháin. Is féidir dul thar fóir le cúrsaí glantóireachta, go háirithe nuair atá páistí sa teach. Más duine thú nach féidir glacadh le hanord, cuirfidh sin bac ort bheith ag déanamh rudaí cosúil le péinteáil agus bácáil leis na páistí.  Ní duine iontach néata mise ach bhí blianta ann a raibh cosc ar ghealra, nó glitter, sa teach mar go raibh mé chomh bréan de bheith á ghlanadh suas.

(Chuala mé duine ag cur síos ar ghealra uair amháin mar ‘herpes na ceardaíochta’ – má tá sé sa teach uair amháin, ní bhfaighidh tú réidh leis choíche!)

Deir Lorcán nár mhaith leis a sheomra a ghlanadh mar nach fiú é. Beidh sé ina phrácás arís roimh thitim na hoíche. Tá tuiscint agam ar an dearcadh sin. Gach uair a ghlanaim an teach, bíonn siabhrán orm go bhfanfaidh sé mar sin.

Ach cosúil le Sisifeas na Gréige a chaith an tsíoraíocht ag brú carraig mhór suas cnoc agus ag amharc uirthi rolladh anuas arís, bíonn an obair cealaithe arís.

Ach cibé dóigh a n-amharcaim air, tá rud amháin soiléir dom. Tá sé tábhachtach go bhfuil mothú foirne againn, fiú má tá tabhairt amach, breabadh agus brú i gceist. Ní miste liom iad a bheith ina nginiais chruthaitheacha i seomraí míshlachtmhara.

Ach is fuath liom an mothú gur sclábhaí mé. Má dhéanann siad rud éigin cuidiúil (fiú mura maith leo é) cuideoidh sé liomsa gan bheith doicheallach agus mé ag déanamh na coda eile. Mar sin, tá mé ar ais san áit ar thosaigh mé: “Glan do sheomra!”

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s