Laoch na Laochra: Scéal Chú Chulainn

Laoch na Laochra 2An óráid a thug an tOllamh Séamus Mac Mathúna ag seoladh an leabhair Laoch na Laochra in Eamhain Macha ar na mallaibh.

 Is mór an pléisiúr agus an onóir dom a bheith anseo anocht leis an leabhar álainn seo Laoch na Laochra: Scéal Chú Chulainn a sheoladh go poiblí. Tá idir scéalta, ealaín den scoth, dearadh agus grianghrafadóireacht ann. Is é Cú Chulainn an t-ábhar agus is iad Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely na húdair. Rinne Réamonn na scéalta móra faoi Chú Chulainn a aistriú go NuaGhaeilge agus chruthaigh Dara na pictiúir, cuid acu atá ar an scáileán anseo anocht. Tá cumasc foirfe déanta ar an dóigh seo idir téacs agus ealaín. Wendy Dunbar a rinne an dearadh agus scríobh Risteard Mac Gabhann intreoir tuisceanach don leabhar ina gcuireann sé síos ar chúlra agus ar phríomh-thréithe na scéalta.

Leabhar an-tráthúil is ea é Laoch na Laochra: tá comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca againn ar an bhliain seo chugainn agus ba é Cú Chulainn an laoch mór náisiúnta ag cuid mhór de na ceannairí, go háirithe ag an Phiarsach a scríobh fá dtaobh dó i Macghníomhartha Chú Chulainn (1909), The Defence of the Ford (1913), agus sa dán Mise Éire (‘Mé do rug Cú Chulainn cróga’). Bhí an Cú mar eiseampláir ag an Phiarsach fosta d’óige na hÉireann nuair a bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908.

Bhí mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus chuaigh mé a dh’amharc ar dhealbh Chú Chulainn in Ard-Oifig an Phoist le Oliver Shepherd. Is dealbh íocónach é agus ní feidir amharc air gan smaointiú ar an Phiarsach agus ceannairí eile 1916, agus ar théacs Yeats: ‘When Pearse summoned Cú Chulainn to his side/what stalked through the Post Office’.[1]

Níorbh é an Piarsach amháin a thug áit lárnach do Chú Chulainn agus do scéalta na Rúraíochta san athbheochan cultúrtha ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois. Bhí Lady Gregory ann le Cuchualinn of Muirthemne (1902), Deirdre of the Sorrows (1910) le JM Synge agus saothair éagsúla le WB Yeats On Baile’s Strand (1903), The Only Jealousy of Emer (1919) agus The Death of Cu Chulainn (1938). Roimhe sin féin, chuir Elenor Hull, Winifred Faraday, Standish O’Grady agus daoine eile aistriúcháin Bhéarla ar fáil. Tar éis na gcéadta bliain faoi chois, bhí na scríbhneoirí ag cur in iúl don phobal go raibh laochra móra agus féiniúlacht dá gcuid féin ag muintir na hÉireann.

Tugtar Re an Laochais ar an chineál saoil a léirítear sna scéalta. Tá cónaí ar an rí, Conchúr mac Neasa, anseo in Eamhain Macha ina phríomh-dhún agus tá laochra na Rúraíochta nó na Craobhruaidhe – Cú Chulainn, Conall Cearnach, Laoghaire Buadhach, agus araile – thart timpeall air. Tá an saol bunaithe ar thréada bó agus ar chlú na treibhe: bíonn creachanna rialta ann chun eallach a fhuadach ó chomharsanna agus ó naimhde agus síor-chogaíocht ar siúl idir na hUltaigh agus na Connachtaigh.

Is é Táin Bó Cúailnge an scéal is mó agus is iomráití sa Rúraíocht. Tá  sé fite as cuid mhór snáitheanna –miotais, béaloideas, iarsmaí den stair, agus, ar ndóigh, cruthaitheacht an údair (nó na n-údar). Cuirtear síos ann mar ar chosain an gaiscíoch mór Cú Chulainn an cúige in éadán fórsaí na gConnachtach agus fir Éireann nuair a rinne Banríon Chonnacht, Méabh, ionsaí ar an Chúige chun an tarbh An Donn Cúailnge a ghoid. Ba é Cú Chulainn an t-aon laoch amháin de chuid na nUltach nach raibh ina luí i dtinneas laige (An Ceas Naíon) ag an am agus ba é a rinne an Cúige a chosaint ar a chonlán féin i gcomhraic aonair go dtí gur tháinig na laochra eile chucu féin. Tá cur síos ag Risteard Mac Gabhann sa Réamhrá ar mhallacht Mhacha ar na hUltaigh agus ar an tinneas laige seo a leag sí orthu.

Roghnaíonn Réamonn Ó Ciaráin caibidlí éagsúla as an Táin maraon le scéalta eile de chuid na Rúraíochta agus cóiríonn agus aistríonn go NuaGhaeilge iad. Tá sé le moladh go hard as an obair iontach atá déanta aige: tá athinsint agus aistriúchán déanta aige atá dílis do spiorad na mbun-scríbhinní, rud a bhí an-doiligh a dhéanamh ar dhóigh a rachadh i bhfeidhm ar an léitheoir; téann na scéalta seo i bhfad siar agus tá an teanga atá iontu casta doiléir in áiteacha. Tá Gaeilge líofa bheacht mháistriúil ann fríd síos a athraíonn luas agus rithim mar is gá agus a bhfuil ciútaí stíle, nathánaíocht agus morfeolaíocht Ghaeilge Uladh le braith uirthi. Seo an chéad leagan Ultach de Scéal Chú Chulainn sa NuaGhaeilge, ach is leagan é fosta ina gcloíonn Ó Ciaráin leis an chaighdeán chomh maith, sa dóigh go bhfuil an leabhar ionléite ag duine ar bith sa tír nó thar lear a bhfuil a sáith Gaeilge acu.

Chun scéal bheatha Chú Chulainn a rianú chomh hiomlán agus is féidir, is gá cuid de réamhscéalta na Tána a roghnú, rud a rinne Thomas Kinsella (1970) agus Ciaran Carson (2008), beirt a d’aistrigh an Táin chomh maith. Bhí spéis faoi leith agam mar sin sa rogha a rinne Réamonn agus sa leagan amach a bhí aige, an dóigh a ndearna sé na caibidlí a chur in ord. Taobh amuigh den aistriúchán féin, ba é seo ceann de na rudaí a ba dheacra a bhí le déanamh aige. Tá cuid mhór de na roghanna céanna déanta aige agus a rinne Thomas Kinsella agus Ciaran Carson ach níl siad mar an gcéanna ar fad. Bhunaigh siad uilig a gcuid aistriúchán ar an leagan is luaithe den Táin, Leagan 1, i Lebor na hUidre, lámhscríbhinn a cuireadh le chéile ag tús an 12ú haois; tá scéal na Tána sa lámhscríbhinn bunaithe ar ábhar a théann siar go ré na SeanGhaeilge. I dtaca leis na réamhscéalta, tá leagan amach Uí Chiaráin níos cosúla le leagan Thomas Kinsella ná mar ata sé le leagan Ciaran Carson. Tugann Kinsella agus Ó Ciaráin na réamhscéalta mar chuid den scéal iomlán, áit a bhfuil achoimrí ar na scéalta seo mar nótaí ag deireadh an leabhair ag Carson. Tugann Réamonn 5 réamhscéal – Compert Con Culainn (The Conception of Cú Chulainn), Tochmharc Emere (The Wooing of Emer), Aided Aínfhir Aífe (The Death of Aífe’s Only Son), Seargluí Con Chulainn agus Aonéad Emere (The Wasting Sickness of Cú Chulainn and Emer’s only Jealousy), agus Fleá Bhricreann (The Feast of Bricriu). Ní leanann na scéalta seo a chéile sa leabhar. Chinn an t-údar caibildlí faoi óige an laoich a chur isteach ón Táin i ndiaidh scéal a ghinniúna – Óige agus Macghníomhartha Chú Chulainn, A Chéad Lá in Eamhain Macha, Mar a fuair sé a Ainm, Glacadh Airm agus a Chéad Mharú. Tá, ar ndóigh, corp na Tána ag Réamonn chomh maith, a bhfuil, i measc scéilíní eile, Comhrac Chú Chulainn  agus Fear Dia, Múscailt Uladh agus An Dá Tharbh ann.

Is eipic é Táin Bó Cúailnge, is é sin, dán nó scéal fada ar ábhar tromchúiseach bunaithe ar laoch leath-dhiaga a bhfuil cosaint agus cinniúint a mhuintire ag brath air. Baineann beatha Chú Chulainn le scéal-phatrún idirnáisiunta faoin laoch, leithéidi Earcail, Hildebrand, Rustam, Beowulf, Íosa Críost é féin. De ghnáth, bíonn athair diaga ag an laoch agus máthair thalmhaí. Is mar sin atá ag Cú Chulainn fosta. Dáiríre gintear trí huaire é agus is é an dia Lugh mac nEthlenn a athair agus Deichtine, deirfiúr Chonchubhair, a mháthair i gceann de na leaganacha. Ghní an laoch gníomhartha iontacha gaile agus gaisce ina óige a thuarann na gaiscí a dhéanfaidh sé nuair a thiocfas ann dó. Tá an clú agus an onóir níos tábhachtaí ag an laoch ná mar atá saol fada gan onóir: gheibh sé bás óg. Seo thíos cur síos ar an lá a ghabh sé airm don chéad uair:

‘Lá mór i saol an fhir óig an lá a ghabh sé airm. Bhí sé ábalta marú no gortú go dona dá mba mhian leis é. Ní bheadh aon rud mar an gcéanna féasta ag Séadanda nó ag Cúige Uladh. Thuar Cafadh fosta an lá sin go mbeadh saol gairid aige ach clú buan ar an laoch a ghlacfadh airm an lá áirithe sin. Mhínigh Cú Chulainn gur cuma leis muna mairfeadh sé ach lá amháin a fhad is go raibh a ghaiscí i mbéal na nGael go deo.’ (lth. 23)

I dtaca leis an ealaín sa leabhar, tá neart agus beocht neamhghnáth inti: léirítear móitífeanna traidisiúnta ar chanbháis atá ar bís agus ar riastradh le péint agus ioldathanna gleoite spleodracha, splaiseáilte fud fad an chanbháis a léiríonn fuinneamh doshrianta. Tá draíocht sna pictiúir seo, iad ar tinneall le beocht agus ag rince go preabach Dionysiach le flúirse radharcanna agus eachtraí – camáin agus sliotair ag eitilt fríd an aer, Cú Chulainn go laochúil ina charbad agus an fiach dubh ar a ghualainn, an Mhór-ríon iolchruthach, bandia na cogaíochta, ag sleamhnú thart agus ag tabhairt dúshláin an laoich, ainmhithe beaga áille – an dobharchú, an eascann, agus araile – cinn dícheannaithe, cleasanna cogaidh agus lúthchleasanna, ceoltóirí iolghnéitheacha iomadúla, na tairbh osnádúrtha talmhaí ag troid, agus na hairm mhóra fhuaimintiúla de chuid na Ultach agus na gConnachtach.

Is maith liom go léiríonn an téacs agus na pictiúir an fuilteachas, an foréigean, an scéin agus an t-uafás atá sa scéal, rud a rinne aistritheoirí luatha, macasamhail, Lady Gregory, a chur faoi chois, mar a chuir sí cúrsaí nádúrtha coirp agus gnéis faoi chois. Tugann na baill choirp stróicthe fuilteacha scaipthe ar fud na tíre agus ar fud an scéil dúshlán an phobail agus an léitheora: féadann an laoch armtha an pobal a chosaint ach feadann sé cur i gcoinne a chairde nuair a bhíonn riastradh air agus is scáthán na coirp dícheannaithe d’ord sóisialta atá as alt. Tá an corp ag athrú de shíor, cosúil le riastradh Chú Chulainn agus coirp agus cruthanna éagsúla an Mhór-ríon – fiach, eascann, cú allta, bearach, spiorad nach bhfuil aon chorp aici. Tá cultúr iar-nua-aoiseach an cyborg ag baint leis an scéal seo.

Is cineál ainmhí allta é Cú Chulainn nach bhfuil aon srian air, tá spiorad dochloíte docheannsaithe na cruthaitheachta ann: is mar sin a léiríonn Dara é agus is maith mar a chuireann leagan Uí Chiaráin sin in iúl fosta: ní chuireann an t-aistritheoir aon chosc ar ábhar bhun-téacsanna na lámhscríbhinní.

Tá slabhra idir learáidí Patrick Tuohy ag tús an 20ú haois  i  saothar Standish O’Grady, léaráid cháiliúil an ealaíontóra Mheiriceánaigh JC Leyendecker de Chú Chulainn (1907), an obair scuaibe iontach ag Louis de Broquy i dTáin Thomas Kinsella, agus pictiúir agus léaráidí Dara sa leabhar seo. Is ealaín den chineál seo a chruthaigh an íomhá forleathan atá ar fud an domhain den laoch Cheilteach.

Ba cheart a rá go bhfuil an obair scuaibe ar fheabhas: tá sé simplí agus traidisiúnta; titeann na híomhanna isteach go réidh sna  pictiúir mhóra agus tá spiorad  an ghrinn agus an sobhristeachais ag baint leo. Ní heol dom aon rud a bheith againn i leabhar ar bith eile ar an scéalaíocht Ultach atá chomh hiomlán ná chomh spreagúil foirfe le téacs seo Réamoinn agus pictiúir Dara: is leabhar é a bhfuil de mhianach ann geit, cliseadh agus cor a bhaint as an léitheoir agus  dul i bhfeidhm go domhain air, leabhar a cheanglaíonn muid le sean-phréamhacha dúchasacha an chine.

Ba cheart a rá go bhfuil an dearadh atá déanta ag Wendy Dunbar thar barr ar fad, an dóigh a bhfuil an téacs leagtha amach agus na roghanna gairmiúla ciallmhara a rinne sí i dtaca le téacs agus pictiúr a fhí le chéile. Tá na foilsitheoirí, Gael Linn le tacaíocht ó Ultach, le moladh go mór chomh maith as cinneadh a dhéanamh an leabhar a fhoilsiú.

Mar fhocal scoir, tá mothúcháin, macasamhail dlúthchairdeas, grá, paisean, dílseacht, tréigbheáil agus araile, léirithe go cumasach ag Réamonn san aistriúchán agus b’fhéidir nach miste críoch a chur le mo chuid cainte lena aistriúchán choscartha ar mharbhna tochtmhar Eimhir os cionn coirp dícheannaithe a fir chéile, Cú Chulainn (lgh 260-61):

“Mo bhrón is mo mhilleadh,” arsa an bhean óg, “nach uasal an chuma atá ar an cheann seo inniu agus nach iomaí iníon rí agus taoisigh ar fud na cruinne a bheadh ag tabhairt ómóis, dá mbeadh a fhios acu é a bheith sínte. Scoth na bhfear in Éirinn agus in Albain. Ba tú grá fhir an domhain mhóir agus is mór mo bhris a bheith anseo ar Mhachaire Mhuirtheimhne i do dhiaidh. Ní raibh bean phósta ná dhíomhaoin in Éirinn ná in Albain ná ar dhroim an domhain nach raibh in éad liom, in éad liom go dtí inniu.”

Ghním comghairdeas ó chroi leis na húdair, Réamonn agus Dara, le Wendy, agus leo siúd uile go léir a raibh baint acu le foilsiú an leabhair ghalánta seo. Fógraím Laoch na Laochra seolta anois agus guím gach rath ar a thuras amuigh sa saol mhór.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s