Glórtha úra Uladh: Bua na dtaighdeoirí Gaeilge

le Pádraig Mac Congáil

Ag tús Bhealtaine, tháinig mic léinn Gaeilge ó achan chearn den chúige le chéile le freastal ar chomhdháil úr darb ainm ‘Glórtha Úra Uladh’. Ba chuí an timpeallacht í Leabharlann Halla an Línéadaigh, a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí na teanga ar achan leibhéal ar bhonn seachtainiúil agus a bhfuil Club Leabhar Gaeilge ar siúl aici.

Toisc gurb í seo an chéad bhliain den chomhdháil, níor cuireadh téama docht i bhfeidhm ar chainteanna an lae. Mar sin, bhí éagsúlacht mhór ábhar á bplé, rud a chuir go mór leis an lá.

Agus sin ráite, bhí leanúnachas maith idir lear mór páipéar. Mic léinn fochéime, iarchéimithe agus ábhair PhD a bhí ag labhairt faoin taighde atá idir lámha acu.

I measc na n-ábhar a bhí idir chamáin ag an chomhdháil, bhí an béaloideas, litríocht na Gaeilge, cúrsaí teangeolaíochta, cúrsaí staire, agus logainmneacha áitiúla.

Thug an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh (Forbairt Feirste agus Ollscoil na Banríona) léacht bhríomhar ar ‘An Taighde Beo mar Ghníomh Frithbheartaíochta: Modheolaíocht agus Cur i bhFeidhm’ chomh maith. Thug cuid de na cainteoirí achoimre ar a dtaighde mar a dhírigh daoine eile isteach ar ghné amháin nó dhó dá gcuid oibre.

Thug mé féin páipéar ar an ábhar taighde ar a bhfuil mise ag obair, is é sin Éamon de Valera agus an caidreamh a bhí aige leis an Ghaeilge. Mhínigh mé na fáthanna taobh thiar den taighde seo, labhair mé faoina bhfuil déanta agam go dtí seo, agus leag mé amach a bhfuil ar intinn agam don am atá le teacht ó thaobh mo chuid taighde de.

De réir ráiteas misin na comhdhála féin, bhí sé mar sprioc ag a lucht eagraithe ‘go mbeidh deis ag mic léinn Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh teacht le chéile leis an taighde reatha atá ar bun acu a roinnt ar ardán gairmiúil, acadúil agus foirmiúil.’ Ní díol iontais é gur ón dá ollscoil a tháinig achan duine de na cainteoirí mar sin.

Ar na cuspóirí is mó taobh thiar den chomhdháil, bhíothas ag súil go gcuirfeadh lucht an dá ollscoil aithne níos fearr ar a chéile, agus go roinnfidís smaointe agus an taighde atá ar siúl sa dá institiúid le chéile.

Seo díreach mar a tharla. Bhí an chomhdháil féin oscailte don phobal mhór chomh maith agus b’iontach an rud é níos mó daoine ag teacht isteach trí na doirse a fheiceáil de réir mar a bhí an lá á chaitheamh. Faoina cúig a chlog, bhí suas le caoga duine i ndiaidh blas a fháil ar chuid den taighde Gaeilge atá ar siúl ó thuaidh sa lá atá inniu ann.

Níl caill air sin ar chor ar bith do chomhdháil acadúil atá i mbláth a hóige.

Mar a tharlaíonn ag na rudaí seo, ba iad na sosanna idir na cainteanna na codanna is fiúntaí agus is spreagúla den lá, agus ní mar gheall ar an tae is an caife a bhí saor in aisce a deirim é sin. Nuair a bhím ag freastal ar ócáidí a bhfuil baint le cúrsaí Gaeilge acu, ritheann an smaoineamh céanna i gcónaí liom. Tosaím a smaoineamh ar ráiteas a bhí iontach coitianta go deo i nuachtáin an chéid seo caite i dtuairiscí ar imeachtaí an Chonartha agus eagraíochtaí eile: ‘Ní raibh focal Béarla le cluinstin ar an lá’.

Tá an rud a chuireann sé sin in iúl go breá ann féin mar ráiteas ach níl cuma mhaith ar an abairt seanfhaiseanta anois i ndiaidh aoise. Cé go bhféadfadh an abairt seo bheith ag cur síos ar lá na comhdhála úd ag tús na míosa seo, ní gá an méid sin a rá níos mó, toisc nach mbeadh duine ar bith ag dúil lena mhalairt.

Is fianaise é seo go bhfuil muid ag dul sa treo ceart. Deis a bhí sa lá bualadh le seanchomrádaithe arís nach bhfaca tú le tamall agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile atá ag obair i ngort acadúil na Gaeilge, agus é seo uilig a dhéanamh i dtimpeallacht nádúrtha Ghaelach.

Ní mór buíochas ar leith a ghabháil le hÓrla Nic Ruairí agus le Pádraig Ó Tiarnaigh a d’eagraigh an lá agus a scaip an scéal fá dtaobh de. Deirtear go minic gurb é cúige Uladh an cearn is Gaelaí den tír seo.

Tá an chaint sin maith go leor mar fhocail mhóra, ach níor tháinig aon mhaith riamh as gothaí móra is buillí beaga.

Cá bhfios, b’fhéidir go bhfuil an bheirt acusan i ndiaidh ardán Gaeilge speisialta a chur ar an fhód. Pé todhchaí a luíonn roimh ‘Glórtha Úra Uladh’ amach anseo, maith iad as an obair seo a chur i gcrích ar an chéad dul síos.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Glórtha úra Uladh: Bua na dtaighdeoirí Gaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s