Craic, Cairdeas agus Comóradh le Campa Chormaic

le Máirtín Ó Gormlaithe

Tá breis agus deich mbliana imithe ó fuair Cormac Mac an Ailín bás. Cé nach bhfuil sé inár láthair, maireann a oidhreacht agus imríonn sé tionchar orainn agus ar an aos óg go mór go fóill.

Deich mbliana i ndiaidh gur bunaíodh Campa Chormaic, tá breis agus 900 dalta ag freastal ar na campaí uilig sna contaetha éagsúla.
Deich mbliana i ndiaidh gur bunaíodh Campa Chormaic, tá breis agus 900 dalta ag freastal ar na campaí uilig sna contaetha éagsúla.

Nuair a chualathas an scéal faoina bhás tragóideach, i mí an Mhárta 2004, ghoill sé ar a mhuintir agus ar an tír go léir. Ba eisean duine dár bpeileadóirí ba chumasaí, a raibh todhchaí bhreá gheal amach roimhe.

Is iomaí gradam a bhain sé amach ina shaol gairid. B’imreoir fíorthábhachtach a bhí i gCormac ag gach leibhéal ag ar imir sé. Nuair a bhí sé ina mhionúr, chuidigh sé le Tír Eoghain Craobh Mhionúr Peile na hÉireann a bhaint i 1998. D’aithin Cumann na Scríbhneoirí in CLG bua na peile a bhí i gCormac nuair a ainmníodh é mar phearsa na bliana.

Ba léir go raibh buanna ar leith ag Cormac go luath ina shaol. Ceapadh mar Chaptaen é in 2000 agus 2001 i gCraobh Peile na hÉireann faoi 21 agus bhí an lá leo sna blianta sin.

Thaispeáin sé scileanna peile den scoth agus cumas ceannasaíochta fosta – leis na scileanna seo tugadh faoi deara é. Ba mhac léinn é Cormac in Ollscoil na Ríona agus le linn a ama ansin, thacaigh sé go mór leis an ollscoil an bua a fháil in 2000 i gcomórtas Mhic Síoghair. Ní hamháin gur imir sé lena chlub, d’imir sé lena chontae.

Thosaigh sé leis an fhoireann sinsir i ndiaidh 2001 mar imreoir lár páirce agus d’éirigh go fíormhaith le Cormac; bhí an lámh in uachtar acu sa tSraith Náisiúnta. Bhain Tír Eoghain craobh na hÉireann in 2003 agus bhí Corn Mhig Uidhir bainte ag Contae Thír Eoghain den chéad uair riamh.

Ba léir gur cúis áthais agus bhróid a bhí ann, ní hamháin don chontae ach do pheileadóirí an chontae. Bronnadh gradam ‘Sárimreoir na Bliana’ ar Chormac as ucht a chuid oibre le linn na sraithe. I 2004, sular cailleadh é, bhí sé mar Chaptaen éiritheach nuair a bhuaigh Tír Eoghain Comórtas Mhic Cionnaith.

Ní hamháin gur scoth an pheileadóra a bhí i gCormac, b’éirimiúil an duine é, ag teagasc i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha, áit a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar na múinteoirí agus ar na daltaí go mór.

Níl aon amhras go raibh Cormac i mbláthú a shaoil agus i mbarr a chumais fosta. Ba bhuille trom é dá theaghlach agus dá chontae nuair a chualathas faoina bhás tragóideach. Baineadh siar asainn mar chontae. ‘Sé an dóchas lia gan anró’ mar a déarfá agus tar éis scáil a bháis, cuireadh campa ar bun ina ómós.

Bhuail mé le deartháir Chormaic, Dónall, a mhínigh dom an sprioc a bhí taobh thiar den champa. D’inis sé dom gur ‘coincheap a athar, Brendan, ba ea an campa féin, dóigh le bheith dílis do na luachanna a bhí ag Cormac ina shaol: an Ghaeilge, na cluichí Gaelacha agus cultúr na hÉireann’ a dúirt Dónall liom. Chuir sé in iúl dom a fhlaithiúla a bhí muintir na háite agus iad ag bunú an champa den chéad uair.

Dúirt sé, ‘Ní bheadh an campa ar bun anois gan cuidiú ó mhuintir Uí Mháirtín ón cheantar féin, Paddy McIntosh agus comhlachtaí áitiúla an cheantair fosta’.

Le tacaíocht na háite, reáchtáladh an chéad champa i gclub dúchais Chormaic, an Eaglais in 2005. Baineadh siar astu ag an am, arsa Dónall liom: ‘Bhí muid ag tnúth le 40 páiste a bheith ag freastal ar an champa ach tháinig breis agus céad sa chéad bhliain, ní hamháin ón cheantar féin ach níos faide ar shiúl’.

Bhí sé mar sprioc an champa na tréithe a raibh dúil ag Cormac iontu a léiriú do na daltaí. Is léir gur éirigh go fíormhaith leo ó shin i leith le breis agus 900 dalta ag freastal ar na campaí uilig sna contaetha éagsúla.

Casadh Mark Harte orm agus ba eisean duine de na múinteoirí a d’oibrigh leis an champa sa chéad bhliain. Thug sé le fios dom gur ‘atmaisféar an-spéisiúil a bhí le mothú sa chéad champa’. Dúirt sé, fosta, gur cheap sé go raibh ‘Gaeltacht bheag cruthaithe ag an champa fosta, leis an teanga agus an spraoi a bhí le feiceáil tríd an champa’.

Ní mór dom a admháil go n-aontaím le Mark go huile is go hiomlán. Is speisialta ar* fad an t-eispéireas é Campa Chormaic, a dhíríonn ar pháistí agus ar dhéagóirí idir 9 agus 16 bliana d’aois. A leithéid de sheachtain a bhíonn acu i gcónaí, i mo thaithí féin.

Anois agus an 11ú bliain den champa amach romhainn, tá na campaí lonnaithe fud fad an chúige, i gContae an Dúin, i gContae Dhoire, i gContae Aontroma agus i gContae Thír Eoghain, ar ndóigh. Táimid ag ullmhú don bhliain is iontaí, is fearr agus is speisialta i mbliana.

Ba mhúinteoir mé ag na campaí go léir i dTír Eoghain ó thosaigh mé ag obair leis an champa agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl campaí ar bith mar an gcéanna leis. Imríonn eispéireas an champa tionchar ollmhór ar na páistí. Bíonn siad níos eolaí ar a bhfréamhacha, a dteanga, a gcultúr, a ndúchas agus ár gcluichí Gaelacha.

Bíonn na tréithe a raibh suim ag Cormac iontu fite fuaite tríd an champa. Tosaítear gach lá le ranganna sultmhara agus tairbhiúla do na daltaí ó thaobh na Gaeilge de. Cuirtear an Ghaeilge chun tosaigh mar theanga an champa agus feictear forbairt i líofacht agus muinín na bpáistí, cé gur campa gairid é.

Ina theannta sin, foghlaimíonn na páistí faoi shaol Chormaic agus na buanna a bhí aige, ní hamháin maidir leis an pheil Ghaelach ach le spóirt eile a d’imir sé le linn a shaoil, cispheil ina measc. Blaiseann na páistí na tréithe eile a bhí ag Cormac, fear a raibh uchtach aige, laoch le linn a shaoil. Is dóigh liom go dtreisíonn seo go mór na daltaí, spreagtar iad le dul i ngleic lena mianta.

Lena chois sin, cothaíonn an campa na cluichí Gaelacha fosta, cuirtear traenáil ar fáil um thráthnóna le traenálaithe gairmiúla ó Chomhairle Uladh. Bíonn deis ag na daltaí iománaíocht/camógaíocht nó peil Ghealach a dhéanamh leo agus iad go fóill ag cur lena gcumas sa Ghaeilge.

Tacaíonn múinteoirí agus cinnirí leo lena gcuid Gaeilge. Tagann aíonna speisialta ó gach cearn den tír. Anuraidh, bhí aíonna móra ag na campaí go léir ar nós Stephen Cluxton, Johnny Cooper agus Walter Walsh. Ní minic a bhíonn deis ag na páistí na himreoirí móra a fheiceáil ach cruthaíonn an campa an deis seo dóibh.

Pléann na himreoirí a dtaithí le Cormac agus an taithí atá acu; tacaíonn siad leis na páistí ag tabhairt leideanna dóibh fosta. Atmaisféar den scoth a bhíonn le mothú ó na daltaí agus ó na baill foirne ag comóradh na hoidhreachta a d’fhág Cormac ina dhiaidh. Is campa den scoth é ar fad, lán d’fhuinneamh, spraoi agus spórt.

Caitheann na páistí geansaí an champa le linn an ama; is speisialta an geansaí é a léiríonn gur fhreastail siad ar an champa. Ní thiocfadh leat an geansaí seo a fháil ach sa champa féin. Filleann na daltaí bliain tar éis bliana chugainn. Músclaítear spéiseanna difriúla sna páistí leis an éagsúlacht de thaithí a fhaigheann siad trí na campaí agus na cuimhní cinn a mhairfidh go deo na ndeor leo.

Treisítear cuimhne Chormaic tríd an champa agus trí na daltaí a chaitheann geansaí an champa le bród agus le muinín, ag scaipeadh a oidhreachta i gcéin agus i gcóngar. Ach ab é na campaí, ní bheadh cuimhne Chormaic chomh láidir agus atá sí.

Tá obair mhór mhaith idir chamáin ag na coistí go léir lena chinntiú go mbeidh an bhliain is fearr a bhí againn go dtí seo. Tá neart iontais agus athruithe i ndán do na daoine a bheas i láthair. Mholfainn daoibh clárú go luath. Ná ligigí an fhaill tharaibh.

Máirtín Ó Gormlaithe

Tá na sonraí uilig ar ár suíomh idirlín: www.campachormaic.com
Tchífidh muid ann sibh, a chairde!

Advertisements

2 thuairim ar “Craic, Cairdeas agus Comóradh le Campa Chormaic

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s