Tóraíocht Taisce

Le Máire Zepf

Tá deireadh an domhain ann. An gcluineann tú an screadaíl, an t-olagón agus díoscán na bhfiacla? Níor tharla sé mar gheall ar chaor thine, cogadh ná Armagadan núicléach sa deireadh.

Ní hea. Ach tá Cutie Pie caillte. Tá sin níos measa arís. Cé hé Cutie Pie, a deir tú? Duitse agus domsa, is bréagán é. Madadh beag bog le fionnadh donn agus bán agus súile ollmhóra gorma. Ach do Lorcán s’agamsa, is cara is fearr é, cuisle a chroí is grá geal a shaoil. Agus faraor, tá sé ar iarraidh.

Tá mé á chuardach le cúpla lá anuas – faoin troscán, i dtarraiceáin, taobh thiar den leaba, sna cófraí. Ach go fóill, tá an bua ag Cutie Pie sa chluiche seo folaigh is fiach eadrainn. An rógaire. Agus tá Lorcán croíbhriste, uaigneach ina dhiaidh. Mothaím uafásach nuair a chaoineann sé uisce a chinn ag am luí agus ní thig liom é a cheansú. Is cosúil gur chaill mé mo shárchumhacht mar mháthair. Ghlac madadh beag bídeach m’áit. Madadh nach bhfuil beo go fiú!

Nach maith an rud go raibh coinín speisialta agam féin nuair a bhí mé ar an aois chéanna. Tuigim dó. ‘Veronica’ an t-ainm a chuir mé ar mo choinínse, cosúil le mo chol ceathrairín nua ag an am. Tháinig Veronica gach áit liom, d’éist sí le mo chuid fadhbanna agus thug sí sólás dom nuair a thit néal an bhróin orm. Coinín a bhí inti a chaill mé níos mó ná uair amháin chomh maith.

Is cuimhin liom an cumha mhillteanach ag am luí. Is cuimhin liom mo mháthair féin ag ofráil bréagáin eile dom. Is cuimhin liom bheith buartha faoi Veronica agus í caillte – bheadh sise uaigneach gan mise fosta. Chaith sí oíche sa leabharlann uair amháin, fiú, i measc na bpictiúrleabhar. A leithéid d’eachtra di!

Tá draíocht ag baint leis an tsórt seo bréagán, atá chomh ‘fíor’ sin gur mhaith leis an pháiste cúram ar leith a thabhairt dóibh, iad féin mar a bheadh tuismitheoir beag ann. Ciallaíonn an draíocht seo gur féidir leis an bhréagán suaimhneas anama agus sólás, faoiseamh agus misneach a thabhairt don pháiste. Mothaíonn siad go díreach i gceart idir na méara, éisteann siad go cúramach le gach focal agus bolaíonn siad go díreach mar ba chóir (ach amháin nuair a chuirtear sa mheaisín níocháin iad – is peaca é sin amach is amach).

Da réir na síceolaithe, is cineál de chloch chora é an teidí nó an bréagán bog speisialta le cuidiú le páiste scaradh óna mháthair. Cuirtear ‘ábhar aistrithe’ air seo. Tá cuid de phearsa na máthar istigh sa bhréagán. Bíonn siad grámhar, tuisceanach, teolaí agus suaimhneasach. Is iontach an rud í samhlaíocht an duine.

Cleas cliste síceolaíochta atá anseo le cuidiú leis an pháiste nó an babaí am a chaitheamh ar shiúl ón mháthair nó dul a chodladh leis féin. Labhraíonn an t-ainmhí leat i do chloigeann istigh go fiú (go rúnda sa bhealach is nach dtig le duine ar bith eile é a chluinstin), ag cogarnach rudaí deasa leat. Is é do chosantóir é, do shólásaí, an té atá i gcónaí ar do thaobhsa.

Leanfaidh mé liom á chuardach. Ar a laghad, is sa teach atá sé caillte agus chan sa domhan mhór amuigh. Gheobhaidh muid é. Ach sin an fhadhb leis an bhréagán amháin speisialta.

Tá sé chomh diabhal tábhachtach sin go dtagann sé gach áit leat, rud a mhéadaíonn an baol go gcaillfear é. Ach anois agus mé á chuardach, beidh mé ag smaoineamh ar an fháinne fealsúnachta aisteach seo a deir go bhfuil mé ar lorg píosa de mo phearsa féin, i bhfoirm madaidh bhig dhalba dhána. Tar ar ais chugainn, a Cutie Pie, a stór, mothaímid uainn thú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s