Dá mbeadh an Piarsach beo inniu, an mbeadh sé i Sinn Féin?

Óráid Dhaithí Mhic an Bhaird ó Charraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin, atá anois mar mhúinteoir i nGaelcholáiste Chill Dara, ag Ard-Fheis Shinn Féin i nDoire, an 7ú Márta 2015. 
Cén todhchaí don Ghaeilge? Sula dtosaím ar mo chuid tuairimíochta, ba mhaith liom go gcuirfimis ceist orainn féin sa seisiún seo. Dá mbeadh an Piarsach beo inniu, an mbeadh sé i Sinn Féin?

Más ag caint ar sprioc atáimid inniu, déarfainn gurb í mo sprioc fhadtéarmach féin ná an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga ag an bpobal in Éirinn atá ilteangach, an dátheangachas ar an mbealach chuig an bpointe sin, agus roimhe sin arís, ba mhaith liom bunchearta a bheith agam mar Ghael i mo thír féin. Is ag an bpointe sin, i mbun an tríú sprioc agus i mbun spreagadh na teanga atá gníomhaithe na Gaeilge sa lá atá inniu ann, dar liom.

Bíonn pobal na Gaeilge ag éileamh ár gceart ón stát agus ó na heagrais a bhíonn dár rialú – an dá stát in Éirinn, an tAontas Eorpach, comhairlí áitiúla is mar sin de.

Tugtar saoirse iomlán do lucht gnó ó thaobh dualgais teanga de, ach ba mhaith liomsa díriú ar chuid eile d’aon sochaí agus ar na féidearthachtaí a bhaineann léi sin i dtaobh spreagadh na Gaeilge agus i dtaobh sholáthar chearta an Ghaeilgeora – páirtithe polaitiúla.

Tá an chuid is mó againne anseo inniu mar bhaill de pháirtí polaitiúil, mar sin, an bhfuil cúrsaí i gceart, nó an bhfuil cúrsaí sásúil inár bpáirtí féin? Tá an fhís i gceart.

Tá an forógra a dtugaimid dílseacht dó i gceart. Ach an bhfuil ár bpáirtí ag déanamh beart de réir briathair don Ghaeilge?

An mothaíonn an Gaeilgeoir bród as a pháirtí? Sílimse féin gurb é Sinn Féin an páirtí is fearr ó thaobh na Gaeilge de. Níl aon amhras orm faoi sin. B’fhearr go mór liom uachtarán a úsáideann an méid Gaeilge atá aige ná ceannaire an-líofa nach n-úsáideann í, nó nach bhfuil polasaí dearfach aige ina leith, ach a mhalairt.

Bíodh go bhfuilim an-sásta le m’uachtarán, ní sin le rá, áfach, go bhfuil mé iomlán sásta mar Ghaeilgeoir i Sinn Féin – ná gar dó. Caidreamh míchompordach atá ann domsa go pearsanta, agus caidreamh a bhfuil coinníollacha leis.

Éilímid cearta don Ghaeilge, thuaidh agus theas, thoir agus thiar, do cheantair Ghaeltachta agus dá bpobail shainiúla teanga, don Ghaeloideachas, agus muid mar cheannródaithe go minc i bhfeachtais dóibh sin. Feicimid é sin ó obair Liadh [Ní Riada] an tseachtain seo is í i mbun Stailc Teanga is ag éileamh a ceart ó na hinstitiúidí Eorpacha, agus ó obair Trevor [Ó Clochartaigh] agus eile, ag éileamh a gceart san Oireachtas ó dheas.

Ach an léiríonn ár bpáirtí féin, meas ar chearta Gaeilgeoirí?

Táimid i lár ré réasúnta órga don teanga, dar liom. Tá pobal na hÉireann, óg agus aosta, níos oscailte don Ghaeilge ná mar a bhí le fada. Ach nuair a fhéachaim ar an bhfuinneamh atá ag baint le go leor de na gníomhaithe teanga a mbuailim leo, go náisiúnta, go háitiúil, agus i measc mo dhaltaí ar scoil, cuireann lagshiúl Shinn Féin buairt orm mar phoblachtach, agus díomá orm mar Ghael.

Níl páirtí ar bith eile a bhfuil de mhian aige, ar pháipéar, agus i measc chodán mór dá bhaill ath-Ghaelú na hÉireann a bhaint amach – ach an béalghrá nó ceannródaíocht atá á taispeáint ag Sinn Féin mar aonad. Is muid atá ag treorú na n-iarrachtaí ar son athaontú na hÉireann, i dtreo na cothromaíochta i stiúradh agus athmhúnlú an gheilleagair, ach tá Sinn Féin i lár báire i gcás na teanga.

Dá mba rás é, nó rith foirne fiú, déarfainn go bhfuil Sinn Féin ag amharc ar na capaill roimpi is ag rith ina ndiaidh, ach tá mearbhall áirithe ar an marcach. Cinnte, táimid i bhfad chun tosaigh ar na capaill pholaitiúla eile, ach ar chúl ar chapaill na Gaeilge – ar Chonradh na Gaeilge is a leithéid.

Caithimse mo laethanta oibre, agus go leor leor ama taobh amuigh díobh ag múineadh do mo chuid daltaí go bhfuil sé de cheart acu bheith ag súil le teanga na hÉireann a úsáid in Éirinn. Gur cheart dóibh é sin a éileamh ón saol. Sin é a deir an Forógra a mbím ag saothrú ar a shon.

Freastalaím ar chomhdhálacha a labhraíonn faoi chothromaíocht ar chomharthaí bóthair seachas béalghrá don Ghaeilge. Tacaíonn Sinn Féin leis an éileamh sin – agus muid breá sásta bheith ag gearán faoin dá stát!

Ach ansin, iarrann mo pháirtí orm bileoga a scaipeadh a dhéanann a bheag den Ghaeilge. Is cuireann mo pháirtí mímeanna lán-Bhéarla in airde ar na meáin shóisialta ag súil go scaipfimid iad.

Mar sin, cuirim an cheist: An bhfuil mo pháirtí polaitiúil féin liom, nó i mo choinne? An bhfuil Sinn Féin mar aonad ar son ath-Ghaelú na hÉireann, nó an é nach bhfuil ach roinnt ball á iarraidh sin?

Deir na bileoga agus na póstaeir atá fós á gcló go náisiúnta, chomh maith lenár suíomh idirlín go bhfuilimid in aghaidh cothromaíocht a bheith ag an nGaeilge, gan trácht ar dhualgas a bheith orainn i dtaobh an ath-Ghaelaithe. Mar sin, an bhfuil Sinn Féin ionadaíoch ar mhianta mo chuid daltaí?

An bhfuil Sinn Féin ar thaobh an tuismitheora atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge? An bhfuil Sinn Féin ar son nó in aghaidh a gceart teanga?

Agus, íoróin na n-íoróin, tá vótaí sa Ghaeilge! Cibé faoi phrionsabail agus faoi dhualgais Forógrúla (más focal é sin!), cheapfá go dteastódh na vótaí sin ón dream atá dírithe ar thoghcháin a bhuachaint agus ar thodhchaí na tíre a scríobh!! Tá vótaí sa Ghaeilge.

As 210,000 duine a chónaigh i gCo. Chill Dara aimsir dhaonáireamh 2011, dúirt os cionn 30 míle duine go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil. I gceantar Nás na Rí anuraidh, níor thugamar aon rogha do Ghaeilgeoirí ach vótáil dúinn.

Gach bileog agus gach litir a d’fhoilsíomar sa mhí dheireanach, bhí sé iomlán dátheangach. Gach rud a d’iarr pobal na Gaeilge, thugamar dóibh é, ach níos mó leis.

Ní hamháin go bhfuil vótaí ann, ach tá ábhar baill sa Ghaeilge. Ní bheinn féin i Sinn Féin arís murach go raibh m’iarrthóir áitiúil féin báúil leis an nGaeilge (cé nach raibh an Ghaeilge ar a toil aici an t-am sin), nó murach cinneadh mo chumainn gach ábhar a dhéanaimid a chló a bheith dátheangach agus gan aon ábhar nach bhfuil iomlán dátheangach a thógáil ón Ardoifig.

Mar sin, céard a mholfainn?

Bímis ag díriú airde ar dhream ar bith a éistfidh linn, ar ndóigh, ó Uachtarán an pháirtí, go hionadaithe tofa, go dtí an Ard-Chomhairle nua a thoghfar an deireadh seachtaine seo, agus ó struchtúir Cúige go ranna móra an pháirtí.

Ba mhaith liom cuótaí a fheiceáil mar a tharlaíonn do chothromaíocht inscne, ag tosú ag 25% abair, agus ag dul i dtreo 100%;

Ba mhaith liom go mbeimis ag bogadh i dtreo coinníollacha feasachta teanga a bheith ann d’ionadaithe tofa reatha agus d’ábhar iarrthóirí.

Ba mhaith liom go suífí síos le gach duine nó dream a bhfuil cumhacht acu sa pháirtí agus go gcuideofaí le cách tuiscint a fháil ar sprioc an pháirtí i dtaobh ath-Ghaelú na tíre.

Agus, ar ndóigh, ba cheart go bhfostódh an páirtí duine cáilithe láithreach a mbeadh mar phríomhdhualgas uirthi nó air ábhar a aistriú don pháirtí, agus dualgais eile ar an duine sin nuair atá an obair aistriúcháin déanta.

Liosta fada a bheadh agam – ach ní bheadh mórán ar an liosta céanna nach raibh ar cheann de na pleananna cúig bliana atá dréachtaithe ag cuid againn thar na blianta.

Ach, sílim gur féidir linne atá tagtha le chéile anseo inniu buille mór a bhualadh ar son na teanga ag leibhéal níos áitiúla, nó, ón talamh aníos. Dá ndéanfaimis iarracht, tacaíocht ár gcumainn a iarraidh, gan aon ábhar a chur trí dhorais ár vótálaithe mura bhfuil sé sin dátheangach, céard a tharlódh?

Ní chreidim go mbeadh cur i gcoinne ónár ngnáthbhaill. Níl Gaeilge ar a dtoil ach ag beirt againn i mo chumann – ach bíonn gach uile dhuine oscailte do bheith ag úsáid cúpla focal Gaeilge áit nach bhfuil gá leis an bhfocal Béarla ar nós ‘cruinniú’, ‘Clár’, Slán is mar sin de, agus chomh sásta céanna triail a bhaint as an dátheangachas inár dteagmháil leis an bpobal. B’fhéidir nach mbeidh ár n-eagraithe Cúige compordach leis agus iad ag taisteal na tíre leis na mílte bileog dúinn. Ach, ná bímis compordach bheith ag brú Béarla ar an bpobal nuair a thuigimid ó thuairiscí daonáirimh go bhfuil Gaeilge á húsáid ag go leor de, bíodh sé go laethúil, go seachtainiúil nó cibé.

Agus fan go bhfeicfimid an toradh. An gcuirfidh sé le bhur gcostais? Cuirfidh. Ach an mbainfidh sé 0.5% sa bhreis de vóta amach do d’iarrthóir áitiúil? Bainfidh, agus níos mó de réir a chéile. Táim cinnte nach ndiúltódh foireann toghcháin Trevor do chúpla céad vóta sa bhreis, nó an Stiúrthóir toghcháin atá ag Michelle Gildernew, Máirtín Ó Muilleoir nó Kathleen Funchion i mí Bhealtaine.

Agus ní dóigh liom go ndiúltódh an Roinn Toghcháin ná an Roinn Poiblíochta do vóta ní b’airde ach an oiread.

Ach ní hé sin an fáth ar cheart dúinn é a dhéanamh. Ní leor domsa bheith beagnach cothrom. Ní ceart d’éinne glacadh leis sin, bíodh bean ann, fear ann, inimirceach, duine aerach, seanduine nó ógánach, ná Gaeilgeoir. Dá mba rud é nach raibh de mhian ag Sinn Féin a thuilleadh, Éire aontaithe a bhaint amach, cén cineál slua a bheadh sa halla mór amuigh?

Nó dá mba rud é gur bhog Sinn Féin ar dheis, cá mhéad dár mbaill a chaillfimis? Bímid i Sinn Féin mar go bhfuil an páirtí ionadaíoch ar ár mianta. Mar sin, bíodh sé, nó ná bímis ann.

Bheadh sé de chumhacht agus de cheart ag iarrthóir toghcháin diúltú glacadh le bileoga atá maslach ar an nGaeilge, óir is é a síniú nó a shíniú a bhíonn ar an mbileog.

Céard a déarfadh Sinn Féin le Liadh Ní Riada nó le m’Fheisire Parlaiminte Eorpach féin, Matt Carthy, dá ndéarfadh siad nach mbeadh siad sásta aon fhoilseachán fúthu a bheith níos lú ná 50% trí Ghaeilge?

Cén roinn sa pháirtí go díreach atá nó a bheadh ina choinne sin? An bhfuil Stailc bheag Teanga ag teastáil taobh istigh de Shinn Féin? Ceathracha míle teach nó mar sin a gheobhaidh bileoga Shinn Féin i nGaillimh Thiar sa toghchán romhainn – sin 40,000 teachtaireacht, 40,000 buille beag ar son na Gaeilge.

Táim cinnte go n-oibreodh focal beag sa chluas ó Trevor ar Gerry A. Agus dá ndéanfaimis ar fad a leithéid, ba láidre an teachtaireacht í ná í a bheith ag teacht ó chumann beag amháin i gCo. Chill Dara.

Fillfidh mé ar mo cheist arís. Is iomaí eagraíocht a d’fhéadfadh duine a roghnú chun a mhianta a bhaint amach. Mar sin, dá mbeadh an Piarsach beo, an mbeadh Sinn Féin i measc na n-eagraíochtaí a mbeadh sé mar bhall díobh dá dtiocfadh sé ar an saol arís?

Ní mór dúinne a chinntiú go mbeadh, tríd an nGaeilge agus a chur chun cinn a bheith mar choinníoll dár ngrá agus dár ndílseacht do Shinn Féin. Smaoiním ar fhocail Madiba a dúirt tráth, “Labhair le fear i dteanga a thuigeann sé, agus sroichfidh tú a cheann; labhair leis ina theanga féin agus sroichfidh tú a chroí”.

An bhfuil Sinn Féin ag labhairt le do chroí? Go raibh maith agaibh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s