Báitheadh sa Mheánmhuir

le Art Hughes, Scoil na Gaeilge, Ollscoil Uladh.

Bíonn súil le muir, ní bhíonn súil le huaigh

Tá an nuacht lán de thragóid ar an aimsir seo agus cás na n-imirceach as tuaisceart na hAfraice agus na Tuirce i measc na gcinnlínte – go háirithe Dé Domhnaigh an 19ú Aibreán nuair a briseadh bád a bhí 6o míle de chósta na Libia agus fá 120 míle de chósta Lampedusa, oileán de chuid na hIodáile.

Ní tháinig ach 28 anam slán den bhád seo agus báitheadh suas go 700 duine! Agus gan fiú trian de 2015 caite againn, meastar gur 1500 duine a cailleadh sa Mheánmhuir – 30 uair níos mó ná an bhliain anuraidh!

Caithfear ceist a chur: ‘Cén fáth a gcuireann na mílte daoine iad féin i gcontúirt a mbáite mar seo?’ Íocann siad idir £1500 agus £2000 punt do ‘chaiftíní’ mí-ionraice agus théid siad ar bord soitheach (más féidir ‘soithigh’ a thabhairt ar an chuid is mó de na bádaí bréana brocacha seo) nach bhfuil acmhainneach ná fóirsteanach don fharraige a bhfuil siad ag tabhairt aghaidhe uirthi.

Má fhágtar báitheadh ar leataobh, is minic na paisinéirí ag fáil bháis den fhuacht nó d’easpa uisce agus bídh.

Tá an freagra simplí: tá saol ar ifreann ag go leor de na himircigh bhochta seo ina dtír féin – agus b’fhearr leo imeacht i mbéal a gcinn agus dhul sa tseans ar an fharraige ná bás a fháil mar a bhfuil siad. Sin í an fhírinne ach b’fhearr linne san Iarthar neamhaird a dhéanamh ar an fhírinne mar gur míchompordach an mhaise dúinn aghaidh a thabhairt uirthi.

Tá sé 25 bliain ó fuair an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna bás. Cuireann Seosamh síos, ag tús an leabhair Mo Bhealach Féin, ar an dóigh a seachnaíonn daoine an fhírinne:

‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh – agus sin an fáth a seachantar í.’

Cé gur mhair Seosamh go raibh sé 90 bliain d’aois, bhí saol poiblí an-ghairid aige, cúig bliana gearra déag ó thart fá 1925 go dtí gur thráigh an tobar in 1940.

Cad é ab fhiú éisteacht leis (dá mbeadh sé beo inniu) ar agallamh teilifíse ar cheann de na cláracha idirnáisiúnta nuachta? Sin rud nach dtiocfaí a bheith ag súil leis, ar ndóighe, ach bíodh sin mar atá, tá cuid mhór fá staid an duine breactha fríd a shaothar iomlán.

Bhí comhdháil in Ollscoil Uladh Bhéal Feirste ar na mallaibh ar an litríocht agus ar Ghorta Mór na hÉireann. Is iontach an ciúnas atá thart ar ábhar an Ghorta in Éirinn – go háirithe nuair a fuair milliún duine bás agus nuair a d’imigh níos mó ná milliún eile thar sáile.

Dálta na ndaoine gan dóchas ar aistear farraige sa Mheánmhuir inniu, ba daoine bochta formhór na marbh agus na n-imirceach Éireannach lá den tsaol.

Daoine gan glór gan urlabhraí. Cá mhéad Éireannach a fuair bás ar na longa cónrach ar a mbealach brionglóideach trasna na Farraige Móire go Meiriceá?

Ar a bhealach féin, ní thabharfainn ‘scríbhneoir cruthaitheach litríochta’ amháin ar Sheosamh Mac Grianna ach bhaistfinn cúpla teideal breise air: ‘fealsamh’ nó ‘antraipeolaí’. Thuig sé, ar leibhéal domhain, cruachás agus buanphian an chine dhaonna mar is léir ó theideal cnuasach gearrscéalta leis An Grá agus an Ghruaim – achoimre ar shaol go leor daoine taobh istigh de dhá phríomhfhocal.

Sa chnuasach chéanna gearrscéalta, tá scéal ann ‘Ar an Trá Fholamh’. Ceanglaíonn Cathal Ó Canainn corp a dhearthára ar a dhroim agus cé nach ndéantar trócaire leis ag coire an anraith, siúlann sé ar aghaidh ón tslua ar aistear uaigneach agus éiríonn leis a dheartháir a chur in uaigh taobh lena n-athair – dualgas agus dínit dheireanach.

Ach tá muid sa dul amú má shamhlaíonn muid nach bhfuil i gceist anseo ach cás daoine ocracha na hÉireann, mar b’údar é an Griannach a thuig an duine imeallach, agus thug sé glór dó féin, mar dhuine scaite, agus do dhaoine eile cosúil leis.

Ach tá fírinne shíoraí in go leor dá bhfuil scríofa aige, agus inniu féin tá níos mó ná 8 milliún duine ag fáil bháis den ocras ar an domhan, agus tá baint ag ‘Ar an Trá Fholamh’ le cás na mbochtán seo.

Mar an gcéanna, gan fiú ó theideal gearrscéal eile leis faigheann muid cur síos ar bhun tsiocair antraipeolaíoch imeacht na muintire seo a bháitear inniu ins an Mheánmhuir: Bíonn súil le muir, ní bhíonn súil le huaigh – nó bíonn dóchas ann go dtiocfaidh muid slán ón fharraige ach ní thiocfaidh muid slán as an uaigh go deo’.

Sin seanfhocal a bhíodh ag Gaelaibh ariamh anall, ach fóireann an nathán cainte seo do chás truacánta na ndaoine bochta seo atá á gcailleadh ina slóite ar bharr na dtonn i ndorchadas na hoíche.

Thiocfaí aistriúchán eile a sholáthar ar ‘Bíonn súil le muir, ní bhíonn súil le huaigh do bhunadh compordach na hEorpa, a bhfiafraíonn díofa féin, ‘Cén fáth a gcuireann an oiread sin daoine cos ar na bádaí seo?’ Ní thuigeann sáthach seang!

Art Hughes, Scoil na Gaeilge, Ollscoil Uladh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s