An Dreoilín agus Muintir na hÉireann – le Gerry Oates

An Dreoilín agus muintir na hÉireann – le Gerry Oates

Is díol iontais liom le fada an méid pisreogachta neamhfhabhraí a mhaireann i measc mhuintir na hÉireann i dtaca leis an dreoilín, éan beag gleoite neamhurchóideach a thaithíonn fálta agus garraithe ó cheann ceann na tíre.  Tá sé aisteach an fuath a thaispeánann cuid de na daoine ar an éan bhocht seo a shroicheann a bhuaic Lá an Dreoilín (26 Nollaig) nuair a théann dreamanna de dhaoine óga amach ar na bóithre ar thóir an éin ar mhaithe le spórt is greann.

Níl meas rómhór ag muintir na tuaithe ar an dreoilín mar creidtear go forleathan, gan údáras dá laghad, go ndearna sé míghníomh ar ár Slánaitheoir. De réir an tseanchais nuair a bhíothas Á chéasadh bhí an spideog ag iarraidh na dealga a tharraingt amach as an Choróin Spíon ach bhí an dreoilín á dtiomáint isteach.[1]  Ní thuigim cad é an t-údar atá leis an scéal seo ach tá sé bunaithe go daingean i meon na ndaoine.

Léiríonn an litríocht agus an béaloideas go bhfuil dlúthcheangal idir muintir na hÉireann agus an dreoilín le fada an lá. Tá na saineolaithe den bharúil go dtéann seanchas an éin bhig seo siar go ré na págánachta. Cibé ar bith, is fíor go bhfuil seantaithí ag na Gaeil ar an dreoilín óir tá tagairt don éan i Sanas Chormaic, gluais a cuireadh le chéile sa 9ú haois. Pléann Cormac sanasaíocht an fhocail ina shaothar:

dris .i. der-uis .i. derōil 7  uis.  Inde dicitur dreaan .i. der 7 ēn .i. ēn bec derōil, nō drui-ēn .i. ēn donī fāitsine)[2]

agus tá sé le tuigbheáil uaidh go bhfuil ceangal idir an dreoilín agus na draoithe, rud a thugann bua na tairngreachta dó agus a nascann an dreoilín leis an ré Réamh-Chríostaí. Dreoilín agus dreolán atá air in Éirinn, dreòlan agus dreathan-donn[3] in Albain agus drein i Manainn.[4]

Chomh maith le bua na tairngreachta cuirtear i leith an dreoilín nach mbíonn an dea-scéal le hinse aige ach an drochscéal i dtólamh, go háirithe má bhíonn mífhortún nó brath i gceist mar a léirítear dúinn sa scéal Cathréim Ceallaig a chéadchumadh i dtrátha na bliana 1200:

A dreólláin cusin eirr mail!
is truag thairngires tú in laid
massed tánacais dom brath         

A dhreoilín an eireabaill mhaoil!
is trua an tairngreacht i do laoi,
más rud go dtáinig tú le mo bhrath[5]

Píosa filíochta eile a dhearbhaíonn go bhfuil bua na tairngreachta ag an dreoilín is ea an dán atá luaite le Donnchadh Mór Ó Dálaigh a d’éag in 1245. Toisíonn an dán leis an líne:

Dre-éan eanaigh, ionmhain fáth (is ionann fáth agus fáidh).[6]

Agus mar bharr ar an mhíchlú tá sé ráite gur chuir Naomh Moling mallacht ar an dreoilín agus gur ghríosaigh sé páistí agus daoine óga leis an éan a sheilg.[7]

Bhíodh sé de nós ag daoine óga, sa Mhumhan agus i gConnachtaibh go háirithe, dul sa tóir ar an dreoilín Lá Fhéile Stiofáin agus an t-éan beag a mharú. Agus ansin ar shiúl leo ó theach go teach sa chomharsanacht agus cuaifín cheoil á seinm acu ag iarraidh luach an óil a mhealladh ó lucht na dtithe. Creidtear gur éan uasal an dreoilín, go bhfuil baint aige leis an asarlaíocht, agus gur féidir cuid dá chumhacht a bhronnadh ar dhaoine ach cuairt a thabhairt orthu. Dá bhrí sin bheir na comharsana bronntanais bheaga nó pingineacha dóibh le caitheamh sa teach ósta i ndeireadh an lae. Is gnás an-ársa é a théann siar go haimsir ár seacht sinsir ach is doiligh an naimhdeachas i leith an éin bhig seo a mhíniú.

San am céanna ní raibh an uile dhuine ar aon bharúil fá sheilg an dreoilín. Is bocht an tuairim a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an ghnás de réir mar a chuir sé síos ar imeachtaí an lae sin ina chuntas i dtús na 19ú haois:

Lá Fhéil’ Stiofáin (1828) –  Grathain an bhaile ag imeacht ó dhoras go doras, le dreoilín i gcrann cuilinn, ag iarraidh airgid chum bheith ar meisce um dheireadh an lae.  Is olc an nós a thabhairt dóibh é.[8]

Ach roimhe sin san 18ú haois nocht an file Corcaíoch, Seán Ó Murchadh na Ráithíneach, a thrua don éan i réamhrá an dáin, Im Udhacht níl Pinginn, fá dhreoilín a gabhadh Lá Fhéile Stiofáin 1726; dearbhaíonn sé le teann trua gur:

Udhacht an dreóilín chomhighthigh cheannruaidh chialléadtruim do gabhadh ar Laghair Dhúna Bholg, i mBarrachaibh an 26adh lá de December 1726-7; agus nár chan bladhmann, bréag na baothfhocal go bás

agus sa dán féin cuireann sé síos ar chruachás an éin bhig agus scroblach an bhaile mhóir ar a thóir:

Níl suaimhneas agam, níl cluthar, níl coil ná craobh,
’S do chuaidh as m’fuinneamh, níl duine dhem bhuidhin im ghaobhar
Do bhuail gach nduine me dho bhuille nár shlím feadh an ghéill;
Mo chuaird do chiorrbhaidh, do cuireadh mé as ríoghacht go héag.[9]

Agus arís san 18ú haois, lena dhearbhú nach raibh muintir na tíre go léir anuas sa mhullach ar an dreoilín bhaist an file Aindrias Mag Craith ‘dreoilín’ mar ainm ceana ar Éirinn san amhrán Seacaibíteach Cuirfeam Plaid is Clóicín nuair a bhí a lán dóchais ag muintir na hÉireann i Séarlas Óg:

Cuirfeam plaid is clóicín
Ar mo dhreoilín go seascair sámh,
Ó tháinig chugham fá róbaí
Is dóigh linn gur geal an lá …[10]

Sa lá atá inniu ann is i mBéarla a chanann lucht an dreoilín a gcuid amhrán ach cuireann Dómhnall Bán Ó Céileachair i gcuimhne dúinn nach mar sin a bhíodh in iarthar Chorcaí agus scríobhann sé sampla ina bheathaisnéis. Seo agaibh ceathrú de:

Dreoilín a fuaras-sa i gcarnán cloch
Dar ndóigh cárbh fheárr é a fháil i dtor,
Chaitheas mo bhata leis, is bhriseas a chos:
Éirí id shuí,’bhean a’ tí, is líon dhúinn deoch![11]

Is é an dreoilín an t-éan is lú toirt atá againn san Eoraip; ní dhéanann sé imirce ach fanann sa tír i rith na bliana agus ceol aigeantach thuas aige i lár an gheimhridh féin fiú nuair a bhíonn bunús na n-éan ceoil uile imithe.  Agus i mbéaloideas de mhór-chuid na hEorpa áirítear an dreoilín mar ‘rí na n-éan’, rud atá le haithint sna hainmneacha a bhaistear air ón Rúis go dtí an Phortaingéil.  Kоролёк / korolyok (‘an rí beag’) an leagan atá air sa Rúis agus is ionann ciall do na téarmaí a thugtar air sna teangacha Rómánsacha – roitelet sa Fhrainc, reyezuelo sa Spáinn, reisête sa Phortaingéil chomh maith le ré di macchia (‘rí na scrobarnaí’) san Iodáil.  Is Zaunkönig é (‘rí na bhfál’) sa Ghearmáin agus winterkoninkje (‘rí an gheimhridh’) san Ísiltír.

Tá tagairt do bheag-mhéid an éin san Fhionlainn, peukaloinen (‘an ordóg’), sa Chróit, palčić (‘an lúidín’) agus san Íoslainn músarrindill (‘an luchóg-éan’).

Mar is dual d’éan atá dúchasach tá an litríocht agus an béaloideas breac le tagairtí dó ó aimsir na Sean-Ghaeilge i leith, corradh maith le míle bliain ó shin; agus is minic a tharraingíonn daoine orthu ainm an éin ina gcuid cainte idir nathain is seanfhocla agus an magadh taobh thiar de, de ghnáth.  Críochnaímis anois scéal an dreoilín le roinnt acu siúd:

“Is beag an rud nach cuidiú é,” a dúirt an dreolán nuair a rinne sé a mhún san fharraige;

“Is mór an ní an neart,” arsa an dreoilín nuair a chaith sé an chiaróg leis an bhfaill;

“Is maith an rud dorn ó dhreoilín ar cairde” (an dochar is lú féin a chur ar cairde); agus
“Mo cheol go deo an tsean-chnámh,” mar a dúirt an dreoilín (an chearc) nuair a sháraigh uirthi agus a dáréag mac (na scolamáin) cnumh a tharraingt amach as an talamh go dtáinig an t-athair (an coileach).  Sin agaibh scéal an dreoilín.

Fonótaí

[1]  Ó Heochaidh, S: Seanchas Éanlaith Iar-Uladh (Béaloideas Iml. 37-8, 289)

[2]  Ó Cuív, B : Some Gaelic Traditions about the Wren (Éigse XVIII, 43)

[3]  Mac Bain, A: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, 142

[4]  Kneen, J. J: Manx Idioms and Phrases, 71

[5]  Ó Cuív, B: Éigse XVIII, 43-66

[6]  Ó Cuív, B: Donnchadh Mór’s Poem on the Wren (Éigse XVII, 13-18)

[7]  Ó Cuív, B: Éigse XVIII, 47-8

[8]  de Bhaldraithe, T (eag.): Cín Lae Amhlaoibh, 52

[9]  Ó Donnchadha, T (Torna): Seán na Ráithíneach, 86

[10]  Ó Foghludha, R: Éigse na Máighe,120

[11]  Ó Céileachair, D: Sgéal mo Bheatha, 71

 

Leabharliosta

Jørgensen, H. I: Glossarium Europae Avium, København, 1940

de Bhaldraithe, T (eag.): Cín Lae Amhlaoibh, Baile Átha Cliath, 2003

Ó Cuív, B: Some Gaelic Traditions about the Wren (Éigse XVIII), Baile Átha Cliath, 1981

Ó Cuív, B: Donnchadh Mór’s Poem on the Wren (Éigse XVII), Baile Átha Cliath, 1980

Ó Donnchadha, T (Torna): Seán na Ráithíneach, Baile Átha Cliath, 1954

Ó Heochaidh, S: Seanchas Éanlaith Iar-Uladh (Béaloideas 37-8), Baile Átha Cliath, 1973

Ó Foghludha, R: Éigse na Máighe, Baile Átha Cliath, 1952

Lúcás, L.U: Cnuasach Focal as Ros Goill, Baile Átha Cliath, 1986

Ó Máille, T.S: Sean-fhocla Chonnacht I & II, Baile Átha Cliath, 1948 & 1952

Ó Siochfhradha, P (An Seabhac): Seanfhocail na Mumhan, 2003

Dinneen, P.S: Foclóir Gaedhilge agus Béarla, Baile Átha Cliath, 1934

Mac Bain, A: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Inverness, 1911

Kneen, J. J: Manx Idioms and Phrases, Castletown, 1978

Ó Céileachair, D: Sgéal mo Bheatha, Baile Átha Cliath, 1952

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “An Dreoilín agus Muintir na hÉireann – le Gerry Oates

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s