Bu chòir fós!

Labhair Anton Mac Cába le beirt Ghael in Albain faoin reifreann.

Bu choir suaitheantais

Agus Reifreann an Neamhspleáchais in Albain thart, labhair mé le Gaeil i nGlaschú agus in Inse Ghall. Chaith Gaeil na hÉireann vóta ar son an neamhspleáchais: thug an tromlach i nGlaschú agus Dùn Dè, an dá chathair is mó mar a bhfuil Caitlicigh de bhunadh na hÉireann, vóta ar son ‘bu chòir’. Pobal seo a bhí nasctha le Páirtí an Lucht Oibre – ach nach bhfuil níos mó.

Is scannánóir, oibrí tógála agus Gaeilgeoir as Árainn Mhór é Tony Early, a bhfuil cónaí air i nGlaschú le tamall de bhlianta. Ón aithne atá aige ar phobal Dhún na nGall i nGlaschú, dar leis gur thug a dtromlach vóta dearfach sa reifreann.

Tá dóchas acu go bhfuil ola ag an tír, a d’fhágfadh go mbeadh Albain ábalta seasamh ar a bonnaibh.

“Tá siad tuirseach faoin dóigh a bhfuil an rialtas i Londain ag déanamh dearmad orthu,” ar seisean.

“Agus tá fearg orthu faoin Bedroom Tax.” Tá súil acu go mbeadh rialtas Albanach faoin neamhspleáchas ábalta airgead a bhailiú agus a chaitheamh.

Níl sé i bhfad ó shin ó bhí Gaeil Chaitliceacha na hAlban in amhras faoi Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba. Dar leo gur ‘páirtí Protastúnach’ a bhí ann. Tá Tony i nGlaschú le cúig bliana, agus níor chuala sé riamh an chaint sin sa phobal.

Tá meas aige ar Alex Salmond, Prìomh Mhinistear na h-Alba. Dar leis go bhfuil meas ag go leor sa phobal s’aige air. I ndiaidh gur fhógair Salmond go n-éireodh sé as a phost faoin tSamhain “chuala mé cuid mhór daoine ag rá – sheas sé an fód, agus mar nár éirigh leis, sheas sé síos. Thug sé seans do dhuine eile.

“Eisean a chuir chun cinn vótaí do dhaoine sé bliana déag go seacht mbliana déag. Sílim go bhfuil meas ag daoine air as sin a dhéanamh.”

Níl muinín níos mó aige as Páirtí an Lucht Oibre. “Bhí an Labour Party ag rá linn gur vótáil ‘No’ an dóigh leis an NHS (Seirbhís Náisiúnta Sláinte) a chosaint,” ar seisean.

“I ndiaidh an Reifrinn, tá siad ag rá go gcaithfidh tú rud eile a dhéanamh. Tá sé deacair éisteacht leo agus a rá go bhfuil siad dílis do dhaoine. Tá siad ag athrú ó chuir daoine a vótaí isteach.”

Tá sé den bharúil gur i dtreo an neamhspleáchais atá an tír ag gluaiseacht. Is aontachtaithe iad an tseanghlúin. Bhí 70% den mhuintir óg ar son an neamhspleáchais.

“Fiche bliain síos an líne, beidh an seachtó faoin chéad sin beo ar fad,” ar seisean.

An oíche i ndiaidh an Reifrinn, rinne dronga dílseoirí agus faisistigh ionsaí ar lucht tacaíochta an neamhspleáchais i lár Ghlaschú. Chuir sin imní ar Tony.

“An rud a tharla in George Square – bhuel, cad a tharlódh dá mbeadh Albain neamhspleách?” ar seisean.

After all, fuair siad an ‘No’ vóta. Bhí mise cineál scanraithe nuair a chonaic mé é. Tá mé cinnte go bhfaighidh Albain neamhspleáchas. An mbeidh trioblóidí, mar a bhí sa Tuaisceart?”

Is guth Gaelach eile í Anna Frater, file agus léachtóir a bhfuil cónaí uirthi ar an Rubha i Leòdhas sna hEileanan an Iar.

Thug sí faoi deara go bhfuil impleachtaí cultúrtha leis an Reifreann. “Rud a thug mé faoi deara agus an Reifreann ag teacht,” ar sise.

“Ar mo ‘feed’ Facebook, duine ar bith de mo lucht aitheantais atá ag obair sna tionscail chultúrtha – ag aisteoireacht, ag scríobh, ag ceol – bhí siad go láidir ar an taobh ‘Yes’. Tá rud den fhéinchinntiúchán chultúrtha ann.”

Is mó ná rud cultúrtha é, dar léi. Tá níos mó ciorruithe ag teacht.

“Is córas é ná go bhfuil Holyrood (Pàrlamaid na h-Alba) i gceannas ar an uile rud, ach amháin an chraoltóireacht – tá sin faoi Westminster ar fad,” arsa Anna.

“Agus airgead á chiorrú, is ceart gur ar sheirbhísí duine le duine a bheadh airgead dírithe, mar shampla, an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte. Rudaí eile nach bhfuil chomh ríphráinneach, ciorrófar iad.”

Tá na healaíona tábhachtach ó thaobh sláinte mheabhrach de. “Ach nuair a bhíonn sé ina rogha idir dráma agus post banaltra, ní gá machnamh a dhéanamh air,” ar sise.

Is de bharr pholaitíocht na déine ar fud na Ríochta Aontaithe é sin. Díolann pobal na hAlban isteach i gcomhchúntas. Is é rialtas Westminster amháin a tharraingíonn as – le pinginí a chaitheamh le Riaghaltas na h-Alba.

Ní bhfaigheadh sin maoiniú ar bith mura mbeadh sé sásta ciorruithe a chur i bhfeidhm. “Ós rud é nach bhféachtar ar an chultúr mar rud riachtanach, seans maith gur sin an chéad rud a chiorrófar,” arsa Anna.

Tá, ar ndóigh, cúiseanna láidre eile le tacaíocht lucht na n-ealaíon leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.

“B’shin mar go raibh an feachtas ‘Yes’ chomh dearfach,” arsa Anna. “Bhí borradh láidir faoi ón chosmhuintir.”

Bhí Anna féin páirteach sa bhorradh. Chuir mé agallamh uirthi cúpla lá i ndiaidh an Reifrinn:

“Ní chuireann an focal díomá síos ar an dóigh ar mhothaigh mise maidin Aoine seo caite – ná baol air,” ar sise. Nuair a rinne sí a machnamh bhí áthas uirthi. Caith 45% den phobal vóta ar son an neamhspleáchais. Anuraidh, ba rud beag thar 20% a thug tacaíocht sna pobalbhreitheanna.

Leis, níl deireadh leis an fheachtas. “Tá cuid mhór ag tarlú ar fud na tíre,” ar sise. “Tá pleananna ann le Corparáid Craoltóireachta na hAlban a bhunú, nó bhí sé dochreidte chomh claonta agus a bhí na meáin príomhshrutha.

“Tá rudaí eile le teacht as. Tá daoine sna tionscail chultúrtha cinnte dearfach nach ligfidh siad d’fhiontair éagsúla bás a fháil.”

Tá sin nó go bhfuil borradh cultúrtha ann. “Ón chosmhuintir aníos, tá daoine anois ar an eolas gur Albanaigh iad,” ar sise. “Tá níos mó béime air sin. Mothaíonn siad go bhfuil siad difriúil (le Sasana) nó go bhfuil sochaí na hAlban difriúil.

“Ó thaobh an tseasaimh sa pholaitíocht de, tá claonadh ag Albain bheith ar an eite chlé. Tá Sasana ag bogadh níos faide agus níos faide ar dheis. Tá dearcadh difriúil ar an tsaol againn.”

Ceann de na spriocanna is mó, dar léi, atá ag pobal na hAlban fáil réidh le diúracáin ‘Trident’. Is maith léi na greamáin ‘Bairns not Bombs’ atá iontach coitianta anois.

Beart a chuir an-áthas uirthi go bhfuil anois grúpaí ag teacht le chéile. Thug thar 100 grúpa tacaíocht don neamhspleáchas.

Bhí fiú ‘Labour for Independence’ ann – a dhiúltaigh do sheasamh aontachtach an pháirtí. Ainneoin an tseasaimh sin, thug níos mó ná 30% de vótálaithe an Lucht Oibre tacaíocht don neamhspleáchas.

“Músclaíodh rud éigin,” ar sise. “Ós rud é go bhfuil dream i gcatagóir amháin, ní chiallaíonn sin go bhfuil siad coinnithe amach ó chatagóir eile. Tá grúpaí nár oibrigh lena chéile roimhe seo anois ag comhoibriú le chéile.”

Níl deireadh leis an bhorradh pholaitiúil.

“Sa tseachtain ó caitheadh na vótaí, tá a thrí oiread ball ag Pàrtaidh Uaine na h-Alba, a dhá oiread ball ag Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba agus Pàrtaidh Sòisealach na h-Alba.

“Níor luigh daoine síos roimh an rud a tharla. Spreag (teip an Reifrinn) daoine chun gnímh. Níl a fhios agam an dóigh le hé a rá, ach mhúscail sé rud éigin.”

Beart amháin nach dtuigeann sí go hiomlán gur vótáil 53% in éadan an neamhspleáchais sa toghcheantar s’aici, Na h-Eileanan an Iar, an toghcheantar is láidre Gàidhlig in Albain. Ach tá a fhios aici gur músclaíodh rud éigin ansin chomh maith.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Bu chòir fós!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s