Éadóchas faoin éide – Máire Zepf

Myra Zepf An tUltach

 

In Ainm na Máthar, le Máire Zepf

Tá rud éigin bun os cionn faoin tsaol nuair atá fear an tí, ollamh ollscoile, ag dul amach chuig a chuid oibre agus t-léine air, agus na páistí beaga leis an charbhat.

 

Tá dearmad déanta ar an tsamhradh anois. Tá na duilleoga ag titim, tá sméara dubha, dearcáin agus cnónna capaill le bailiú agus tá an tine lasta sa teallach arís.

Ach níos cumhachtaí ná rud ar bith eile, tá an scoil. Glacann an scoil seilbh iomlán orainn. Smaoiním siar ar laethanta geala an tsamhraidh agus muid go fóill inár bpitseámaí ar a deich a chlog ar maidin, ag meabhrú linn ar rudaí le déanamh leis an lá fhada romhainn.

Bhris an clog aláraim an draíocht bhog sin go callánach. Agus mise, ar ndóigh, agus mé mar a bheadh maorsháirsint borb ann ag scairteadh amach na n-orduithe go luath ar maidin.

“Faigh do bhosca lóin!”, “Pacáil do chuid éadaí spóirt!”, “Ar chuimhnigh tú ar d’fheadóg stáin?” Tá muid ar ais sa tranglam seo – na geansaithe caillte, an triail litriúcháin i measc na gcalóg arbhair mar go raibh muid ag rang snámha aréir, airgead le fáil faoina choinne seo siúd agus uile, bróga caillte, leabhar léitheoireachta faoin tolg.

Anord. Agus an diabhal éide scoile. Dá mbeadh gach rud mar ba mhian liom féin, chuirfinn an t-iomlán ar thine chnámh is dhéanfainn damhsa beag thart uirthi agus í ag dó. Ní raibh éide scoile againne ar an bhunscoil. Chaith muid rudaí ciallmhara, compordacha. Anois, cuirtear léine agus carbhat ar pháiste ceithre bliana d’aois.

Seo páiste a bhí neamhspleách á ghléasadh féin go dtí gur tugadh a leithéid de bhréagéadaí dó nach dtig leis a láimhseáil. Tá rud éigin bun os cionn faoin tsaol nuair atá fear an tí, ollamh ollscoile, ag dul amach chuig a chuid oibre agus t-léine air, agus na páistí beaga leis an charbhat.

Cuirtear cuid mhór argóintí chun tosaigh ar son éide scoile. Deirtear go bhfeabhsaíonn sí iompar na bpáistí, go gcothaíonn sí comhfhéiniúlacht eatarthu, agus go laghdaíonn sí difríochtaí eacnamaíochta idir páistí.

Ní chreidimse focal de. Cosnaíonn sí airgead domsa, mar go bhfuil na gnáthéadaí de dhíth cibé. Níl iontu ach rudaí breise – péire eile bróg le ceannach gach uair a fhásann na cosa, mar shampla.

Maidir le hidirdhealú idir páistí, ní thuigeann siad éadaí costasacha ná saoire sa bhunscoil. Ach tuigeann siad cé aige nó aici a bhfuil an iPhone is nua.

Chónaigh muid bliain sa Ghearmáin, áit nach mbíonn éide scoile ar bith ann (áit a bhfuil dúfhuath agus tréanamhras faoi éide ar pháistí mar gheall ar an stair). Níor thug mé faoi deara go raibh siad uilig fiáin agus gan smacht. Ná go raibh fadhbanna acu díriú agus foghlaim.

Níor mhothaigh mé easpa féiniúlachta sa scoil, ná tromaíocht mar gheall ar éadaí. Ach is maith ba chuimhin liom an sásamh a mhothaigh mé go dtiocfadh leis na páistí gléasadh ar maidin gan an ‘cá bhfuil mo stocaí liatha?’ agus an ‘A Mhamaí níl mo léine spóirt glan!’

Nuair a bhí sé fuar amuigh, chaith siad éadaí teolaí agus buataisí sneachta. Nuair a tháinig an samhradh, chaith siad bríste gairid, t-léine agus caipín gréine. Samhlaigh sin.

Le bheith ionraic, tá rud amháin níos mó ná rud ar bith eile a chuireann isteach orm faoin éide scoile.

Is cuimhin liom go maith ar an mheánscoil an oiread ama agus fuinnimh a cuireadh isteach i bpóilíneacht na héide. Dá mbeadh an dath mícheart ar na riteoga, dá mbeadh an stíl chontráilte ar an bhóna, nó an ghruaig orlach ró-fhada, bheadh trioblóid ann.

Cineál OCD institiúideach a bhí ann. Briseann sé an iontaoibh a bhíonn ag duine óg i ndaoine fásta mar go bhfuil sé chomh suarach. Tá an teachtaireacht láidir – is cuma má tá tú díograiseach, nó cliste, nó cuidiúil nó ceolmhar nó cibé. Má tá do léine amuigh ar do bhríste agat, níl tú maith go leor. Bheadh sé ina thraenáil fhóirsteanach don arm, b’fhéidir, ach ní raibh an múnlú sin de dhíth orm i saol na hoibre riamh.

Anois, agus deireadh le mo chuid callaireachta agus alt críochnaithe agam, ba chóir dom súil a chaitheamh ar an tsliabh níocháin sin thuas staighre, nó beidh na páistí ag dul ar scoil ina gcuid pitseámaí cibé.

Advertisements

2 thuairim ar “Éadóchas faoin éide – Máire Zepf

  1. Dea-alt. Éide nó seó faisin, sin an rogha.
    Agus níl éide scoile sa Ghearmáin de dhroim na staire, muis. Níl san Ollainn ach an oiread. Níl fhios agam cad é a leithscéal. Tá sa Seapáin áfach.
    Ceart dhomh ceart dhuit, is dócha

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s