Gael in Gaza

Ón Airchív – cuireadh an t-alt seo i gcló in An tUltach i mí na Bealtaine, 2010.

Labhair Anton Mac Cába leis an ghníomhaí idirnáisiúnta, Éanna Ó Donnghaile faoin iarracht a rinne sé fóirithint a thabhairt chun na Palaistíne.

A mhalairt ar fad ó uafás Gaza is ea a bheith ag ól cappuccino i gcaifé deas trasna ó Halla na Cathrach i nDoire. Thug Éanna Ó Donnghaile blas maith den uafás sin isteach sa chaifé leis, áfach.

Bhí sé i ndiaidh teacht ar ais go Doire as Gaza, mar a raibh sé mar chuid de thionlacan Viva Palestina.

Is tábhachtach go mór ag Éanna cruachás Gaza. Thréig an fear óg seo post i nGaelscoil Bhun Cranncha le dul chun na háite sin. I ndiaidh dó pilleadh, tá sé dífhostaithe.

Bhí sé féin agus ceathrar fear óg eile as an chathair mar chuid den tionlacan, otharcharr agus acmhainní leighis acu. Fuair siad tacaíocht go forleathan i nDoire; chuathas thart ó dhoras go doras ag tiomsú airgid i gceantair ar leith leis na hacmhainní leighis a cheannach.

Éanna Ó Donnghaile in Gaza in 2010.
Éanna Ó Donnghaile in Gaza in 2010.

Chonaic daoine ionsaithe na nIosraelach ar an teilifís: “Bhí sé níos fusa airgead a bhailiú mar gheall ar an bhuamáil a tharla i mí na Nollag 2008 agus i mí Eanáir 2009,” a mhínigh Éanna.

D’éirigh níos fearr leis an fheachtas tiomsaithe airgid ná mar a shíl sé. Chuaigh sé féin thart ar na tithe sa taobh sin den chathair ina bhfuil cónaí air féin: Seantalamh, Ard an Chairn agus an Chúil Mór.

Go fiú mar dhuine a bhí eolach ar cheist na Palaistíne, chuir dánacht na nIosraelach anuraidh uafás ar Éanna: “Chuir sé iontas orm go ndeachaigh siad chomh fada sin. Sílim go bhfuil an pointe sin bainte amach acu gur cuma leo faoin dearcadh idirnáisiúnta.

“Maraíodh 1,300 duine, 440 páiste ina measc. Chuir sé iontas orm gur cuma sa tsioc leo an dearcadh a bheadh ag an phobal idirnáisiúnta ar an rud a bhí ag dul ar aghaidh ansin.”

Faraor, dar leis nach rud nua é an marú: “Tá sé ag dul ar aghaidh le seasca bliain, ó bunaíodh Stát Iosrael. Dá mbeifeá ag amharc isteach ann, ní chuirfeadh sé an oiread sin iontais ort, nó is é an plean atá ag an rialtas ag an leibhéal is airde ó bunaíodh Stát Iosrael réidh a fháil leis na dúchasaigh, mar a tharla i Meiriceá leis na bundúchasaigh.”

Feiceann sé cosúlachtaí idir cás na Palaistíne agus cás Dhoire. Bhí Domhnach Fola dá gcuid féin ag na Palaistínigh nuair a scaoil fórsaí Iosrael le Palaistínigh, ar saoránaigh Iosraelacha iad, gur mharaigh 14 duine acu, “díreach mar a tharla anseo,” dar le hÉanna, “na daoine ag lorg Ceart Sibhialta, na huimhreacha céanna agus achan rud.”

Thug cúigear Dhoire an t-otharcharr leo as an chathair. Ba thionlacan idirnáisiúnta tionlacan Viva Palestina, thart ar 500 duine ann as achan chearn den Eoraip agus as Tuaisceart Mheiriceá.

Ní gan chonspóid, fiú ar bhonn áitiúil, a bhí an turas. Cuireadh i leith Éanna, agus i leith a chomrádaithe, gur frith-Ghiúdaigh iad. Cuireann na líomhaintí seo fearg air:  “Sin an modh cosanta atá go háirithe ag an ghluaiseacht Shíónach in Iosrael agus i Meiriceá. Más rud é go labhraíonn duine éigin amach faoin uafás atá ag tarlú in Gaza agus sa Phalaistín, is é an chosaint atá acu ná dul ar an ionsaí agus a chur i do leith gur rud frith-Ghiúdach atá ann – ní frith-Shíónach ach frith-Ghiúdach.

“Déanann siad an cinéal sin lipéid a chur ort i gcónaí. Bhí ailt scríofa i nuachtáin ag rá an cineál sin ruda, gur ciníochaithe a bhí ionainn, gur seo rud in éadan Giúdach.”

A mhalairt agus frith-Ghiúdachas a spreag Éanna. Bhí sé le dream a bhí ag dul amach le leigheas a chur ar fáil “do dhaoine nach raibh rud ar bith acu, do dhaoine ar scriosadh a dtithe go hiomlán.”

Tá sé in amhras faoi dhaoine a chuireann in éadan cúnamh carthanachta mar seo do Phalaistínigh: “Má tá fadhb ag daoine, ní deir sé a lán fúthu féin. Is clúdach atá siad ag iarraidh a dhéanamh. An plean atá ag rialtas Mheiriceá agus ag Iosrael, tá siad ag iarraidh clúdach a chur air sin uilig, agus níl siad ag iarraidh go gcluinfeadh an pobal faoi.”

Eanna O Donnghaile in Gaza in 2010
Eanna O Donnghaile in Gaza in 2010

Bhí Giúdaigh mar chuid den tionlacan. Ba é an Rabbi Weiss, Meiriceánach, an duine ab aitheanta orthu: “Tá i bhfad níos mó Giúdach in Iosrael, gnáth-Ghiúdaigh go díreach, a thuigeann an fhírínne, agus tá níos mó acu ag labhairt amach anois in éadan an rialtais ná mar a bhí deich nó fiche bliain ó shin.”

Bhí na Giúdaigh seo sa tionlacan nuair a shroich siad Gaza mar a raibh an fháilte a cuireadh rompu “dochreidte”.

“Bhí mé ag brath ar fháilte romhainn, ach ní raibh mé ag brath ar an mhéid a bhí. Nuair a chuaigh muid ar an teorainn i dtús bhí slua dochreidte ann.

“Mic léinn ón ollscoil, tháinig siad amach chun casadh linn. Chuir siad an-fháilte romhainn. Bhí siad an-sásta muid a fheiceáil. Fiú ar an bhealach amach go Cathair Gaza féin, amuigh ar na sraideanna, bhí an méid sin daoine ann ag cur fáilte romhainn an bealach ar fad.

“Tá sprid iontach láidir iontu; agus sin rud eile nach raibh mé ag dúil leis. Shíl mise go mbeadh siad iontach dubh, thíos, go mbeadh siad tinn tuirseach den mhéid a bhfuil siad ag dul tríd. Ar ndóigh, tá siad thíos mar gur chaill a lán acu cairde, baill teaghlaigh agus mar sin sa bhuamáil.

“Ní bheadh a fhios agat ó bheith ag caint leo nó ag amharc orthu go bhfuil siad chomh bocht sin. Na daoine féin, ní bhíonn siad ag gearán faoi rudaí.

“Bíonn an gnáthshaol ann. Feiceann tú daoine ag siúl thart sa chathair. Bhí sé go hiontach é sin a fheiceáil, rud nach raibh me ag brath air in aon chor.”

De dheasca choinníollacha na nIosraelach, ní raibh cead ag Éanna ach 48 uair an chloig a chaitheamh in Gaza. Bhí seans aige, mar sin féin, neart a fheiceáil le linn na tréimhse sin.

Chuir sé dúil san áit, go háirithe i gCathair Gaza: “Is cathair iontach deas ar fad atá ann, dá mbeadh síocháin ann, mura mbeadh an t-imshuí sin ann. Díreach ag an óstán mar a raibh muid ag fanacht, bhí trá ghalánta taobh amuigh den fhuinneog. Bhí a lán bád ann, báid iascaireachta. Agus sin rud eile, tá bac curtha ar na hiascairí. Níl cead acu dul amach níos faide ná dhá mhíle.”

Cé go bhfacthas d’Éanna an gnáthshaol a bheith i bhfeidhm, saol crua atá ag daoine. Tá thart ar 80% acu dífhostaithe: “Níl rud ar bith acu. Rud ar bith a fhaigheann siad isteach, caithfidh siad é a fháil tríd na tolláin ag Rafah a ritheann faoin talamh isteach go dtí an Éigipt.

“Ach go fiú na tolláin sin, tá na hÉigiptigh ag dul a thógáil balla ann, balla iarainn faoin talamh chun bac a chur orthu iad a úsáid. Is é an t-aon phost atá le fáil ná leis an státseirbhís, sílim. Níl dóigh ar bith eile chun obair ansin, de dheasca an choisc atá ar gach rud teacht isteach.”

Ba é tuaisceart Gaza ba mhó a d’ionsaigh fórsaí Iosrael: “Sa tuaisceart níl tithe ag duine ar bith, nó tá na tithe ansin go hiomlán scriosta leis an bhuamáil, mar sin tá na daoine ina gcónaí i bpubaill. Istigh sa chathair féin, in Gaza, tá tithe agus árasáin ag na daoine. Ach tá an bochtanas ann.

“Níl post ag na daoine, níl dóigh ar bith acu chun airgead a fháil. Agus chuir mé ceist ar mhic léinn ansin cé chomh holc agus a bhíonn rudaí ann, an mbíonn laethanta ann nuair a bhíonn siad ocrach, mar shampla. Dúirt siad go mbíonn.

“Tá a lán teaghlach ann agus mar gheall ar an chosc atá ar achan rud, tá laethanta ann a bhíonn siad ocrach mar níl mórán airgid acu. Ní shílfeá óna bheith ag amharc ar an chathair féin gur áit an-bhocht atá ann.”

B’oscailt súl ag Éanna an chuairt. Le linn an 48 uair an chloig a chaith sé sa chathair, maraíodh triúr agus iad ag siúl síos an tsráid in aice leis an ollscoil.

Chuala sé torann na mbuamaí, agus ansin níos moille gur maraíodh an triúr: “Nuair a fheiceann tú rudaí mar sin, tá sé deacair siúl ar shiúl ón rud agus dul ar ais chuig do ghnáthshaol agus gan a bheith páirteach sa rud. Mothaíonn tú go gcaithfidh tú dul ar ais agus rud éigin a dhéanamh.”

Rud amháin ba mhaith le hÉanna a dhéanamh ná stop a chur leis an chomhlacht Éireannach, CRH, atá ag cur stroighne ar fáil do na hIosraelaigh le balla a thógáil idir Iosrael agus an Bruach Thiar, dúiche Phalaistíneach: “Tá sé scannalach go bhfuil daoine mar sin ag obair sa tír seo. Nuair a smaoiníonn tú air, tá sé mar fhreagracht orainne, Éireannaigh, seasamh suas agus a rá ‘Nílimid ag iarraidh comhlachtaí mar seo bheith ag feidhmniú sa tír seo’. Chonaic achan duine anuraidh cad é atá Iosrael ag déanamh mar stát.

“Sílim go dtig leat níos mó a dhéanamh ón áit ina bhfuil tú, anseo in Éirinn. Thig le hachan duine scríobh chuig rialtas na hÉireann a rá leo stop a chur le comhlachtaí mar CRH feidhmniú sa tír seo. An rud atá siad ag déanamh, tá sé mídhleathach ar fad faoin dlí idirnáisiúnta.”

Nó cuireann an stair dualgas ar na hÉireannaigh cuidiú leis na Palaistínigh: “Rudaí a tharla in Éirinn, tá siad ag tarlú sa Phalaistín.”

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Gael in Gaza

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s