Feabhsaitheoir Teanga

Antain Mac Lochlainn faoi agallamh ag Anton Mac Cába

Tá aithne agam ar Antain Mac Lochlainn le níos mó ná 30 bliain, ó bhí sé ina shóisialaí óg dífhostaithe i gCúil Raithin – agus mise i mo shóisialaí (rud beag) níos sine i nDoire.

Ba léir gur duine cumasach é; níorbh eol dúinn cé chomh cumasach. Tá bláth ar a shaol acadúil agus liteartha ó shin: mar léachtóir, aistritheoir agus údar.

Antain Mac Lochlainn, An tUltach
Faoi láthair, tá cónaí air i mBaile Átha Cliath, é ina eagarthóir ar an suíomh Aistear.ie, agus ag aistriú leis.

Rugadh i gCúil Raithin é, an duine ab óige de dheichniúr. Theip air sa teist aistrithe (an 11+). I ndiaidh dó an mheánscoil Chaitliceach ar an bhaile a fhágáil, bhí sé roinnt blianta ar an dól.

Ba iad sin blianta Thatcher agus Reagan:

“Drocham a bhí ann. Tá a fhios agam nach bhfuil an lá inniu mórán níos fearr.

“Sílim go raibh an t-am sin níos measa fiú, nó ní raibh dóchas ar bith ann go n-athródh rudaí ó thaobh na polaitíochta de.”

D’éalaigh sé ón dól le céim sa Ghaeilge a dhéanamh ar Ollscoil Nua Uladh. Rinne sé cúrsa céadbhliana do dhaoine nach raibh mórán Gaeilge acu. Dar leis nach mbeadh sé in ann an chéim sin a thógáil anois, de bharr ciorruithe.

Ní raibh an Ghaeilge feiceálach agus é ag fás aníos.

“Ní raibh sí ar an scoil ar a raibh mise,” ar seisean. “Ach bhí barúil i gcónaí agam go raibh rud éigin ann. Is dócha go raibh ionadh orm cad chuige ar labhair muid mar seo, cuid de na focail agus na logainmneacha seo.”

Go fiú agus é ag toiseacht ar an ollscoil, bhí seisean agus a chomhghleacaithe dall ar staid na Gaeilge:

“Is cuimhin liom bheith ag caint le duine, agus ba é an rud a shíl sé a bhí sa Ghaeltacht ná cineál d’fhoirgneamh rialtais.

“Bhí mé an-saonta ar fad, agus ní raibh aon chur amach agam ar litríocht na Gaeilge ná rud ar bith mar sin.”

D’athraigh sin, gur ghnóthaigh sé dochtúireacht sa Ghaeilge.

Oiliúint san aistriúchán agus sa Ghaeilge - www.aistear.ie
Oiliúint san aistriúchán agus sa Ghaeilge – http://www.aistear.ie

Go minic, luaitear Antain le cúrsaí gramadaí. Is rud riachtanach sin.

“Caithfidh eolas a bheith agat uirthi, agus ar shlí éigin, níor shíl mé í a bheith deacair riamh,” ar seisean. “Bhí mé i gcónaí ábalta an ghramadach a fhoghlaim ar chúis nach dtuigim.”

Tá imní air faoin Ghaeilge a léann agus a chluineann sé.

“Caithfidh tú a rá go bhfuil caighdeán na Gaeilge an-íseal ar fad,” ar seisean.

“Ní mór feabhas a chur ar an scéal. Má tá mé ag plé leis an ghramadach agus le teagasc na gramadaí, is mar sin atá mé.”

Is creatlach í an ghramadach “ach caithfidh an chreatlach sin bheith ann le litríocht nó iriseoireacht nó rud ar bith a thógáil uirthi.”

Scríobhann sé faoi chúrsaí gramadaí le go mbeidh daoine ábalta leas a bhaint aisti.

“Castar daoine orm agus deir siad gur léigh siad píosaí ar Aistear, gur léigh siad b’fhéidir píosaí a scríobh mé ar nuachtán agus píosaí mar sin, agus go raibh sé ina chuidiú acu, agus bhí mé iontach sásta leis sin,” ar seisean.

"In Ord is in Eagar" le hAntain Mac Lochlainn
“In Ord is in Eagar” le hAntain Mac Lochlainn

“An leabhar sin fosta faoi chúrsaí eagarthóireachta a chuir mé amach, In Ord is in Eagar, tá sin ar chúrsaí ollscoile agus mar sin.”

Tháinig sé ar thuiscint faoi na fadhbanna seo, nó bhí sé seal ina eagarthóir ar Comhar, sealanna ina eagarthóir ar Foinse agus Breandán Delap as láthair. Bhí daoine ann “a raibh cuid mhaith le rá acu, ach a raibh bac orthu é a rá mar nach raibh na scileanna teanga acu.”

Ba mhaith leis go mbeadh eagarthóirí ábalta díriú ar stór focal an scríbhneora a mhéadú, ar theanga níos saibhre a thabhairt dóibh – in ionad tabhairt faoi fhadhbanna bunúsacha.

Tuigeann sé go bhfuil fadhbanna sa Bhéarla ach “tá cineál córas tacaíochta sa Bhéarla, le heagarthóirí agus fo-eagarthóirí ann. Níl sin sa Ghaeilge. Seo sampla. NI 21, an páirtí nua Aontachtach sin. Rinne siad scéal mór gur chuir siad póstaer Gaeilge in airde. Fair play dóibh. Ach an póstaer sin, is é a bhí ann ‘Vótáil NI 21 do Eoraip’.

“Tá siad ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh, tá siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine, agus sin mar atá an mana litrithe. Is deacair dul níos faide ná an botún gramadaí atá ann.”

Ní ar NI 21 amháin a fhaigheann sé locht. Bhí ‘Éireann chun cinn’ ag Sinn Féin ag an Ard-Fheis s’acu. Dar leis go mbeadh duine éigin ann lena leithéid de bhotún a cheartú sa Bhéarla.

Mar scríbhneoir agus eagarthóir, tá tuiscint aige ar an chonspóid faoi mhaoiniú irisí.

“Castar daoine orm agus bíonn siad ag tabhairt amach faoin líon cóipeanna a dhíoltar de Comhar agus Feasta agus An tUltach, agus bíonn siad cineál ag magadh faoi sin,” ar seisean.

“Tá baint agam le heagarthóirí Béarla, daoine atá i mbun irisí den tsaghas sin.” Tá díolachán beag acu chomh maith. Ní bheadh siad beo gan deontas. Tá coinníollacha níos déine á ligean síos d’irisí Gaeilge ná d’irisí Béarla.

“An dara rud atá ag cur isteach ar na hirisí Gaeilge ná an dearcadh seo go gcaithfidh achan rud bheith ar líne,” ar seisean.

“Sílim gur botún mór é sin mar, fiú amháin i gcomhthéacs lucht léitheoireachta na Gaeilge, b’fhéidir go bhfuil a bpróifíl aoise ard go leor, agus is fearr leis na daoine sin iris chlóite.”

Mar sin, táthar ag cur isteach ar lucht léitheoireachta na Gaeilge. Ach dar leis go bhfuil dream suntasach “faoi dhraíocht” ag an idirlíon – ainneoin laghdú ar dhíolaíocht ríomhleabhar i Meiriceá.

B’anseo ar An tUltach a cuireadh an chéad alt riamh leis i gcló. “Caithfidh mé an cheist a chur – mura bhfuil fóram den tsaghas sin ann, cá bhfuil na scríbhneoirí nua seo ag dul a thosú?” ar seisean.

“Tá níos mó anailíse in iris mhíosúil atá fóirsteanach d’iris mhíosúil, nach bhfuil fóirsteanach do nuachtán ar líne. Caithfidh an dá rud bheith ann, nó tá cineál genres difriúla i gceist.”

Ceistíonn sé straitéis an Fhorais maidir le hirisí, nó “i ndeireadh an lae, ní suim mhór airgid atá i gceist.”

Ruball an Éin, saothar cruthaitheach le hAntain Mac Lochlainn
Ruball an Éin, saothar cruthaitheach le hAntain Mac Lochlainn

Chomh maith le hachan rud eile, is scríbhneoir cruthaitheach é, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Bhí gearrscéal Béarla leis ar an ghearrliosta do dhuais Francis McManus ag RTÉ Raidió a hAon. Tá aithne ag daoine air as rudaí eile – mar sin tá go leor acu dall ar an ghné chruthaitheach. Deir daoine leis: “Ba cheart duit rud éigin a scríobh.”

Tá an scríbhneoireacht chruthaitheach deacair “nó nuair a chaitheann tú an lá ag plé le téacsanna, téacsanna le haistriú nó le cur in eagar, ní bhíonn fonn ort nuair atá obair an lae thart toiseacht a scríobh,” ar seisean.

“In amanna, sílim gurbh fhéidir go scríobhfainn níos mó dá mbeinn i mo phluiméir nó rud éigin mar sin.

“Fadhb eile, b’fhéidir, an dóigh a bhfuil rudaí ag dul anois i saol na Gaeilge, níl mórán deiseanna ann do mo leithéidse (de scríbhneoir),” ar seisean. Níl suim aige leabhair d’fhoghlaimeoirí nó leabhair éadroma a scríobh, agus cáineann sé a laghad deiseanna atá ann don fhicsean fhada. Mar sin féin, tuigeann sé go caithfidh foilsitheoirí bheith beo fosta, “agus sin an áit a síleann siad a bhfuil an margadh.”

Tá sé ag gabháil d’úrscéal stairiúil Béarla, leisce air labhairt faoi – ach geallann sé go ndéanfaidh sé sin agus an saothar i gcló.

Advertisements

2 thuairim ar “Feabhsaitheoir Teanga

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s