Cad is brí leis an lá mór?

Eagarfhocal

Tá buíochas mór ag dul d’eagraithe Lá Mór na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Léirigh na mílte Gael go raibh siad míshásta leis an dóigh a gcaitear leis an Ghaeilge agus gur mhaith leo a nguth a ardú le tacaíocht a thabhairt di. Ar a bharr sin, bhí daingne orgánach ann ag an slua. Mhothaigh muid mar a bheadh pobal ann, muid céim ar chéim le chéile.

Ach cad é a d’athraigh muid sa deireadh? Cén éifeacht a bhí leis na laethanta feirge seo?

Is ceist thábhachtach í seo nó gan treoir ní fiú dúinn uilig an trioblóid a thabhairt orainn féin. Níos measa ná sin, mura bhfuil céimeanna soiléire leagtha amach don dul chun cinn, cén dóigh a mbeidh a fhios againn go bhfuil muid ar bhealach ár leasa.

Bhí Sinn Féin ar an mhórshiúl agus an ceart ar fad acu. Ní thig le héinne a rá nach raibh an páirtí gníomhach ar son na teanga go mion agus go minic.

Ach ardaítear ceist anseo, ceist ar doiligh a fhreagairt.

Má bhí Sinn Féin dearg le fearg cé leis a raibh siad feargach nó is í Carál Ní Chuilín an tAire Cultúir.

An raibh siad feargach leis an Fhoras? An bhfanann siad ina dtost ar mhaithe le cúirtéis?

Ní pointe fánach é seo nó is leis an Fhoras nó leis an Aire a bhaineann an fhadhb, agus níl sé iomlán soiléir don té atá ag amharc isteach ón taobh amuigh an áit a bhfuil na línte cumhachta.

B’fhéidir go bhfuil leid ann leis an ráiteas is déanaí ón Aire agus í á rá nach n-aontaíonn sí leis an chiorrú atá luaite le buiséad an Fhorais i mbliana.

Má tá sí leis an fhód a sheasamh ar an cheist seo, tá an cinneadh sin le moladh agus ba chóir dúinn tacú léi.

Ach tá ceist fós ann. Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun le freastal ar phobal na Gaeilge agus a mianta a chur i bhfeidhm.

Cad é mar a tharla sé go bhfuil an pobal anois faoi laincis mianta an Fhorais a chur i bhfeidhm?

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Cad is brí leis an lá mór?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s