Ochón agus ochón ó

Úna Ultach

Úna Ultach
Cuireann na físeáin ar YouTube ag caoineadh í.

Níl sé ródheacair mise a chur a chaoineadh. D’fhéadfaí a rá gur duine mothálach mé; is dócha é. Níl de dhíth ach focal borb nó scannán brónach, agus briseann an gol orm.

Ar dhrochlá, bíonn deora liom fiú nuair a fheicim físeán de choileáin, babaithe nó puisíní gleoite ar YouTube. Tá sé náireach, tá a fhios agam. Ach seo an rud: cad é an ‘pointe’ le caoineadh? Cad é an fheidhm atá leis i bhforbairt agus in éabhlóid an chine dhaonna?

Rinne Charles Darwin cur síos mion ar ghnéithe áirithe bitheolaíochta agus thaispeáin sé arís is arís go raibh ‘fáth’ taobh thiar díobh, is é sin le rá, gur roghnaigh ainmhithe, agus an cine daonna, tréithe áirithe mar gur chuidigh siad linn maireachtáil agus dul chun cinn.

Tá gob an éin agus muineál an tsioráif mar atá le go dtig leo a gcuid bia a aimsiú. Ach, fiú Darwin féin, níor thuig sé ‘fáth’ ar bith ciallmhar taobh thiar den ghol.

Anois, níl muid ag caint faoin tsórt caointe a dhéanann tú nuair atá píosa deannaigh i do shúil, nuair a shéideann gaoth láidir, nó tú ag gearradh na n-oinniún don dinnéar.

Tá pointe ciallmhar taobh thiar de na deora seo. Glanann siad cibé rud nach ceart a bheith ann amach as na súile agus coinníonn siad sláintiúil iad.

Ach tá cineál eile caointe ann – sin caoineadh mothúchánach. Agus níl ainmhí ar bith eile ar domhan a dhéanann seo ach muid. Bhain sé geit asam nuair a léigh mé go raibh na deora sa chás seo difriúil go ceimiceach. Is cosúil go bhfuil ‘pointe’ éigin leo, ach cad é?

De réir teoiric amháin, scaoiltear ceimiceáin agus hormóin a bhaineann le strus agus brón sna deora – rud a fhágann muid ag mothú níos suaimhní i ndiaidh taom goil.

Deir síceolaithe go bhfuil an ‘scaoileadh struis’ seo iontach tábhachtach, go háirithe nuair atá muid ag déileáil le bás nó le caillteanas de chineál ar bith. I staidéar amháin, dúirt 88.8% de dhaoine gur mhothaigh siad níos fearr i ndiaidh bheith ag caoineadh. Tugann na deora faoiseamh mothúchánach dúinn.

Tá cúpla teoiric eile ann a bhaineann leis an éabhlóid. Deirtear gur mhair daoine a chaoin mar gur thug na deora comhartha soiléir don namhaid nó don chreachadóir nach raibh siad chun iad a ionsaí. Deir deora ‘géillim duit!’

Ach ar an taobh eile den scéal, tugann siad comhartha do do dhream féin go bhfuil tú i ndainséar agus go bhfuil cuidiú de dhíth ort. Agus déanann sé seo ar dhóigh chiúin nach dtarraingíonn aire an ionsaitheora ort.

Ar ndóigh, tá deora éifeachtach go fóill chun cuidiú, taca agus sólás a tharraingt chugainn. Síleann antraipeolaithe gur oibrigh siad mar ghliú sóisialta, ár nascadh le chéile trí na mothúcháin.

Tá staidéar ann a thaispeánann go laghdaíonn téististéarón i bhfir nuair a bholaíonn siad deora – rud a dhéanann nach mbíonn siad chomh hionsaitheach. An modh féinchosanta iad na deora go stairiúil?

Tá rud éigin rúndiamhair a bhaineann le caoineadh nach féidir le heolaíocht ar bith a mhíniú, b’fhéidir. Bímid ag caoineadh le háthas is le heagla, le brón is le fearg.

Ach de réir mo chairde ar Facebook, tá rud amháin a chuireann lucht na Gaeilge a ghol go géar goirt níos mó ná rud ar bith eile.

Ceoltóir atá ann, a chanann amhráin dhodhearmadta, áille, cumhúla. Is ea, tá freagracht ar leith ag Iarla Ó Lionáird as bheith ár gcur a chaoineadh. Ar bharr an liosta, chuir siad ‘An Buachaillín Bán’, ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’ agus ‘Táimse im’ Chodladh’.

Is léir go bhfuil traidisiún an gholtraí beo beathach ar YouTube.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Ochón agus ochón ó

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s