Is é an t-éadach an duine

Máire Zepf

"Bhí sé cosúil le seandálaíocht phearsanta, ag tochailt trí na héadaí – agus na tréimhsí ama lenár bhain siad."
“Bhí sé cosúil le seandálaíocht phearsanta, ag tochailt trí na héadaí – agus na tréimhsí ama lenár bhain siad.”

Tá mé cineál sásta liom féin. An bhfuil a fhios agat an cineál sin sástachta a chuireann thú ag bocléim thart ar an chistin agus miongháire ar d’aghaidh ó chluas go cluas?

Is ea, sin mise i láthair na huaire. Ar mhuin na muice. Cad chuige? Ar bhain mé duais mhór sa chrannchur náisiúnta? Ar éirigh liom i scrúdú? Ar chuir mé Rubik’s Cube le chéile i gceart?

Ní hea, ach le bliain anuas, tá mé ag obair go crua ar mo shláinte agus ag cailleadh meáchain. Anois, faoi dheireadh thiar, tá mé i ndiaidh an líne dheiridh a thrasnú (is ea, tá cead agat bualadh bos a thabhairt dom, más maith leat).

Tá breis is trí chloch meáchain caillte agam, agus mothaím níos folláine, níos fuinniúla, níos óige.

Is iontach an mothú é nuair nach bhfóireann do chuid éadaí duit níos mó – nuair a bhogann tú de réir a chéile ó mhéid amháin éadaí go méid níos lú, agus arís níos lú agus níos lú. Ní dóigh liom go bhfuil bean sa tír nár mhaith léi leithscéal a bheith aici vardrús nua éadaí a cheannach, agus ní eisceacht ar bith mise.

Bhí spórt agus spraoi agam sna siopaí ag triail stíleanna difriúla éadaí orm. Ar bhealach amháin, tá sé mar a bheadh déagóir ionat arís – ag oibriú amach cé mé? Cad é mo stílse? Cad iad na héadaí a fhóireann dom?

Sula dtéim níos faide, ba mhaith liom bheith soiléir faoi rud amháin. Bhí mé i gcónaí sásta ionam féin. B’fhéidir gur aisteach, nó mórtasach, fiú, an rud é le rá, ach tá féinmhuinín agam a théann níos doimhne ná an craiceann.

Tá sé bunaithe ar oideachas, caidrimh, taithí agus meon. Domsa, níl sa chorp ach an páipéar maisithe, chan an bronntanas. Ach sin ráite, chuir sé iontas an domhain orm chomh mór is a d’athraigh sé m’fhéiníomha nuair a chaill mé meáchan.

Nuair a cheannaíonn tú moll mór éadaí nua, bíonn fairsing de dhíth sna cófraí, ar ndóigh, agus mar sin de, bhí orm fáil réidh leis na seanéadaí. Den chuid is mó, bhain mé an-sult as na málaí a líonadh do na siopaí carthanachta.

"Is iontach an mothú é nuair nach bhfóireann do chuid éadaí duit níos mó – nuair a bhogann tú de réir a chéile ó mhéid amháin éadaí go méid níos lú, agus arís níos lú agus níos lú."
“Is iontach an mothú é nuair nach bhfóireann do chuid éadaí duit níos mó – nuair a bhogann tú de réir a chéile ó mhéid amháin éadaí go méid níos lú, agus arís níos lú agus níos lú.”

Ach ar dhóigh eile, bhí sé cosúil le seandálaíocht phearsanta, ag tochailt trí na héadaí – agus na tréimhsí ama lenár bhain siad. Tá scéalta, cuimhní agus an stair s’agam féin fite fuaite trí na píosaí éadaigh sin.

An sciorta a chaith mé an oíche a casadh m’fhear céile orm den chéad uair, gúna gréine a cheannaigh mé ar saoire sa Ghréig, éadaí móra máithreachais go fóill ar crochadh ag cúl mo vardrúis. Tá mothúcháin sna fabraicí, idir mhaith agus olc.

Tá seaicéad ann a chaith mé d’agallamh nach bhfuair mé agus nach raibh fonn orm a chaitheamh riamh arís ina dhiaidh. Tá bríste leathair a chaith mé agus mé ag taisteal ar fud na hEorpa ar an ghluaisrothar ar mhí na meala.

Tá cóta dubh a chuireann sochraidí agus na daoine nach bhfuil linn níos mó i gcuimhne dom. Déan dearmad ar albam grianghraf ná ar fhíseáin, fiú – tá do stair phearsanta i do vardrús.

Nó bhí ar scor ar bith. Choinnigh mé bosca amháin de rudaí speisialta don áiléar, ach tá sé in am anois bogadh ar aghaidh agus díriú ar an am atá le teacht – ar na cuimhní nach bhfuil déanta go fóill, is na sléibhte atá go fóill le dreapadh.

Is nathair nimhe mé, ag cailleadh mo sheanchraicinn agus ag leanúint liom i mo chraiceann nua lonrach. Mar a deirtear, ní bheidh tú in ann a fheiceáil cá bhfuil tú ag dul má tá tú i gcónaí ag breathnú siar.

Advertisements

Aon tuairim amháin ar “Is é an t-éadach an duine

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s