An seasamh deiridh

Is dócha go bhfuil léitheoirí dílse na hirise seo ar an eolas faoin am seo faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge an maoiniú beag a thugann sé dúinn a tharraingt siar. 

‘Leanann an treascairt ar aghaidh’ an teachtaireacht atá ag teacht amach as an eagraíocht sin, is cosúil.

Ní fiú do Ghuaire na hargóintí a bhaineann le tábhacht na meán i mionteanga a aithris anseo arís – tá tú á léamh faoi láthair, is leor sin.

Ach is fiú cúpla focal a rá faoin chur chuige atá ar siúl ag an Fhoras maidir leis an cheist seo. Níl aon mhíniúchán tugtha do na grúpaí a throideann go tréan le hirisí a chur amach go rialta.

Coiste An tUltach
Coiste An tUltach

Dream ar bith atá ag smaoineamh ar infheistíocht mhór ama agus airgid a chur isteach sa tseirbhís leictreonach atá beartaithe ag an Fhoras, níor mhiste cúpla focal rabhaidh a thabhairt dóibh.

Níl aon pholasaí go fóill ag an Fhoras maidir leis na meáin chlóite/ar líne. Sa bhliain 2008, thug siad bás Lá Nua nó níor cheadaigh siad dóibh dul ar líne.

Anois, sé bliana síos an bóthar, sin an t-aon réiteach a fheiceann siad.

Ar a bharr sin, stop siad de bheith ag cur Saol i gcló agus chuir siad ar líne é. Anois, agus aird an phobail ar rud éigin eile, druideann siad é go ciúin.

Tabhair aire, a chairde na meán clóite, nuair a théann tú ar líne, ní mhaireann tú ach sa chibearspás agus ní thabharfar d’imeacht faoi deara nuair a thiocfas an t-am.

Bíonn daoine ag caint i rith an ama faoi na buntáistí a bhaineann le bheith ar líne agus bímis ionraic sa díospóireacht seo, mura bhfuil plean digiteach socraithe ag na meáin mhóra amhail News International, is beag an seans go mbeidh ceann oibrithe amach ag iris bheag Ghaeilge.

Sin an fáth a bhfuil eagrais fearacht an Fhorais in ainm is a bheith ann, le treoir agus tacaíocht a thabhairt.

I ndeireadh na dála is é is aidhm leis na hirisí agus na nuachtáin go gcuirtear duine a léamh trí ábhar spéisiúil a chur ar fáil agus go dtógfar ar an chumas léitheoireachta sin diaidh ar ndiaidh.

Tá suíomh spéisiúil a dhéanann cuntas ar an líon tvuíteanna a dhéantar i nGaeilge agus foilsíonn cairt rialta bunaithe ar an chéatadán de na tvuíteanna atá i nGaeilge agus an líon leantóirí atá ag na tvuíteálaithe.

Seachas tvuíteálaithe corparáideacha (TG4 agus CLG), níl níos mó ná 5,000 leantóir ag duine ar bith sa deichniúr is fearr agus téann an patrún céanna, a bheag nó a mhór, síos tríd an 500 tvuíteálaí a gcoinnítear taifead orthu.

Thiocfadh argóint a thabhairt go dtugann figiúirí mar seo le fios go bhfuil síleáil de 4,000-5000 ar an líon léitheoirí gníomhacha a chuireann spéis i dtéama faoi leith, figiúr a mbeidh sé doiligh a shárú. Ní hé seo an t-am, mar sin, le bheith ag druidim chóir a bheith gach iris gan aon straitéis le cúiteamh a dhéanamh.

Agus thug lucht An tUltach le fios nach mian leo imeacht den ardán go ciúin mura bhfuil aon phlean eile ann le freastal ar lucht léite (agus scríofa!) Ghaeilge Uladh.

Ag tógáil ar an spiorad féinchuidithe a léirigh Goitse le gairid, tá fógartha acu nach mbeidh eagrán mhí an Mheithimh ar an eagrán deireanach den iris, fiú más gá dóibh lámh a chur ina bpóca féin cheal maoinithe ón Fhoras.

Agus beidh lá eolais ag an iris sa Chultúrlann ar 12 Aibreán ar 11.00, go díreach cúpla uair an chloig roimh an lá mór Gaeilge a bheas i mBéal Feirste an lá sin. Feicfimid ann thú!

Advertisements

2 thuairim ar “An seasamh deiridh

  1. Is léir go bhfuil éigneach á imirt ag muintir an Fhorais ar phobal na Gaeilge; cheapfá nach bhfuil ach smeardháimh acu le stair na Gaeilge, agus mearbhall orthu maidir lena bhfuil i ndán don teanga, agus de dhíobháil uirthi.

    N’fheadar an bhfuil feachtas maidir le síntiús poiblí – ciste maireachtála – curtha ar bun ag An t-Ultach? B’fhéidir go bhfuil agus nar thug mé faoi deara é. Más amhlaidh atá, b’fhiú breis fógraíochta a tharraingt air, má tá aon chosúlacht ann go dtiocfadh rath ar a leithéid de thionscnamh.

    Go n-éirí libh. Go maire An t-Ultach.

    Murchadh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s