Dearcadh Filistíneach

Eagarfhocal

Bhí an litearthacht agus an litríocht mar chroílár den tsibhialtacht ó bhí na filí móra ann. Tá craobhscaoileadh na litríochta mar a bheadh cuisle ann ag teanga, ag saibhriú agus ag múnlú fhriotal an lae.

Is slat tomhais é cothú na litríochta ar an dearcadh atá ag pobal faoina theanga.

Is ábhar imní, mar sin, an cinneadh a rinne Foras na Gaeilge ar na mallaibh an tacaíocht bheag a bhí sé a thabhairt di a tharraingt siar agus bás cuid de na hirisí Gaeilge a thabhairt.

Is fiú na focail seo a leanas a scríobh buaiteoir Pulitzer don fhilíocht, Paul Muldoon, a léamh i gcomhthéacs na hirise seo:

I’ve no hesitation in saying that An tUltach has been a mainstay of the intellectual life of Ireland for as long as I can remember. My own first poems, which happened to be in Irish, were published there in 1968. It was a thrilling moment! I strongly encourage Foras na Gaeilge to continue to support what has become an institution — not that An tUltach has ever succumbed to the greyness we might associate with that term. This is a magazine that plays a vigorous and vital role in helping Ireland understand itself.

Mothaíonn pobal na Gaeilge go bhfuil díchumasú ar siúl ach níl muid sásta glacadh leis sin gan dúshlán a thabhairt.

Is mithid dúinn uile ár nguth a ardú agus a éileamh ar na húdaráis éirí as an dearcadh Filistíneach seo agus an tacaíocht chuí a thabhairt don teanga tríd na hirisí a chothú.

Léirigh deich míle duine de phobal na Gaeilge a ndearcadh ar shráideanna na príomhchathrach lé déanaí sa Lá Mór Gaeilge agus beidh faill ag lucht an tuaiscirt an rud céanna a dhéanamh ar an 12 Aibreán i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin, beidh lá eolais ag An tUltach sa Chultúrlann ar 11.00 an maidin sin.

Iarraimid ar gach duine bheith i láthair más féidir.

Advertisements

2 thuairim ar “Dearcadh Filistíneach

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s