Elvis na hAcadúlachta

le Réamonn Ó Ciaráin

Bhaist Bono, príomhamhránaí U2, Elvis na hAcadúlachta ar an duine beo is mó a ndéantar tagairt dó i ndioscúrsa acadúil an lae inniu. Is é sin Noam Chomsky, teangeolaí agus fealsúnaí.

 

Noam Chomsky, feaslsúnaí agus teangeolaí

 

Rugadh Noam Chomsky sa bhliain 1928 in Philadelphia agus ba theangeolaithe a athair agus a mháthair. Tuismitheoirí Giúdacha ab ea iad. Bhí an Eabhrais mar dhara theanga faoin teach s’acu. Go dtí seo tá 33 leabhar scríofa ag Chomsky ar an teangeolaíocht agus ar a laghad 40 leabhar ar an pholaitíocht. Cuireadh ceist ar Chomsky cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm air agus luaigh sé an t-Ath. Savier Giraldo, sagart Íosagánach a oibríonn sa Cholóim, tír a bhfuil fíor-dhrochthaifead aici ó thaobh cearta daonna.

 

Ó thaobh na teangeolaíochta tá clú is cáil ar Chomsky as siocair a chuid saothair ar an teoiric faoin ghramadach uilíoch. ‘Is é atá taobh thiar den teoiric seo ná go dtuigeann an cine daonna bunphrionsabail faoi theangacha i ngan fhios dúinn.’

 

Dar le Chomsky, déanann gach duine a theanga féin de réir a chéile agus nach bhfoghlaimíonn páistí teanga tríd an athrá amháin. Síleann Chomsky go labhraíonn muid uilig canúintí difriúla den mháthairtheanga dhomhanda.

 

Ní fheictear ná ní chluintear an oiread faoi Chomsky sna mórmheáin dhomhanda de thairbhe nach maith leis an status quo an teachtaireacht atá aige, cé gur teachtaireacht thábhachtach loighciúil atá ag an fhear chéanna. Go bunúsach is é an mhórtheachtaireacht atá ag an acadóir cumasach fadghníomhach seo ná gur chóir dúinn na caighdeáin chéanna a mbíonn muid féin ag dúil leo ó dhaoine eile a leanstan muid féin. Loighciúil go leor measaim, go dtí go ndéanann tú scagadh ar an imeartas focal a bhaineann le polasaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus na Ríochta Aontaithe maidir le cogaíocht.

 

Tuigeann Chomsky go maith an débhríochas a úsáideann rialtais le gníomhartha s’acu a chosaint. Tugann sé an sampla seo: nuair a theip ar airm ollscriosta, thosaigh SAM/RA ag úsáid an téarma ‘ag cur an daonlathais chun cinn’ sa dara cogadh san Iaráic.

 

Ag tabhairt spléachadh dom ar mo chuid nótaí, chím an fhoclaíocht seo: ‘anything that flies on anything that moves’ (Becker, Elizabeth)na focail a d’úsáid  Henry Kissinger díreach ón uachtarán roimh fheachtas fuilteach marfach buamála ar an Chambóid agus é ag ceadú coireanna cogaidh. Dar le Chomsky, is ionann coireanna cogaíochta ag cumhachtaí móra, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus An Ríocht Aontaithe mar shampla, agus coireanna cogaíochta a dhéanann Saddam Hussein, Al Qaeda, Musha Hadeim srl. Ar na coireanna atá luaite ag Chomsky tá Hiroshima, Nagasaki, seachadadh urghnách, Bá Guantanama, Mai Lai sa Vítneam agus tuilleadh uafás nach iad.

 

Tá Saddam Hussein crochta anois, ach ní dhearnadh aon rud ar a sheanchairde ó SAM a chuir i gcumhacht é. Is fiú cuimhneamh ar fhocail Richard Cobden: ‘No man has the right to lend money if he knows it to be applied to the cutting of throats,’ (Cobden, Richard). Is cosúil go mbaineann na dlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le coireanna cogaíochta a leagadh síos in Nuemburg agsu in Tokyo i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda le tíortha eile seachas tíortha na comhghuallaíochta, tíortha ar nós na hIaráice agus na hAfganastáine – an namhaid lena chur ar bhealach eile. Sáraíonn sé seo bunphrionsabal Chomsky, prionsabal na huilíochta nó ár gcaighdeán is ea a gcaighdeán. Ba chóir do Chríostaithe ar nós Bush agus Blair é seo a thuiscint agus ba chóir a bheith ag dúil leis na caighdeáin chéanna moráltachta ó do rialtas féin agus a bhíonn á lorg agat ó thíortha eile.

 

Tá a fhios againn gur Críostaí é George Bush sinsear mar nárbh eisean a dúirt, ‘God told me to strike at Al Qaeda and I struck them, and then he instructed me to strike Saddam, which I did, and now I am determined to solve the promlem of the Middle East.’  D’aontódh Chomsky gur chóir fáil réitithe le Saddam ach ba chóir an cur chuige a cheistiú.

 

Níl Noam Chomsky róshásta le rialtas na hÉireann a bheith ag ceadú do na céadta míle saighdiúirí dul trí aerfort na Sionainne gan cigireacht a bheith déanta ar na heitleáin le bheith cinnte nach raibh seachadadh urghnách ar bun ar thalamh na tíre seo.

 

Tháinig Chomsky mar aoi de chuid Amnesty anuraidh agus tháinig na slóite le héisteacht leis an fhealsúnaí atá 77 bliain d’aois.  Ní bhíonn saoi gan locht, áfach, agus ba bheag nár ligeadh Chomsky isteach sa tír mar bhí a phas as dáta. Mhol Micheal D. Higgins é, a rá go raibh sé ábalta intleacht chriticiúil a thabhairt ar na mothúcháin a bhí ag an ghnáthdhuine anseo in Éirinn.

 

Ní dhearna sé agallaimh ach amháin le NewsTalk ar an raidió agus le Mark Little ar RTÉ TV ag an am, agus thug Mark Little lán a léine don ollamh, ag déanamh tagartha dó mar ‘the Ayotolla of American Hate’ (http://www.rte.ie/news/2006/0119/primetime.html).

 

San agallamh seo luaigh Chomsky go raibh an tír seo ag glacadh páirte i gcoireanna ar chuir Forógra Nuemburg ‘supreme international crime’ uirthi agus dá thairbhe sin gur coirpeach cogaíochta é Bertie Ahern agus go raibh Éire ag tabhairt tacaíochta don chiapadh. Dar le Chomsky ba chóir don RA agus do SAM feidhmiú faoi mheicnicíocht Chairt na Náisiún Aontaithe mar, mar is eol do gach dochtúr, ní dhéanann tú rud ar bith in am ar bith leis an othar a dhéanfadh an tinneas níos measa; is fearr gan rud ar bith a dhéanamh mar a deir an mhodh hipeacreáiteach.

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s