Guantánamo

Eagarfhocal na Bealtaine

Is iomaí áit ar domhan atá saor ó riail an dlí. Sna háiteanna sin, ní thig bheith ag brath ar chosaint an dlí leis an duine aonair a choinneáil slán.

Bíonn dlí an fhiántais i bhfeidhm agus baineann an ceart leis an neart.

Is tíortha nó réigiúin iad seo atá scoite ar shiúl ó dhomhan na sibhialtachta, den chuid is mó.

Ach tá réigiún amháin go háirithe, atá faoi riail cheann de na hollchumhachtaí, ina bhfuil easpa iomlán dlí ann, mar atá Guantánamo, bunáit mhíleata de chuid na Stát Aontaithe i gCúba.

Seo an áit dumpála a bhí ag George W. Bush do na ‘comhraiceoirí naimhdeacha’, daoine a bhí ag troid i gcoinne na Stát Aontaithe ach nach bhfuil cearta an chogaidh acu níos mó. Agus ní raibh de mheanma ag an Uachtarán Barack Obama an áit a dhruidim, faoi mar a gheall sé blianta fada ó shin.

Na cimí atá cuachta istigh sna cillíní gránna in Guatánamo, níl fianaise ina n-aghaidh – tá admhaithe ag na Stáit Aontaithe go bhfuil cuid acu go hiomlán neamhchiontach.

Ach níl bealach amach dóibh: tá siad i liombó níos measa ná a dhath a chum Kafka.

Agus iad ag deireadh na péice, níl ach rogha amháin fágtha acu, an stailc ocrais. Tá tuilleadh agus céad de na cimí ar an stailc faoi láthair, iad ag éileamh go scaoilfí saor iad nó go gcúiseofaí iad.

Cuireann na tuairiscí go bhfuil beathú iallaigh ar siúl ag na húdaráis idir olc agus imní ar theaghlaigh na gcimí.

Is mithid dúinn ár nguth a ardú ar an cheist seo; is tír muid a thuigeann an rud atá i gceist le stailc ocrais.

Beidh faill againn ár dtuairim a léiriú nuair a bheidh Comhdháil an G8 i bhFear Manach.

Is práinneach go n-ardaítear an cás seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s