Éifeacht na n-ealaíon

Sliocht as agallamh le Pádraigín Ní Uallacháin, amhránaí, a bheidh i mbun ceolchoirme i nDoire Dé Céadaoin, 5 Meitheamh in Eaglais Naomh Agaistín.

Padraigín Ní Uallacháin
Padraigín Ní Uallacháin

 

Tá tú páirteach san fhéile Derry City of Culture, go luath (An Chéadaoin, 5 Meitheamh, Eaglais Naomh Agaistín), agus tú ag canadh amhrán as albam nua a d’eisigh tú ar an mallaibh, Guth ár Sinsir – Songs of the Scribe.

Is ea, beidh mé ag canadh na n-amhrán a d’eisigh mé ar an dlúthdhiosca úr bliain ó shin. Beidh ceiliúradh ar siúl ar Cholm Cille mar chuid d’fhéile mhór Dhoire. Is toradh é an saothar seo ar chuid de mo chuid oibre mar Amhránaí Cónaitheach in Ionad Seamus Heaney i mBéal Feirste.

Spreag filíocht na manach – a cumadh idir an 7ú haois agus an dara haois déag – roinnt d’fhilí an Bhéarla, mar shampla Seamus Heaney féin, Ciaran Carson agus John Montague, le leaganacha a chumadh i mBéarla de na seoda filíochta seo.

Is aoibhinn liom féin na píosaí seo ón  tsean-Ghaeilge, mar shampla, Pangúr Bán, An Scríobhaí sa Choill, Liadáin agus Cuirithir, Aimhirghín srl, agus, dar liom, gur mhithid go mbeadh siad ar fáil i bhfoirm cheoil don phobal leathan.

Chnuasaigh mé bailiúchán, agus bhí comhghníomhú ar siúl idir mé féin, Seamus Heaney agus Ciaran Carson lena gcur i bhfoirm amhrán. Chum mé ceol a bhí oiriúnach do stíl agus do mheadaracht na véarsaí i nGaeilge agus i mBéarla agus rinne mé taifead orthu. Is léiriú é ar ré na manach agus ar spioradáltacht na nGael ag an am. Tá Seamus Heaney féin thar a bheith tógtha le toradh na hoibre.

Ar mhaith leat cur síos a dhéanamh do dhaoine nach dtuigeann an tábhacht a bhaineann le filíocht sa tSean-, Mheán-, Nua-Ghaeilge?

Is gné eile de dhúchas na nGael é, an fhilíocht seo. Níl eolas ag an pobal leathan air mar atá ag lucht na hacadúlachta. Tá na píosaí pearsanta, liriceach, ealaíonta agus álainn. Na téamaí atá iontu, baineann siad leis an nádúr, le machnamh, le grá rúndiamhair agus áilleacht na timpeallachta. Tá an oiread le rá acu faoinár linn féin is a bhí fadó.

Tá spioradáltacht fhíneáilte agus dhomhain ag baint leo. Maidir le ceol, ní fios ar canadh iad, ach bhí nasc daingean riamh anall idir filíocht na Gaeilge agus ceol agus, sa chomhthéacs ealaíonta sin, canaim iad. Tá sé mar chuid eile de dhualgais na cónaitheachta, an nasc seo a threisiú.

An bhfuil mórán d’ócáidí faighte agat leis na seoda seo a chur os comhair an phobail?

Tá leoga! Bhí ceolchoirmeacha agam in St. Gallen na hEilvéise, i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i bPáras, sa Danmhairg agus, go minic, mar thaispeántais in Ionad Seamus Heaney agus, ar ndóigh, beidh mé i nDoire. Bhí ceardlanna ar siúl agam ar fud an tuaiscirt, fosta, inar chan mé na hamhráin bheaga seo.

Guth ár Sinsear
Guth ár Sinsir

Tá tú i d’amhránaí cónaitheach sa Roinn Cruthaitheachta, Ionad Séamas Heaney. Cad é an tábhacht atá leis an chónaitheacht seo agus í a bheith i Roinn an Bhéarla?

Tá sé thar a bheith tábhachtach mar tugann sé aitheantas d’amhránaíocht dhúchasach na Gaeilge agus tacaíocht d’ealaíona na Gaeilge ar dhóigh nár tugadh riamh roimhe. Tá amhránaíocht na Gaeilge, agus mo shaothar cruthaitheach, ar chomhchéim aitheantais le saothair scríbhneoirí agus fhilí an Bhéarla ann.

Mar thoradh ar an chónaitheacht s’agamsa, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, bíonn filí na Gaeilge go rialta ann ag léamh a gcuid filíochta, mar shampla Liam Ó Muirthile, Gearóid Mac Lochlainn, Caitríona Ní Chleircín, Nuala Ní Dhomhnaill.

Tá amhráin agus filíocht na Gaeilge le cluinsint ar shuíomh Roinn an Bhéarla – rud nach bhfuil in ollscoil ar bith eile sa tír!

Ba léir go ndeachaigh an chónaitheacht go mór i bhfeidhm ar údaráis na hollscoile nuair a tugadh cuireadh dom dul ar thuras oifigiúil earcaíochta go dtí an India le leas-seansailéir na hollscoile, an tOllamh Peter Gregson, ceann Roinn an Bhéarla, Ed Larrissy agus na filí, Michael Longley agus Ciaran Carson.

Freagraíonn sin do cheist faoi stádas na cónaitheachta, ach sa bhreis air sin bíonn an tsíorobair ar gach gné d’fhorbairt na n-amhrán agus na hamhránaíochta i gCúige Uladh i measc an phobail.

Tá an chuid eile den agallamh seo le Pádraigín Ní Uallacháin le fáil in eagrán na Bealtaine 2013 de An tUltach.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s