Cuimhní ar Aodh Mag Eoin

Aodh Mag Eoin

 

Tá bliain ann ó fuair Aodh Mag Eoin bás. Theagasc sé an Ghaeilge do  mhórán scoláirí thar na blianta i nDoire agus i Rann na Feirste. Seo a leanas an óráid a thug a chara Pádraig Ó Baoighill ag a uaigh i Reilig na Cathrach, Doire ar 3ú Nollaig 2010.

Is ar mo chrann-sa a thiteann sé inniu ómós a thabhairt d’Aodh Mag Eoin, fear a d’oibir go dílis dícheallach le cuidiú leis an teanga Ghaeilge agus achan ghné den chultúr Ghaelach a chur chun cinn i rith a shaoil.

Mar ghasúr óg i mBéal Feirste, ba é an t-aon duine clainne é ag Aodh agus Bríd Mag Eoin i Sráid Plevna ar Bhóthar na bhFál, dís a tháinig ar dtús as an Lorgain, Contae Ard Mhacha. Chuaigh sé go Bunscoil Naomh Finín, Coláiste Mhaolmhaodhóg agus Ollscoil na Banríona, áit ar bhain sé an chéad áit amach i gcéim Cheiltíse i 1949. Theagasc sé ar feadh tamaill i mBunscoil Naomh Maitiú sa Trá Ghearr agus chaith sé bliain fosta ag déanamh staidéir i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 1949-50.

Go luath ina shaol chuaigh sé go Cumann Chluain Ard, an dream a rinne an oiread sin do chur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí an stócach óg ina bhall de Chomhaltas Uladh, de Chonradh na Gaeilge, de Ghlún na Buaidhe agus bhí sé ina chisteoir ar Choimisiún na Rincí Gaelacha.

D’ainneoin gurbh as Béal Feirste é ba go Doire a chuaigh sé le post a fháil mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Cholm Cille i 1950 agus ba i gcathair ársa Dhoire a chaith sé an chuid eile dá shaol. Bhí Coláiste Cholm Cille an-láidir ó thaobh na Gaeilge an t-am sin – an tAthair Proinsias Ó Flaitheartaigh mar Uachtarán air (fear a bhí ina uachtarán ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste fosta), Seán Mac Congáil, Réamonn Ó Gallchóir agus Aodh. ‘Na Ceithre Máistrí’ a tugadh orthu.

Chuaigh mórán daltaí ón Choláiste seo ar scoláireachtaí go Gaeltacht Thír Chonaill, bhuaigh siad comórtais díospóireachta Gael Linn agus bhuaigh beirt mhac de chuid Sheáin Mhic Congáil Boinn Óir Gael Linn agus scoláireachtaí dhá mhí go Rann na Feirste. Is duine acu sin Nollaig Mac Congáil a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus a bhfuil an méid sin oibre déanta aige ar scríbhinní Shéamuis Mhic Grianna, ‘Máire’.

Theagasc Aodh iad sin uilig agus ghlac sé páirt ghníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa chathair i gCraobh Sheáin Uí Dhubhláin de Chonradh na Gaeilge, Doire. Bhí suim mhór aige sa drámaíocht agus chuidigh sé leis an chraobh áitiúil nuair a bhí siad ag glacadh páirte i bhFéile Drámaíochta Dhún Geanainn.

Bhí suim aige sa taisteal fosta agus is beag Gaeltacht sa tír nach dtug sé cuairt air. Chuaigh sé thar lear chomh maith go dtí an Róimh, an Tír Naofa, an Iodáil, Meiriceá, Albain agus áiteacha eile. Le linn dó bheith in Albain bhuail sé le muintir Rann na Feirste a bhí ina gcónaí ansin.

Ach cá bith fán taisteal, bhí áit amháin a dtug sé toil dó i dtús an tsaoil agus diomaite de bhliain amháin a bhí sé thar lear, chaith sé achan bhliain eile i Rann na Feirste i rith an tsamhraidh.

Is dóigh liom gur in 1943 a chuaigh sé go Rann na Feirste ar dtús mar scoláire ag freastal ar Choláiste Bhríde. Bhí sé ag teagasc sa choláiste nuair a bhuail mise leis ar dtús i 1951 agus lean sé ar aghaidh go dtí gur éirigh sé as dornán blianta ó shin. Bhí sé mar scrúdaitheoir do Theastas Rann na Feirste ar feadh na mblianta, mar theagascóir snámha agus mar eagraitheoir ar Thóraíocht na Taisce agus ócáidí eile go dtí an deireadh.

Bhí an-mheas air i Rann na Feirste agus bhí aithne ag muintir an bhaile uilig air, sean agus óg, agus is cruthú é sin go bhfuil go leor acu anseo inniu. Mar an gcéanna bhí dáimh mhór aige leis na múinteoirí agus ba mhinic iad i gcuideachta a chéile ag cuairteanna sóisialta agus coirmeacha. Bhí sé i gcuideachta na seanchaithe go minic, Seán Bán Mac Grianna, Micí Sheáin, Neidí Frainc, Joe Johnny agus John Phadaí Hiúdaí. D’ainneoin go raibh Aodh 83 bliain d’aois nuair a fuair sé bás, bhí sé ógánta ina dhearcadh agus chuidigh sé le mórán mac léinn nuair a bhí siad ag déanamh scrúduithe agus tráchtas. Rinne Coiste an Choláiste bronntanas speisialta air roimh éirí as dó agus thug Club Óige Rann na Feirste urraim mhór “Gradam Dheireadh Seachtaine na Gaeilge” dó in 2006.

Bhí sé ar an duine ba údarásaí, ba chirte agus ba chruinne ar ghramadach na Gaeilge dá fios domh. Lorg sé caighdeán ard ach rinne sé cinnte ag an am céanna go raibh Gaeilge Chúige Uladh á caomhnú aige, ach bhí eolas agus meas aige ar na canúintí eile chomh maith. Ba mhór a chuidiú don scríbhneor seo thar na blianta agus mar a dúirt an Sagart Ó Doibhlin inniu bhí cuimhne as cuimse aige agus bhí sin aige go deireadh. Bhí ceird an mhúinteora go smior ann agus cuimhne iontach aige go lá a bháis.

Nuair a bhí an Dr Tomás de Bhaldraithe ag obair ar an Fhoclóir Béarla-Gaeilge sna daicheadaí bhí Aodh Mag Eoin ar dhuine den fhoireann Ultach a bhíodh ag cuidiú leis agus bhí baint aige fosta le leabhair eile ar ghramadach na Gaeilge. Fear caoin uasal a thug cuidiú do mhorán, is mór amach an chaill é do ghluaiseacht na Gaeilge ach bheidh rian a sheirbhíse ar go leor.

Tá sé beagnach trí scór bliain ó bhuail mé ar dtús le hAodh ag ceiliúradh 25 bliain Choláiste Bhríde Rann na Feirste i 1951. B’iomaí uair a bhuail mé leis ansin agus i nDoire ina dhiaidh sin. Lá amháin a raibh mé ag obair in Inis Eoghain agus Seán Bán Mac Grianna liom, dúirt Seán go raibh cuireadh aige ó Aodh a dhul chuig Oíche Ghaelach a bhí le bheith i gColáiste Cholm Cille an oíche sin. Chuaigh muid ansin agus bhí na múinteoirí uilig a luaigh mé ann agus na gasúraí a bhíodh i gColáiste Bhríde ag rince agus ag canadh go meán oíche. Oíche Ghaelach den scoth a bhí ann agus thug muid ar n-aghaidh ar Rann na Feirste go maith i ndiaidh an mheán oíche.

Is beag leabhar de mo chuid nach raibh baint ag Aodh leo ó thosaigh mé ar an scríbhneoireacht lán-aimseartha cúig bliana déag ó shin. B’iomaí cuairt a thug mé anuas Loch Feabhail go dtearn muid ar gcuid oibre agus go dtug muid cuairt ar an Clarendon, Óstán an City, Tinney’s nó Beckett’s. Nuair a bhí an deis againn ansin agus leabhar foilsithe ba ghnách linn a dhul síos go hInis Eoghain agus lá nó dhó a chaitheamh ansin. Bhí sé dochreidte an aithne a bhí aige ar dhaoine agus an chuimhne a bhí aige orthu. Má chuir mé teaghlach in aithne dó bí cinnte gur theagasc sé duine de na gasúraí i gColáiste Cholm Cille nó duine de na cailíní i gColáiste Bhríde Rann na Feirste.

Ba é a sheol an leabhar deireanach de mo chuid Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus roimhe sin bhí sé liom go dtí na Cruacha Gorma do sheoladh an leabhair sin i dTábhairne an Ghleanna, Na Grianáin, Na Gleanntaí. Bhain sé an-sult as an oíche sin agus chuir muintir na gCruach an-fháilte roimhe. Bhí mé ag caint leis ar an fhón dhá uair ar an lá sula dteachaigh sé chun na hotharlainne agus char shamhail mé ar dhóigh ar bith go raibh sé chomh gar don bhás.

Sula gcríochnóidh mé ba mhaith liom fáilte agus buíochas a chur in iúl do roinnt daoine:

–      do na gaolta, Bean Mhic Giolla Fhiondáin, an Lorgain, Contae Ard Mhacha agus a teaghlach;

–      do Risteard Mac Gabhann, a bhean Joan agus a dteaghlach as é a fhaire mar ba chóir agus féile agus fáilte a chur roimh na daoine uilig a thug cuairt;

–      do Pat Cutliffe a bhí aige go minic agus a bhí leis do dtí an deireadh agus do na banaltraí a thug cúram dó;

–      do Peter McCarrick agus a theaghlach nó ba ag a mháthair a d’fhan Aodh an chéad uair a tháinig sé go Doire agus níl Nollaig ó shin nach dteachaigh sé ann do dhinnéar na Nollag;

–      do Phádraig Ó Mianáin agus Marcas Ó Murchú a rinne an ceol agus gach duine a bhí páirteach san aifreann;

–      don Athair Ciarán Ó Doibhlin, don Athair Pádraig Ó Baoighill agus do na sagairt eile a léigh aifreann an mhairbh, chomh maith leis an Easpag Ó hÉigeartaigh agus a chúntóir a dúirt na paidreacha ag aistriú an choirp oíche Dhéardaoin

–      agus dá chara saoil, Méabha Ní Chriagáin, a raibh sí féin agus a teaghlach i dteagmháil leis go deireadh.

Níl ansin ach daoine a raibh mé i dteagmháil leo le gairid agus glacaim mo leithscéal le mórán eile a bhí go maith dó.

Is mór an chaill fear dá chumas, dá chaoineas agus dá chroíúlacht a bheith imithe uainn go cré na cille. Crothnóimid go mór é agus beidh smál ar lasair an Fheabhail ar mo theacht ar ais. Ach fiú más sin mar atá ní dhéanfar dearmad den fhear uasal seo go deo na ndeor. Ár mbeannacht leat a Aoidh Mhig Eoin agus tú i gcré na cille anseo i gCathair ársa Cholm Cille agus Nollaig na bliana ag tarraingt orainn agus gura geal do lóistín i measc na scoláirí ar neamh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s